ANAILÍS MHÍLEATA: Níl fórsaí na hÚcráine gan a mbuntáistí féin sa Donbas

Deir ár n-anailísí míleata gurb í na fhadhb is mó atá ag fórsaí na hÚcráine san oirthear ná athsholáthar arm agus armlóin

ANAILÍS MHÍLEATA: Níl fórsaí na hÚcráine gan a mbuntáistí féin sa Donbas

An Cogadh sa Donbas

Tar éis d’fhórsaí na Rúise tarraingt siar ó thuaisceart na hÚcráine tá an cogadh dírithe anois ar dhá láthair chogaidh: an t-oirdheisceart lena n-áirítear ceantar an Donbas agus an deisceart. Tá rás ar siúl anois sa Donbas. Ar thaobh amháin tá an rás chun athchóiriú agus atheagrú a dheanamh ar fhórsaí na Rúise chun a bheith ullamh le dul i mbun ionsaí fíochmhar eile agus ar an taobh eile tá rás ar siúl chun athsholáthar a dhéanamh ar fhórsaí na hÚcráine. 

An Rás

Tuairiscítear go bhfuil na Rúisigh faoi bhrú ama chun seilbh a ghlacadh ar an Donbas, nó ar Mariupol ar a laghad, roimh chomóradh chliseadh na Naitsithe a bheidh ar siúl i Moscó ar an 9 Bealtaine. Beidh a lán le déanamh acu chun na grúpaí oirbheartaíochta cathláin a laghdaíodh le linn an chogaidh go dtí seo a athbhunú. Cé nach mbeidh deacrachtaí acu feithiclí armúrtha a athsholáthar beidh sé deacair acu trúpaí breise, ceannairí sóisearacha agus ceannairí sinsearacha a bhfuil taithí acu, a chur le chéile in aonaid mhíleata éifeachtacha. 

Tá trúpaí agus tancanna á n-aslonnú acu ón tuaisceart go dtí ceantar an Donbas. Ach tógfaidh sé am chun na feithiclí armúrtha a aslonnú, na haonaid a athbhunú agus na trúpaí a spreagadh ionas go mbeidh gach rud réidh le dul i mbun catha arís. 

Ceapadh ceannasaí nua ar fhórsaí an oirthir agus an deiscirt roimh an deireadh seachtaine seo caite. Beidh sé ag déanamh a dhíchill na ceachtanna a foghlaimíodh go dtí seo a chur i bhfeidhm go tapa. Beidh sé ag díriú ar chomhoibriú idir na fórsaí éagsúla a chur i bhfeidhm, ar atheagrú a chur i gcrích agus go príomha ar na hionsaithe chun seilbh a ghlacadh ar an Donbas a thosú.

Is é an fhadhb is mó atá ag fórsaí na hÚcráine ná athsholáthar arm agus armlóin. 

Tá feithiclí armúrtha breise á n-iarraidh acu. Meastar nach bhfuil a ndóthain tancanna agus feithiclí armúrtha troda acu chun cosaint cheart a dhéanamh má bhriseann the Rúisigh tríd na línte cosanta. Ní chabhraíonn cinneadh na Gearmáine gan feithiclí armúrtha troda Marder a sholáthar agus cinneadh na Breataine gan tancanna a sholáthar leis an bhfadhb seo. Ach tuairiscítear go bhfuil an Pholainn ag plé 100 tanc T-72 a thairiscint don Úcráin.

Tá carranna armúrtha Bushmaster geallta ag an Astráil agus tá feithiclí armúrtha taiscéalaíochta Mastiff geallta ag an mBreatain, áfach. Is deacair a shamhlú go mbeidh na feithiclí armúrtha seo ar fáil in am le haghaidh an chatha sa Donbas. Anuas air seo bíonn sé deacair trealamh de chineálacha éagsúla a chomhtháthú le trealamh eile ó thaobh páirteanna breise agus soláthairtí de. 

Tuairiscítear go bhfuil armlón le haghaidh airtléire throm á ídiú ag na hÚcránaigh to tapa agus nach bhfuil armlón den chalabra céanna ar fáil. Cé go bhfuil gunnaí airtléire troime de chalabra eile geallta ag na Slóvacaigh mar fhreagra na faidhbe seo níl ach 16 gunna ar fáil. Beidh i bhfad níos mó ná 16 gunna ag teastáil. 

Is léir anois an chúis le hachainíocha práinneacha Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine ag cruinniú mullaigh Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO) an tseachtain seo caite.

Buntáiste sa Donbas

Má tá na Rúisigh faoi bhrú ama tá buntáistí áirithe fós acu sa rás idir atheagrú a bhfórsaí féin agus athsholáthar fhórsaí na hÚcráine. 

Is féidir leo leanúint ar aghaidh le hionsaithe airtléire toisc go bhfeidhmíonn a gcuid airtléire throm ar raon níos faide ná raon airtléire na hÚcráine. Mar gheall air seo beidh siad in ann brú leanúnach a chur ar na hÚcránaigh agus ar bhonneagar an Oirdheiscirt. Cé nach bhfuil ceannas iomlán san aer acu is féidir leo i bhfad níos mó ionsaithe ón aer a dhéanamh ná na hÚcránaigh. Cuirfear leis an mbrú ar na hÚcránaigh mar gheall air seo.

