Arb aon iontas leisce a bheith ar mhná éirí as an leaba maidineacha áirithe? 

Saoránach den dara grád í an bhaineannach - tá a chruthú san againn gach lá den tseachtain

Arb aon iontas leisce a bheith ar mhná éirí as an leaba maidineacha áirithe? 

Nuair is baineann duit, bíonn laethanta ann agus léimfeá amach as an leabaidh le flosc is le fonn, laethanta eile ní bheadh an fuinneamh agat do cheann a chur thar tairsing amach.

Bhí cuid mhaith den dá shórt lae againn le tamall anuas. 

Éigneoir ciontaithe a’ fáil na ngártha molta ó fhearaibh ghustalacha ghnó i nDaingean Uí Chúise.

An ógbhean sa chás a’ fáil aird mholtach thuisceanach sna mórmheán, leithéidí Joe Duffy RTE agus Róisín Ingle an Irish Times.  

Bheadh súil agat go raibh sólás beag éigin san méid san aici.

Ionad Tacaíochta do dhaoine a d’fhulaing íde ghnéis agus éigniú i gCiarraí a’ tairiscint ceachtanna traenála i ‘tuiscint, mothálacht agus feasacht’ do bhaill Chumann Lúthchleas Gael. 

Caithfidh fearaibh fiúntacha labhairt amach, arsa Vera O’Leary, stiúrthóir an Ionaid.

Ní fios ar glacadh nó nár glacadh leis an dtairiscint fós. 

Cén saghas tógaint a fhaigheann fearaibh na dúichí is na tíre go ginearálta go gcaithfí a leithéid de bheart a chuir i ngníomh?  

Cé aige atá freagra na ceiste san?

Don gcéad uair le ceithre chéad is a fiche naoi bliain, toghadh Ceannasaí /Propast baineann ar Choláiste na Tríonóide. Corcaíoch mná Linda Doyle, bean an mhisnigh. 

Sheas sí go neamheaglach agus tógadh a pictiúr os comhair dealbh thoirtéiseach an Neanderthal fir George Salmon a dhearbhaigh siar amach gur túisce a raghadh sé fén bhfód sara gceadódh sé bean isteach sa choláiste iomráiteach céanna.

Súil againn gur ag iompó is ag casadh fén gcré atá sé inniu.

Nára fada ach oiread go leagtar go talamh an dealbh náireach chéanna. 

An marcach Rachael Blackmore ó Chill Náile i dTiobraid Árann ag cnagadh is a’ smiotadh síleáil ghloine dhomhan rásaíocht chapall go gliondrach gealgháireach.  Ardú croí féachaint uirthi i mbun a cúraim. An mbeidh a leithéid arís ann?

Ábhar dóchais do chailíní is marcaigh óga ban í cinnte.

Sin scéalta a chuirfeadh sciatháin áthais ar aon bhean. 

Ach ar eagla go gcaillfeá an ceann, a chailín, téir chomh fada le canáil Suez agus an útamáil a tharraing an t-árthach mór lastais  ‘Ever Given’ a chuaigh greamaithe sa ghaineamh ansin le déanaí. Luach na gcéadta milliún punt  táirgí agus earraí sáinnithe, gan aon síos ná suas acu. Gan trácht air sall ná anall.

Cuireadh an milleán ar an gCaptaen Marwa Elselehdar gurb ise ná raibh fios a cúraim aici ba chúis leis an óspairt.  Bhí aon rud beag amháin bunoscionn leis an milleánú ban seo.

Bhí ná raibh sí in aon ghiorracht don áit. Í  cúpla céad míle ó bhaile a’ stiúradh long lastais eile go gairmiúil cumasach. 

Ach in am an ghátair… cherchez la femme.

Tugann sé san go dtí an tráchtas breá a chuir an ceoltóir Una Monaghan le chéile bunaithe ar thaithí phearsanta bhreis is cheithre fichead bean i réimse an cheoil thraidisiúnta. Ní chuireann sí fiacail ann.

‘A macho scene,’ a deir sí. 

Canathaobh go mbeadh iontas ar éinne gur mar sin atá? Nach scáthán ar an saol mar atá sé do leath de dhaonra an domhain atá sa chuntas san.

Saoránach den dara grád í an bhaineannach. Tá a chruthú san againn gach lá den tseachtain.

