Leasuithe maidir le cúrsaí tithíochta agus bonneagair molta ar bhille Údarás na Gaeltachta

Tá an freasúra ag iarraidh go gcuirfí leis na cumhachtaí atá ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh cúrsaí tithíochta agus leasuithe á moladh acu ar dhréachtreachtaíocht

Leasuithe maidir le cúrsaí tithíochta agus bonneagair molta ar bhille Údarás na Gaeltachta

Ag moladh cumhachtaí breise maidir le cúrsaí tithíochta a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta atá formhór na leasuithe suntasacha atá molta ag an bhfreasúra ar bhille an Údaráis agus an reachtaíocht le teacht os comhair na Dála arís faoi dheireadh.

Mí Iúil seo caite a pléadh An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 i dTeach Laighean go deireadh agus athbhunú thoghchán an Údaráis mar phríomhsprioc ag an reachtaíocht a bhí á moladh.

Is in 2020 a gealladh ar dtús go dtabharfaí ar ais an toghchán do bhord an Údaráis ach d’fhág an mhoill ó shin nár tharla an toghchán anuraidh mar a bhí beartaithe ag an rialtas deireanach.

Tá cumhachtaí sonracha i leith cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht le tabhairt don Údarás faoin mbille ach tá an freasúra ag iarraidh go gcuirfí leis na cumhachtaí sin agus leasuithe á moladh acu ar an dréachtreachtaíocht.

Léirigh Sinn Féin agus an grúpa feachtais BÁNÚ díomá roimhe seo maidir leis na cumhachtaí nua i dtaobh cúrsaí tithíochta atá le tabhairt d’Údarás na Gaeltachta faoin mbille agus é ráite gur “sop in áit na scuaibe” a bhí iontu.

Deirtear sa mbille go bhféadfadh Údarás na Gaeltachta talamh a dhíol, nó a thabhairt ar lámh ar shlí eile, le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le húdarás tithíochta ar mhaithe le tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht.

Tá Sinn Féin ag moladh go ndéanfaí comhlacht tithíochta ceadaithe den Údarás féin agus go mbeadh sé “mar chuspóir ag an gcomhlacht sin tithíocht shóisialta agus inacmhainne a sholáthar do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht”.

Táthar freisin ag iarraidh go mbeadh an chumhacht ag an Údarás freisin chun talamh nó tithíocht “a cheannach nó a fháil ar cibé téarmaí, agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí agus go mbeadh an chumhacht aige gach saoráid is gá a chur ar bun chun tithíocht a fhorbairt”.

Tá na Daonlathaithe Sóisialta agus an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly ag tacú leis an leasú sin agus é molta acu chomh maith go n-áireofaí an tÚdarás mar údarás tithíochta.

Tá Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta agus Catherine Connolly ag iarraidh go n-ullmhóidh an tÚdarás, i gcomhairle le húdaráis áitiúla, le Roinn na Gaeltachta, agus leis an Roinn Tithíochta, ‘Straitéis Daonra agus Tithíochta Gaeltachta’ tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis achtú an bhille, straitéis ina leagfaí amach “spriocanna soiléire intomhaiste chun fás inbhuanaithe na bpobal Gaeltachta a chinntiú agus chun soláthar cuí tithíochta a chinntiú chun tacú leis an bhfás sin”.

Táthar ag iarraidh go ndéanfaí uasdátú ar an straitéis gach cúig bliana ina dhiaidh sin.

Tá Sinn Féin ag moladh chomh maith go mbeadh díol an dara teach a bheadh ag duine i gceantair Ghaeltachta saor ón dleacht stampála chomh fada is go ndíolfaí an teach le cainteoirí Gaeilge, le daoine a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht nó le comhlacht ceadaithe tithíochta leis an teach a thabhairt ar cíos do Ghaeilgeoirí agus táthar ag iarraidh go n-ullmhódh Aire na Gaeltachta tuarascáil faoi na buntáistí a bhainfeadh lena leithéid de dhíolúine.

Baineann cúpla leasú eile le bonneagar na Gaeltachta. Léirigh cuid de phobal na  Gaeltachta frustrachas agus fearg maidir le freagra na n-údarás ar an scrios a rinne Stoirm Éowyn ag tús na bliana.

Dá nglacfaí le leasú eile de chuid Shinn Féin, bheadh ar Údarás na Gaeltachta iniúchadh a dhéanamh “ar fhadhbanna bonneagair sa Ghaeltacht, le haird ar na córais iompair, uisce, séarachais, fuinnimh, leictreachais, agus cumarsáide”.

Mar thoradh ar an iniúchadh sin, dhéanfaí moltaí faoin gcur chuige agus an maoiniú a bheadh ag teastáil chun tabhairt faoi na fadhbanna sin a réiteach.

