Tá maoiniú £1.8m (€2.1m) breise fógartha ag Rúnaí Airgeadais na hAlban, Shona Robison, d’fhorbairt na Gàidhlig. Fágann an t-ardú seo go mbeidh £36.8m (€42.5m) ar fáil don Ghàidhlig i mbuiséad na bliana seo idir mhaoiniú díreach ó Rialtas na hAlban do thograí Gàidhlig agus mhaoiniú a chuirfear ar fáil trí na húdaráis áitiúla.
Tugadh isteach reachtaíocht nua teanga in Albain anuraidh trínar tugadh stádas oifigiúil don Ghàidhlig agus don Bhéarla Gallda den chéad uair. Níor tugadh aon leid i bhfógra na seachtaine seo, áfach, faoin gcaoi a gcaithfear an t-airgead breise seo nó an úsáidfear ar chor ar bith é leis an reachtaíocht nua a chur i bhfeidhm.
Tá plé fós le déanamh ag Rialtas na hAlban leis na húdaráis áitiúla le gnéithe áirithe den reachtaíocht nua a dheimhniú – na ceantair atá ‘tábhachtach ó thaobh na teanga de’ ina measc.
Tá bunú “ceantar atá tábhachtach ó thaobh na teanga de” ar cheann de spriocanna na reachtaíochta, foráil a chabhróidh le polaiteoirí na hAlban “polasaithe a thacóidh le fás na teanga” a chur i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtaí.
Is éard is “ceantar atá tábhachtach ó thaobh na teanga de” ann de réir an dlí nua ná “ceantar a bhfuil líon suntasach daoine ann a bhfuil scileanna Gàidhlig acu” (20% den daonra); ceantar nach bhfuil go leor cainteoirí Gàidhlig ann ach a bhfuil “ceangal stairiúil” aige leis an teanga; ceantar a bhfuil an t-oideachas trí Ghàidhlig ar fáil ann; nó ceantar ina mbíonn “imeacht suntasach a bhaineann leis an nGàidhlig nó leis an gcultúr Gaelach” ar siúl.
Caithfidh na húdaráis áitiúla in Albain cinneadh a dhéanamh faoi thús mhí na Nollag i mbliana cé acu an bhfuil nó nach bhfuil aon cheantar atá faoina gcúram, nó cuid de, sa chatagóir sin. Nuair a bheidh an cinneadh sin déanta, beifear in ann airgead a infheistiú sna ceantair leis an stádas sin a dhaingniú.
Caithfidh an pharlaimint náisiúnta in Albain glacadh leis an mbuiséad i vóta a bheidh ar siúl i mí Feabhra. Beidh toghcháin ann in Albain i mí na Bealtaine freisin, agus d’fhéadfadh athrú rialtais tionchar a imirt ar bhuiséadú na Gàidhlig sa bhliain amach romhainn freisin.
Fág freagra ar 'Ardú £1.8 milliún ar bhuiséad na Gàidhlig in Albain'