Ó cuireadh an milleán ar Éabha i ngairdín Pharthais fadó faoi Ádhamh a mhealladh, toisc gan aon smacht a bheith ag an gcréatúir bocht san ar a mhianta collaí is amhlaidh atá.

Arb aon iontas leisce éirí as an leabaidh ar chuid againn maidineacha áirithe seachas a chéile? 

Fág freagra ar 'Arb aon iontas leisce a bheith ar mhná éirí as an leaba maidineacha áirithe? '

  • Ádhamh

    Bíonn leisce ar gach éinne maidneacha áirithe, idir fhearaibh is mhná!

    Táimid ar fad ag éisteacht leis an seanaphort so le blianta fada. Ná fuil sé in am athrú agus léamh ábhairín níos doimhne a dhéanamh ar an saol ná sinn go léir a dheighilt ar bhonn inscne an t-am go léir.

    Le linn don ‘Neanderthal’ úd a luas tú a bheith ina phrobhast ar CnaT bhí formhór na nÉireannach, idir fhearaibh is mhná, fé chois agus bhí impireacht na Breataine in aoirde a fholláin. Níl aon amhras ná gur drochdhuine ab ea é ach an oiread le formhór na n-uaisle a bhí ar aontuairim le húdarás na himpireachta.

    Dála an scéil, bheadh formhór na n-uaisle atá inniubh ann, an cleas céanna atá ag marú na Gaeltachta ó bunaíodh an Stát so, ar aontuairim le dearcadh an ailt seo. Níl aon rud nua ná réabhlóideach ag an ndearcadh so a thuilleadh, ach is é an seanacharúl meirgeach céanna aríst é agus é foghlaimthe go dianmhaith aigenár bpolaiteoirí go léir.

    Mar le ceol, is iomadha bean a déarfaidh leat ná braitheann siad gur ‘macho scene’ in aon chor é agus is iomdha fear a labhrann amach i gcoinne na bhfear go mbíonn drochiompar acu. Ach tugtar cluas bhodhar dosna glórtha san. Is iomadha saghas a sheimeann ceol traidisiúnta na hÉireann agus is é an trua go gcaitear anuas ar cheoltóirí breátha mar ná fuil ‘dóithin ban’ ina measc. Bíonn ‘machos’ agus asail ann i ‘s gach aon réimse, fé mar a bhíonn drochmhná leis ann.

    Ní saoránach den ndara grád í an bhaineannach. Is saoránaigh sinn go léir agus is amhlaidh a bhíonn buntáistí áirithe aigesna fearaibh agus buntáistí eile aige mná. Ní hionann sinn agus ní cheart gob ea, táimid ábhairín deifriúil.

    Faraoir, dá mhéid a déantar na deifríochtaí idir fhearaibh is mhná a mhaolú ar leibhéal na dlí dhe is ea is mó a fhásann na deifríochtaí eadrainn.

  • Séamas Mac Coitir

    Níl aon amhras ná gur caitheadh go dona le mná san am a caitheadh – buíochas le Dia tá an ré sin thart. Tá siad in ann seasamh gualainn ar ghualainn in aice leis na fir sa lá atá inniu ann. Níl gairm bheatha ar bith go mbíonn drogall orthu tabhairt faoi, mar shampla, tuíodóirí, clochadóirí, brícéirí, gaibhne/crúdóirí, tréidlianna, agus a lán eile.

    Is cuimhin liom go maith an lá nuair a bhíodh ar mháithreacha 5 seachtainí, nó, mar sin, tar éis dóibh leanbh a thabhairt ar an saol dul go dtí an Séipéal gléasta go cuí, chun go mbeannófaí iad. Bhíodh an sagart ag fanacht léi ag doras an tSéipéil, thabharadh sé coinneal lasta di, agus déanadh sé í a thionlacan go dtí an altóir. Ansin, cuireadh sé fíor na croise ar a héadan, agus beannaíodh sé í in ainm an Athar, agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Áiméan.

    Is deasghnáth íonghlanta Giúdach a bhí ann agus cuireadh deireadh leis ar fad sna blianta 1965/’67.

    Tréaslaím ó chroí le Seosaimhín Ní Bheaglaoich, as an alt breá a scríobh sí sa chás seo. Mo sheasamh uirthi!