An Triúr a Bádh – saothar tuisceanach a bhí teann as féin

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Bhain ár léirmheastóir taitneamh an tseachtain seo as turas siar ar bhóithrín na smaointe i bhfochair na seanfhonndúirí

Triur

Ba i dtosach na dtríochaidí a dhein an scannánóir Robert O’Flaherty an scannán ceannródaíoch, agus conspóideach ina dhiaidh sin, Man Of Aran. Fad is a bhí an mheitheal scannánaíochta in Árainn, thapaigh an rialtas an deis scannán Gaeilge a dhéanamh.

Bronnadh £200 ar an bhFlaitheartach agus chinn sé éachtaint a thabhairt ar thraidisiún béaloideasa na n-oileán ina shaothar Oidhche Sheanchais, leis an seanchaí Seáinín Tom Ó Direáin i lár an aonaigh. Bhí an saothar sin ligthe i ndearmad agus gan aon chóip de ar fáil go dtí go dtángthas ar cheann le déanaí. Taispeánadh in Árann i mbliana é agus tugadh na seanfhonndúirí siar ar bhóithrín na smaointe. Bhí toise léanmhar ag baint leis an rud ar fad mar gur bádh Seáinín Tom agus beirt eile i 1939.

Sa chlár ilghnéitheach An Triúr a Bádh (TG4, Dé Domhnaigh), pléitear an bá sin agus tugtar sinn siar ar bhóithrín maoithneach na smaointe an athuair i bhfochair na seanfhonndúirí.

I dtosach an chláir, déantar trácht ar an saol mar a bhí an uair úd agus ar scannán O’Flaherty, mar aon le cíoradh a dhéanamh ar thraidisiún agus nósmhaireachtaí na bothántaíochta. Ina theannta sin, tá blaiseadh den nasc láidir leis an bhfód dúchais. Ina dhiaidh sin, déantar an tragóid a iniúchadh. Pléitear stádas na farraige i measc na n-oileánach agus phobail chósta ar fud na tíre. Cíortar an tionchar a bhíonn ag tragóid farraige ar shícé an phobail, agus an cneá anama a bhíonn le sonrú ar feadh na mblianta i ndiaidh na tragóide. 

B’iad Seosamh Ó Flannagáin agus Jaimsie Ó Flaithearta an bheirt eile a bádh i bhfochair Sheáinín. Ní bhfuarthas na coirp riamh ach d’fhág siad a lorg féin ar dhaoine sa dúthaigh. Déantar trácht ar scéalta go bhfaca iascairí na coirp ar snámh ach gur leasc leo na coirp a thógaint ar bord mar gheall ar an bpiseog go mbaineann an fharraige a cuid féin amach.

Is iníon le Seosamh í Máire Uí Nuanáin agus déanann sí sinn a thionlacan ar bhóthar mothúchánach na gcuimhní. Is reacaire caithiseach, deisbhéalach í Máire atá sé bliana le cois na gceithre scór.

Tá an reacaireacht bunaithe ar ábhar cartlainne agus cloigne cainte, agus iad ar fad ag labhairt i nGaeilge. Ina measc, tá Máirtín Jaimsie, garmhac le Jaimsie.

Is saothar tuisceanach é seo atá teann as féin agus a ghluaiseann ar aghaidh ar a bhogstró.

Ní raibh aon bhús in aon chor faoi chluiche na gcomhrialacha (The Saturday Game, Dé Sathairn). Ár mbeannacht leis an am go mbítí i bpíobáin a chéile, a deir lucht an toirmisc. Cluiche réasúnta taitneamhach a bhí ann ach ní mó ná san é. Bítear ag bladaireacht faoin tábhacht agus stádas a bhaineann le hionadaíocht a dhéanamh ar son na tíre, ach níl a fhios agam an féidir paróisteánachas diamhair na gcontaetha a fhágaint go leataobh chomh fuirist sin.

Ina theannta sin ar fad, ní hiad na himreoirí is fearr a bhíonn le feiscint riamh mar gheall ar dhualgais chlub agus de bhrí nach bhfuilid oiriúnach don chluiche croschineálach.

Ós ag caint ar chluichí croschineálacha, chonaic na sluaite a bhí bailithe isteach i bPáirc Fenway iománaíocht á himirt le báidí sacair (GAA Beo, TG4, inné). Léirigh an shemozzle paróistiúil a bhí le feiscint ansiúd go raibh níos mó clocha sna muinchillí sa chluiche taispeántais ná mar a bhí i gcluiche míchlúiteach na gcomhrialacha.

Fág freagra ar 'An Triúr a Bádh – saothar tuisceanach a bhí teann as féin'