An tSeirbia – súil eile ar an gcogadh san Úcráin

Labhair Tuairisc le Živko Jakšić, Consal Onórach na Seirbia in Éireann, faoina dhearcadh ar an gcogadh san Úcráin agus an lorg atá á fhágáil aige ar chúrsaí ina thír féin

An tSeirbia – súil eile ar an gcogadh san Úcráin

‘Sea, tá caidreamh sách dlúth againn leis an Rúis… is ciníocha Slavacha sinne, tá an creideamh céanna againne, an Creideamh Ceartchreidmheach. Tá ár dteangacha an-chosúil lena chéile agus téann na ceangail eadrainn siar i bhfad.’

Cur síos Živko Jakšić ar an gcultúr coiteann atá idir an tSeirbia agus an Rúis.

Tá na nascanna láidre seo le feiceáil sa stair freisin, cé go gcuireann Consal Onórach na Seirbia in Éirinn in iúl dom gur “tharla sé scaití sa 19ú haois go raibh an Rúis i gcoinne na Seirbia”.

Chuaigh an Chéad Chogadh Domhanda i ndéine go mór nuair a tháinig an Rúis isteach sa chogadh chun an tSeirbia a chosaint i gcoinne na hOstaire.

Sna 1990idí, fuair an Iúgslaiv, a raibh an tSeirbia ina cuid di, tacaíocht mhorálta ón Rúis nuair a chuir mórchumhachtaí an Iarthair smachtbhannaí i bhfeidhm uirthi. I 1999, cháin an dá thír feachtas buamála agus ionradh NATO sa Chosaiv go mór, iad ag maíomh gur sháraigh sé an dlí idirnáisiúnta.

Dhiúltaigh siad chomh maith aitheantas a thabhairt don Chosaiv nuair a d’fhógair sí go haontaobhach go raibh neamhspleáchas bainte amach aici in 2008. Maíonn Jakšić go diongbháilte gur sárú eile ar an dlí idirnáisiúnta a bhí ansin:

“Ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe le Rún 1244, a dúirt go díreach go raibh ceantair na Cosaive agus Metohija mar lárchuid de chríocha Phoblacht na Seirbia.”

Déarfá mar sin, b’fhéidir, go dtacódh an tSeirbia leis an Rúis go hiomlán i gcúrsaí idirnáisiúnta. Ní hamháin go bhfuil siad an-chóngarach dá céile ó thaobh cultúir agus polaitíochta de, ach bhí a dtaithí an-chosúil lena chéile le roinnt blianta anuas.

Bhí an tSeirbia agus an Rúis araon ina lárchodanna de thíortha cumannacha a thit as a chéile ag tús na 1990idí. D’fhulaing an dá thír géarchéimeanna eacnamaíochta ina dhiaidh, agus is minic a bhí easaontas eatarthu féin agus mórchumhachtaí an Iarthair ó shin.

Ach tá casadh sa scéal. Le bliain anuas, vótáil toscaireacht na Seirbia faoi thrí ag Tionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ar son cáineadh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na Rúise san Úcráin.

“Tír í an tSeirbia atá neodrach go polaitiúil agus go míleata. Tír í freisin a chloíonn go hiomlán leis an dlí idirnáisiúnta,” a deir Jakšić.

Is léir óna háitiú maidir leis an gCosaiv gur tábhachtach leis an tSeirbia ceisteanna maidir le sláine críche. Dá bharr sin, séanann sí go bhfuil an Chrimé nó na ceantair sa Donbas in ann neamhspleáchas a fhógairt agus iarratas a dhéanamh a bheith mar chuid den Rúis, gan trácht a dhéanamh ar na ceantair eile san Úcráin atá i seilbh na Rúise.

Dar le Jakšić, áfach, go léiríonn sé seo fimíneacht ar leith i measc tíortha áirithe.

“Bíonn Tadhg an dá thaobhachas ar siúl ag an bpobal idirnáisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta á chur i bhfeidhm acu… Na Stáit Aontaithe, an Fhrainc, an Bhreatain. Chas siad timpeall agus d’aithin siad an forógra neamhspleáchais mídhleatheach a bhí sa Chosaiv, rud nach n-aithneoidh an tSeirbia go deo.”

Ar ndóigh tá Vladimir Putin tar éis seasamh an Iarthair maidir leis an gCosaiv a lua agus cosaint á déanamh aige ar ghníomhaíochtaí na Rúise san Úcráin. I mí Feabhra na bliana seo, d’fhógair sé gur thug aitheantas an Iarthair don Chosaiv an ceart dó féin aitheantas a thabhairt don dá ‘dhaonphoblacht’ a dearbhaíodh sa Donbas.

Ní mór an glacadh atá ag an gConsal Onórach leis seo, áfach.

“Tá Putin ag baint úsáid as an gCosaiv mar leithscéal, agus chun an fhírinne a rá, mothaímid go bhfuil feall á dhéanamh orainne ar bhealach, mar thacaigh an Rúis i gcónaí leis an tSeirbia agus í ag áitiú gurb ise atá ardcheannasach sa Chosaiv. Ní féidir liom freagra a thabhairt maidir le réasúnaíocht Putin. Níl a fhios agam an féidir le duine ar bith.”