Molann leasú eile go rachadh an tÚdarás i gcomhairle le Uisce Éireann, Bord Soláthair an Leictreachais, Líonraí Gáis Éireann, na húdaráis áitiúla, na Ranna Rialtais agus tuilleadh nach iad chun straitéis a ullmhú chun na fadhbanna seirbhíse “atá ag cur bac ar fhorbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúir an phobail” sa nGaeltacht a aithint “agus beidh sé de dhualgas ar na heagrais stáit thuasluaite go léir gníomhú dá réir.”

Díríonn roinnt leasuithe eile ar chomhdhéanamh bhord an Údaráis.

Faoin struchtúr nua atá beartaithe ag an Rialtas, 16 comhalta a bheidh i gceist, seachas 12 mar atá faoi láthair, agus déanfaidh an pobal deichniúr díobhsan a thoghadh. Roghnófar an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí.

Toghfar triúr chun an bhoird ó cheantar Gaeltachta na Gaillimhe, beirt ionadaithe a bheidh ag Dún na nGall agus beidh ionadaí amháin ag na cúig chontae Gaeltachta eile.

Aire na Gaeltachta a roghnóidh Cathaoirleach an Bhoird as measc na gcomhaltaí. Roimhe seo, baill roghnaithe a cheaptaí ina gCathaoirleach ach beidh cead ag baill tofa anois a bheith sa ról sin.

Tá Sinn Féin ag iarraidh go mbeadh na comhaltaí uile ar Bhord Údarás na Gaeltachta tofa ag an bpobal agus go mbeadh ar a laghad comhalta amháin ó gach ceantar Gaeltachta tofa air. D’fhágfadh sin go mbeadh bord i bhfad níos mó ann agus 26 comhalta ar fad air. Tá Sinn Féin ag iarraidh freisin go mbeadh comhalta gan vóta tofa ar an mbord mar ionadaí ar son oileáin na Gaeltachta. Tá an páirtí ag moladh chomh maith go ndéanfaí cathaoirleacht agus leaschathaoirleacht an bhoird a mhalartú idir comhaltaí uair sa mbliain agus go ndéanfaí cinnte de gur ó chontaetha éagsúla a thiocfadh an bheirt.

Má tá comhaltaí le ceapadh ag Aire na Gaeltachta, tá an freasúra ag moladh leasú a d’fhágfadh go gcaithfeadh saineolas a bheith acu i gceann de na réimsí seo a leanas – pleanáil teanga; cur chun cinn na Gaeilge; fiontraíocht agus cruthú fostaíochta; forbairt pobail; cur chun cinn na n-ealaíon teanga-bhunaithe; nó an earnáil teaghlaigh.

Deirtear sa dréachtreachtaíocht nach mbeidh duine incheaptha ná intofa mura rud é go mbeidh sé nó sí inniúil i nGaeilge agus “ábalta gnó an Údaráis a sheoladh trí mheán na Gaeilge”.

Deirtear gur faoin Aire a bheidh sé an leibhéal inniúlachta i nGaeilge is gá a bheith ag duine a shocrú agus bainfear leas as an gcóras caighdeán ar a dtugtar an Creat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha.

Tá Sinn Féin ag iarraidh gur leibhéal B2 faoin gChomhchreat Tagartha Eorpach um Theangacha a bheadh i gceist ach nach mbeadh ar “cainteoirí dúchais Gaeilge” scrúdú a dhéanamh.

Le linn an phlé faoin dréachtreachtaíocht in 2023, léiríodh imní go gcuirfeadh scrúdú Gaeilge d’iarrthóirí toghcháin cainteoirí dúchais ó dhoras.

Faoin mbille, beidh cead ag comhairleoirí contae seasamh sa toghchán agus a bheith ina mball den bhord ach tá Sinn Féin ag iarraidh nach mbeadh cead ag comhairleoirí contae a bheith ina gcomhaltaí ar bhord an Údaráis.

De réir na reachtaíochta atá molta, beidh ionadaíocht chomh maith ag comhairleoirí contae ar na trí choiste réigiúnach a bheidh le bunú d’fhonn an nasc idir an bord agus pobal na Gaeltachta a láidriú.

Níl aon rud ráite sa bhille faoi chothromaíocht inscne ar an mbord, an cheist is mó a luadh leis an moill a bhí ar an reachtaíocht.

65 leasú ar fad atá molta ar an mbille. Tá breis is leath acu déanta ag Aire na Gaeltachta ach is leasuithe teicniúla formhór mór acu.

Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta.

Fág freagra ar 'Leasuithe maidir le cúrsaí tithíochta agus bonneagair molta ar bhille Údarás na Gaeltachta'