Tá Babhta 18, an babhta deiridh de bhabhtaí réamhcháilithe an URC linn faoi dheiridh!
Imreoidh aon fhoireann a chríochnaíonn san ochtú háit nó níos airde ar thábla an chomórtais ag deireadh an bhabhta seo sna cluichí ceathrú ceannais agus níos tábhachtaí fós, i gcomórtas Chorn na gCuradh an chéad séasúr eile seachas a bheith ag imirt i gCorn an Dúshláin, áit nach saothraíonn na clubanna an oiread airgid.
Fiú roimh imirt chluichí an deireadh seachtaine seo bhí fhios againn go raibh rás Chonnacht rite. Fiú má bhíonn an lámh in uachtar le ceithre úd acu ar Zebre amárach san Iodáil ní féidir leo an t-ochtú háit órga sin a bhaint amach. Seans gur sólás dóibh go mbeidh deireadh le ceann de na séasúir is measa a bhí ag foireann na Gaillimhe le fada an lá. Caithfidh siad díriú anois ar an séasúr atá le teacht agus na deacrachtaí maidir le cúrsaí bainisteoirí agus imreoirí a chur de leataobh agus tosú as an nua arís.
Tá na hUltaigh, foireann a bheas ag imirt as baile i nDún Éideann anocht, sa mbád céanna. Bhí siad sa dara háit déag ar thríocha a hocht pointe roimh an gcluiche. Fiú má bhíonn an lámh in uachtar acu, ní leor na ceithre nó cúig phointe sin chun an ceathracha a sé pointe atá ag Cúige Mumhan, foireann atá san ochtú háit faoi láthair, a shárú.
Ach an oiread le Cúige Chonnacht, sin sin do na hUltaigh freisin. Agus mar bharr ar an mí-ádh do Chúige Uladh, chinntigh bua Dhún Éideann ar Chonnachta i mBabhta 17 nach scarann ach dhá phointe iadsan agus an t-ochtú háit. Fágann sin go mbeidh oíche fhada agus tástáil chrua i ndán do na hUltaigh anocht. Níl aon dabht faoi ach beidh foireann an bhaile ar thóir bua le cúig phointe agus iad ag brath freisin ar thorthaí i gcluiche eile.
Tá a fhios againn cheana féin go mbeidh Cúige Laighean ag imirt i gCorn na gCuradh an chéad séasúr eile. Beidh áit acu freisin sna babhtaí ceathrú ceannais faoi cheann coicíse. Ag brath ar thorthaí, tá seans fós ag Cúige Mumhan, ach cé a bheas ina gcoinne?
Cúige Laighean atá ar bharr an tábla faoi láthair, agus bearna naoi bpointe idir iad agus na Bulls atá sa dara háit. Fiú má chailleann Cúige Laighean amárach agus iad i gcoinne Ghlaschú in Albain is iad a bheas fós ar bharr an tábla agus tá siad cinnte freisin gur acu a bheas buntáiste an bhaile sa gcluiche ceathrú ceannais i gcoinne pé foireann a chríochnóidh san ochtú háit ar an tábla. Dála an scéil, is iad na Muimhnigh atá san ochtú áhit faoi láthair ach tá sraith iomlán cluichí le n-imirt fós.
I gCorcaigh anocht, beidh mórchoimhlint Bhabhta 18 idir Chúige Mumhan, atá san ochtú háit, i gcoinne Benetton atá sa seachtú áit, ach tá an dá fhoireann ar comhphointí. Is cinnte go mbeidh an dá fhoireann ar a míle dícheall ar thóir bua anocht. Tá fhios ag na himreoirí ar fad go bhfuil an baol ann go mbeidh pé foireann a chailleann an choimhlint seo taobh amuigh den ochtú háit.
Ní iontas ar bith nach bhfuil fáil ar thicéad don chluiche seo. Tá an t-uafás ag brath air, na mílte euro san áireamh, ach seo é an cluiche deiridh i gCorcaigh ag Conor Murray, Stephen Archer agus mórlaoch rugbaí na cathrach, Peter O’Mahony.
Bua do na Muimhnigh dá bhrí sin!
Fág freagra ar 'Anois nó riamh ag na Muimhnigh agus an t-uafás ag brath ar chluichí na hoíche anocht'