Toisc go bhfuil i bhfad níos mó trúpaí ag na Rúisigh sa láthair chogaidh seo is féidir leo fórsaí taiscéalaíochta a chur ar aghaidh chun cosaintí na nÚcránach a ionsaí agus ag an am céanna is féidir leo leanúint ar aghaidh leis an atheagrú ar an gcuid eile dá bhfórsaí sa chúlra. Tá ionsaithe taiscéalaíochta ag tarlú cheana féin le bogadh a bhfórsaí ó dheas ó Izyum go Slovyansk agus Kramatorsk, áit a ndearnadh ionsaí ar stáisiún traenach an deireadh seachtaine seo caite. Tá na hionsaithe seo mar chuid den straitéis chun fórsaí na hÚcráine a thimpeallú.

Níl fórsaí na hÚcráine gan a mbuntáistí féin sa cheantar. Beidh tionchar nach beag ar an gcath ag meanma an dá fhórsa. Tá na hÚcránaigh in ardmheanma toisc go raibh an bua ag a gcuid comrádaithe sa tuaisceart agus tá siad tiomanta a dtír a chosaint agus an fód a sheasamh. An mbeidh na Rúisigh níos tiomanta chun dul i mbun catha sa cheantar toisc go bhfuil seilbh acu ar chuid den Donbas ó bhí 2014 ann? Má ghéilleann Mariupol, agus tá sin ar na bacáin agus seo á scríobh, an dtabharfaidh sé seo misneach dóibh? 

Tá na hÚcránaigh an-daingnithe i dtrinsí sa cheantar agus is léir ón gcosaint a rinne siad go dtí seo go bhfuil siad in ann cosaint mhaith a dhéanamh. Ach is í an cheist is mó anois ná má bhriseann na Rúisigh trí na línte cosanta sa Donbas an mbeidh an trealamh ag na hÚcránaigh agus an mbeidh sé ar a gcumas a n-eagar comhraic a athrú go tapa chun na Rúisigh a stopadh. 

Deisceart na Tíre 

Má éiríonn leis an Rúisigh sa Donbas beidh cinneadh straitéiseach le déanamh acu – an leanfaidh siad leis an gcéim chun tosaigh agus bogadh i dtreo Dnipro agus an chuid eile d’oirdheisceart na tíre, nó an dtabharfaidh siad a n-aghaidh ar Odesa sa deisceart, nó an dtabharfaidh siad a n-aghaidh ar Kyiv arís, nó an stopfaidh siad? 

Tá limistéar ollmhór i ndeisceart na tíre soir ó Mykolaiv idir Muir Avov agus Abhainn an Dneiper faoi sheilbh na Rúiseach, agus tá sé á dhaingniú acu. Tuairiscítear go bhfuil siad ag earcú riarthóirí ón Rúis, ag gabháil riarthóirí an hÚcráine agus ag cur a ndaoine féin i ngach leibhéal den chóras riaracháin. Gan amhras tá oifigigh áirithe sa cheantar ag comhoibriú leis na Rúisigh chomh maith. Briseadh ginearál de chuid seirbhís faisnéise agus slándála na hÚcráine as a phost in Kherson toisc gur cuireadh ina leith gur chomhoibrigh sé leis na Rúisigh roimh an ionradh agus go luath ina dhiaidh. Cúisíodh an t-ionchúisitheoir poiblí in Mykolaiv, as faisnéis a thabhairt do na Rúisigh mar chúiteamh ar a chuid slándála sa chás go nglacfaidís seilbh ar an gcathair.

D’éirigh leis na hÚcránaigh an ruaig an chur ar na Rúisigh thart ar Mykolaiv ach ní raibh siad in ann iad a bhrú ar ais go hiomlán chuig Kherson nuair a bhí siad céim chun tosaigh. Tá Mykolaiv fós laistigh de raon airtléire na Rúiseach, áfach agus is féidir leo sliogáin a scaoileadh leis an gcathair am ar bith is mian leo. Tá an cath ar siúl fós sa cheantar idir Mykolaiv agus Kherson agus má éiríonn leis na Rúisigh sa chath seo beidh an bealach chuig Odesa ar oscailt.

Cé nár luaigh Roinn Cosanta na Rúise aon rud faoi agus í ag fógairt phríomhaidhmeanna an chogaidh dúirt Vladimir Putin roimh an ionradh go raibh sé mar aidhm aige an Úcráin a lánpháirtiú sa Rúis. Má ghlacann na Rúisigh seilbh ar Odesa beidh siad ar an mbealach chun an aidhm seo a bhaint amach. Anuas air seo beidh sé éasca dóibh ceangal a dhéanamh leis an gcríoch atá ina hábhar achrainn sa Mholdóiv – an Tras-dnístria. Mar gheall air seo má éiríonn leo sa Donbas tá seans ann go dtabharfaidh siad a n-aghaidh ar Odesa. 

Iar-anailísí míleata le hÓglaigh na hÉireann é údar an ailt seo

Fág freagra ar 'ANAILÍS MHÍLEATA: Níl fórsaí na hÚcráine gan a mbuntáistí féin sa Donbas'