‘Anois teacht an earraigh…’ – is ar Dé hAoine an 26 Feabhra a reáchtálfar olltoghchán 2016

Dáta an olltoghcháin fógartha ag an Taoiseach Enda Kenny agus é imithe dul go dtí Áras an Uachtaráin chun iarraidh ar Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins an 31ú Dáil a lánscor

Screen Shot 2016-02-03 at 10.38.04

Is ar Dé hAoine an 26 Feabhra a reáchtálfar olltoghchán 2016.

Dheimhnigh an Taoiseach Enda Kenny ar a chuntas Twitter ar maidin gur ar an lá sin a rachaidh an pobal ag vótáil sa 40 dáilcheantar sa stát.

Roimhe sin, thug sé le fios don Dáil go raibh sé i gceist aige í a lánscor.

Agus an fógra sin á dhéanamh aige, tharraing an Taoiseach chuige féin líne as dán cáiliúil Raiftearaí – ‘Anois teacht an earraigh/beidh an lá ag dul chun síneadh/ Is tar éis na féil’ Bríde ardóidh mé mo sheol.’

Ina dhiaidh sin, chuaigh an Taoiseach chuig Áras an Uachtaráin mar ar iarr sé ar Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins an 31ú Dáil a lánscor.

Ba é Dé hAoine an 26 Feabhra ba mhó a bhí á lua leis an toghchán le fada cé go raibh roinnt cainte ann le tamall anuas gur ar an lá roimhe, Déardaoin an 26 Feabhra, a dhéanfaí é a ghairm toisc imní a bheith ar lucht Fhine Gael go mbeadh scata dá lucht leanúna ag triall ar Shasana do chluiche rugbaí ar an Aoine.

Cé go bhfuil gothaí troda á gcur orthu féin le tamall ag na páirtithe agus na hiarrthóirí a bheidh san iomaíocht do shuíocháin sa 32ú Dáil, is as seo go ceann trí seachtaine a luífear isteach ceart ar na hiarrachtaí dul i bhfeidhm ar an bpobal.

166 suíochán atá sa Dáil faoi láthair ach 158 suíochán a bheidh ann sa 32ú Dáil, agus móramh de 79 suíochán a theastóidh chun rialtas a bhunú.

Cé go measann formhór na dtráchtairí go mbeidh Fine Gael i rialtas an athuair tar éis an toghcháin, i bhfianaise na bpobalbhreitheanna beidh tacaíocht ag teastáil uathu chun móramh a bhaint amach.

De réir na ngeallghlacadóirí is é is dóichí ná gur comhrialtas idir Fine Gael agus Fianna Fáil a bheidh ann i ndiaidh an toghcháin. 13/8 an praghas atá á thabhairt ar a leithéid de shocrú, in ainneoin go bhfuil sé curtha as an áireamh ag Fianna Fáil.

5/2 an praghas atá á thabhairt ar atoghadh an chomhrialtais idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre agus 9/2 an praghas atá á thairiscint ar rialtas mionlaigh Fhine Gael.

Ina dhiaidh sin, tá 12/1 á thabhairt ar rialtas idir Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus Renua agus 14/1 atá á thabhairt ar rialtas idir Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus na Daonlathaigh Shóisialacha. 20/1 atá á thairiscint ar rialtas idir Fianna Fáil agus Sinn Féin.

Fág freagra ar '‘Anois teacht an earraigh…’ – is ar Dé hAoine an 26 Feabhra a reáchtálfar olltoghchán 2016'