Is cosúil go bhfuil an tSeirbia ag iarraidh a bealach féin a dhéanamh sa chóras idirnáisiúnta agus staonadh ó choimhlintí na mórchumhachtaí.

“Leanann polasaí neamh-chomhghuaillíochta na Seirbia polasaí na hiar-Iúgslaive agus beidh caidreamh cairdiúil againn le tír ar bith a atá ar an meon céanna. Táimid an-bhródúil as ár gcaidreamh leis na Stáit Aontaithe. Tá ár gcaidreamh leis an mBreatain agus an Fhrainc tábhachtach dúinn.

“Tá caidreamh cairdiúil eacnamaíochta agus polaitíochta againne leis an nGearmáin, in ainneoin gach a ndearna an Ghearmáin ar an Iúgslaiv sa Dara Cogadh Domhanda,’ a deir Jakšić.

Ach níl an tSeirbia sásta smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ar an Rúis.

“Go bunúsach, féinmharú eacnamaíochta a bheadh ann. Táimid ag brath ar ola na Rúise. Braithimid ar ghás na Rúise.”

Dar leis an gConsal Onórach, is beag difríocht a dhéanann na smachtbhannaí do ghníomhaíochtaí na Rúise ar aon nós.

“Tá taithí fhairsing agamsa ar an saol. Bhí cónaí orm sa Bhreatain nuair a bhí smachtbhannaí i bhfeidhm in aghaidh réimeas Ian Smith sa Róidéis. Níor éirigh leo. Agus inniu, i gcoinne na Rúise, níl ag éirí leo. Tá siad ag déanamh díobhála do gheilleagair na hEorpa, níos mó ná mar atá do gheilleagar na Rúise, sílimse.”

Luann sé freisin go bhfuil trádáil fós ag dul ar aghaidh idir an Rúis agus an tIarthar.

“In ainneoin na smachtbhannaí ar fad, tá na tíortha in Iarthar na hEorpa agus na Stáit Aontaithe fós i mbun trádála leis an Rúis ó thaobh ola agus gáis. Cúpla lá ó shin fiú, chuir na Stáit Aontaithe leis an gcomhaontú trádála leis an Rúis maidir le trealamh speisialta ola. Déanann siad iompórtáil ar chóbalt, litiam agus araile. An chaint seo ar smachtbhannaí, níl inti ach raiméis.”

Agus an choimhlint san Úcráin ag cothú teannais i measc mhórchumhachtaí an domhain, is deacair a rá cén lorg a fhágfaidh sí ar an tSeirbia.

Cé nach bhfuil an tír gan locht, agus fadhbanna aici maidir le saoirse na mban, saoirse na meán agus cosaint do ghrúpaí mionlaigh, is daonlathas atá i bhfeidhm sa tSeirbia agus tá stádas iarrthóra bainte amach aici maidir le bheith mar bhallstát den Aontas Eorpach.

Ach tá an droch-chaidreamh idir an Eoraip agus an Rúis tar éis an próiseas sin a dhéanamh i bhfad níos casta. Mí an Mhárta na bliana seo, ghlac Parlaimint na hEorpa le rún a dhearbhaigh “gurb oth léi go láidir neamh-ailíniú na Seirbia le smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i gcoinne na Rúise, rud a dhéanann dochar do phróiseas aontachais na Seirbia leis an Aontas”.

Sa mbaile, tá muintir na Seirbia ag éirí mífhoighdeach leis an bpróiseas sin. De réir pobalbhreith Demostat, a rinneadh mí an Mheithimh seo caite, vótálfadh 51% de mhuintir na tíre i gcoinne ballraíocht san Aontas, agus ní bheadh ach 34% a vótálfadh ina fabhar. Deir Jakšić gur “frustrachas is cúis le toradh diúltach na pobalbhreithe sin”.

Dar leis-sean go bhfuil ceist na Cosaive ag cur isteach go mór ar an bpróiseas:

“Gach uair a bhainimid an chéad chéim eile amach sa phróiseas, luann an tAontas Eorpach ceist na Cosaive, á rá go gcaithfear aitheantas a thabhairt don Chosaiv, agus araile. Agus ní tharlóidh sé sin go deo … Ach cinnte, tá rialtas na Seirbia agus an speictream polaitíochta ar fad i bhfabhar a bheith mar bhallstát den Aontas Eorpach, ach na coinníollacha cearta a bheith ann.”

Cá bhfios cé na coinníollacha a bheidh ann sa todhchaí, go háirithe agus Cogadh Fuar nua ag titim amach idir an Rúis agus an tIarthar. I bhfocail an Chonsail Onóra:

“Sí an fhadhb a bhíonn ag tíortha beaga cosúil le hÉirinn agus an tSeirbia ná gurb  iad na tíortha móra a shocraíonn cúrsaí.’

 

Fág freagra ar 'An tSeirbia – súil eile ar an gcogadh san Úcráin'

  • Gearoid

    Ba chóir dúinn meas a bheith againn ar mhuintir na Seirbia toisc gur bhuaigh said in aghaidh na Naitsithe i rith an dara cogaidh domhanda agus nár ghéill said don ionsaí mídhleathach a rinne na drongadóirí i NATO orthu.