Ar an gClochán i gcontae na Gaillimhe a díoladh an ticéad a bhuaigh €7.3 milliún sa Chrannchur Náisiúnta ar an Satharn

Neart tuairimíochta ach gan aon eolas cinnte fós faoin siopa inar díoladh an ticéad buacach

Ar an gClochán i gcontae na Gaillimhe a díoladh an ticéad a bhuaigh €7.3 milliún sa Chrannchur Náisiúnta ar an Satharn

Amárach a fhógróidh an Crannchur Náisiúnta ainm an tsiopa ar an gClochán i gcontae na Gaillimhe inar díoladh an ticéad buacach arbh fhiú €7.3 milliún é i gcrannchur an tSathairn seo caite.

Is iad na huimhreacha a bhí i gceist – 03, 07, 18, 36, 40 agus 42 agus 16 mar uimhir bhreise.

Dheimhnigh an Crannchur Náisiúnta nach ndearna an buaiteoir aon teagmháil leo fós.

Dúirt siopadóir amháin as an gClochán le Tuairisc.ie tráthnóna go raibh neart tuairimíochta sa cheantar faoin siopa a dhíol an ticéad ach nach raibh aon eolas cruinn ar bith ar fáil fós.

Tá an baile ag cur thar maoil le turasóirí faoi láthair, a dúirt an siopadóir, agus ní fios fós an ar chuairteoir nó ar dhuine as an áit a bhí an t-ádh oíche Dé Sathairn.

Seo an t-ochtú duais ollmhór sa Lotto go dtí seo i mbliana agus an 96ú uair go ndeachaigh an phríomhdhuais go contae na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'Ar an gClochán i gcontae na Gaillimhe a díoladh an ticéad a bhuaigh €7.3 milliún sa Chrannchur Náisiúnta ar an Satharn'