Meastar go bhfuil tvuít a chuir an bhanríon draig mór le rá RuPaul amach ag an deireadh seachtaine ar an tvúit Ghaeilge is mó a tharraing aird lucht Twitter riamh.
Timpeall 14,000 ‘croí’ agus 4,000 athghiolc a mheall an teachtaireacht a chuir an láithreoir teilifíse as Meiriceá amach Dé hAoine, teachtaireacht inar mhol sé saothar a chara Michelle Visage, duine de mholtóirí an chláir Ireland’s Got Talent.
A mhuintir na hÉireann! J an chraic? Cloisim go bhfuil mo chailín @michellevisage ag déanamh thar cinn ar @GotTalentIRL Is léir go bhfuil sibhse, na banríonacha, deadlaí agus maightí freisin, ach b’fhearr daoibh an obair a chur isteach nó is ag sashayáil away a bheidh sibh! pic.twitter.com/qP5VqD5gyF
— RuPaul (@RuPaul) 16 Feabhra 2018
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an saineolaí ríomhaireachta Kevin Scannell, a choimeádann súil ghéar ar úsáid na Gaeilge ar Twitter, gurb é is dóichí ná a mhalairt gurb é giolc RuPaul, láithreoir an chláir RuPaul’s Drag Race, an giolc as Gaeilge is mó a thuill aird riamh.
Dúirt an tOllamh ó Ollscoil Missouri i St Louis go dtarlaíonn sé “anois is arís” go dtéann tvúiteanna Gaeilge ó dhaoine nach mbeifí ag súil lena leithéid uathu i ngan fhios don bhot a chruthaigh sé chun súil a choimeád ar úsáid na Gaeilge ar Twitter, ach go gcreideann sé mar sin féin gurb é teachtaireacht RuPaul an giolc as Gaeilge is mó a tharraing aird riamh.
“Ní féidir liom a bheith lánchinnte faoi – anois is arís cailleann an bot tweetanna a thagann ó chuntais as an ngnáth (ar nós @RuPaul!). Ach ní dóigh liom go bhfuil aon tvuít eile i
nGaeilge a tharraing fiú 10 míle croí/atvuít,” arsa an tOllamh Scannell.
Chomh maith leis an lústar flústar a chothaigh giolc RuPaul ar an ardán meán sóisialta, spreag a theachtaireacht go leor alt ar líne, ina measc alt anailíse ar shuíomh idirlín i gCeanada dar teideal ‘RuPaul tweeted in an almost forgotten language – we figured out why’. Chothaigh an t-alt sin féin cuid mhaith conspóide agus mórán daoine míshásta faoin easpa tuisceana, dar leo, a léiríodh ann faoi chás na Gaeilge.
Ardmholadh ar an mórgóir a fuair RuPaul, a bhfuil os cionn 1.1 milliún leantóir ar Twitter aige, as a theachtaireacht i nGaeilge.
An mhaith @RuPaul ??⭐️
— Eibhlin de Bhailís (@EibhlindeBhails) 16 Feabhra 2018
OH MO DHIA pic.twitter.com/NwbtFON1Gg
— Gearóidín McEvoy (@GaRoDean) 16 Feabhra 2018
Now there’s an Irish language act the DUP can’t veto
— ❤Ed❤ (@edwug_) 16 Feabhra 2018
Táim marbh pic.twitter.com/nwOXGo8Yer
— Anna Creegan (@Annacreegan) 16 Feabhra 2018
Fág freagra ar 'An tvúit Ghaeilge is rathúla riamh seolta ag banríon draig mór le rá'