‘An-tóir’ ar an leagan Gaeilge de chártaí cáiliúla Tarot Rider-Waite

Deir siopa leabhar amháin gur ‘beart foilsitheoireachta cliste’ atá sna cártaí Tarot Gaeilge agus deir an bhean a chuir amach iad go bhfuil sí an sásta go bhfuil ag éirí go maith leo

‘An-tóir’ ar an leagan Gaeilge de chártaí cáiliúla Tarot Rider-Waite

Tá “an-tóir” ar an leagan Gaeilge de chártaí cáiliúla Tarot Rider-Waite.

Tá cártaí fáistine Rider-Waite, na cártaí Tarot is mó tóir, aistrithe go Gaeilge agus “an-díol” orthu, a deirtear.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt bainisteoir an tsiopa leabhar aitheanta, Charlie Byrne’s i nGaillimh, gur “beart foilsitheoireachta nua agus cliste” atá sna cártaí Tarot Gaeilge.

“Bíonn tóir mhór ar na cártaí Tarot agus ar nós na gcluichí boird móra Monopoly agus Scrabble a mbíonn díol maith orthu i nGaeilge, tá daoine ag cur suim sna cártaí Tarot Gaeilge freisin.

“Is cur chuige an-mhaith é ó thaobh táirgí Gaeilge de glacadh leis go bhfuil an t-éileamh sin ann agus freastal air,” a dúirt Vinny Browne.

Dúirt leasbhainisteoir An Siopa Leabhar, díoltóir leabhar agus earraí Gaeilge i mBaile Átha Cliath, go mbíonn “go leor daoine” meallta ag na cártaí, daoine de gach aois agus déagóirí agus mic léinn, go háirithe.

“Cártaí snasta ildaite iad a dhéanann bronntanas iontach. Tagann daoine isteach agus bíonn siad meallta acu.

“Níl aon rud eile cosúil leo ar an margadh faoi láthair,” a dúirt Darragh Lee Thomas ón Siopa Leabhar.

Is í Regina de Búrca, scríbhneoir agus léitheoir cártaí Tarot as Maigh Eo, a thug faoi chártaí Rider-Waite a chur ar fáil i nGaeilge.

“Dúshlán nach beag a bhí ann,” a deir sí agus  saothar a ghlac ceithre bliana uirthi lena chur i gcrích.

Ag labhairt di le Tuairisc, dúirt Regina de Búrca, atá ag foghlaim na Gaeilge, gurb é an rud a choinnigh slán a misneach an “aisling” a bhí aici go mbeadh cártaí Tarot, a tháinig amach den chéad uair i 1909, ar fáil i nGaeilge agus rath orthu.

“Ní raibh an foilsitheoir US Games ag iarraidh leagan Gaeilge de na cártaí a chur ar fáil. Comhlacht mór foilsitheoireachta atá iontu agus níor thuig siad fiú gur teanga a bhí sa Ghaeilge. Ní raibh suim acu ach na cártaí a chur ar fáil i dteangacha móra agus shíl siad go raibh pobal na Gaeilge róbheag.

“Bhí an doras dúnta ach choinnigh mé orm agus coinnigh mé orm go dtí gur ghéill siad sa deireadh.

“Chuaigh mé féin i muinín na gcártaí go minic agus tháinig ‘An Fear Crochta’ aníos i ngach uile léamh a bhí agam, ceann de na rúnchártaí móra, a chiallaíonn go bhfuil buanseasmhacht de dhíth agus íobairt i gceist ach go mbíonn dea-thoradh agat sa deireadh.”

An scoláire agus iarleachtóir le Gaeilge Nollaig Ó Muraíle, a chuidigh le de Búrca na cártaí a aistriú go Gaeilge agus tá leabhrán ag gabháil leis na cártaí ina bhfuil cur síos ar stair an Tarot agus an cúlra a bhaineann le paca Tarot Rider-Waite, nach raibh an ainm an ealaíontóra Pamela Colman Smith luaite orthu nuair a tháinig siad amach an chéad lá.

Tá eolas sa leabhrán faoi Arthur Edward Waite (1857-1952), scoláire agus saineolaí Tarot a cheap treoracha agus cialla fáistine na gcártaí agus faoi Pamela Colman Smith, a dhear seiteanna do dhrámaí W.B Yeats in Amharclann na Mainistreach níos deireanaí ina saol.

78 cárta ar fad atá i bpaca cártaí Rider-Waite agus iad roinnte in dhá ghrúpa. Tá 22 rúnchárta mór ann, cárta comharthach ar a dtugtar ‘na Máite’, a chiallaíonn ‘os cionn an uile’.

Rúnchártaí beaga atá sna 56 cárta eile, atá roinnte ina gceithre chuid – na Claimhte, na Fleasca, na Cuacha agus na Peinteacail – a bhaineann le ceithre aicme an tsaoil sna meánaoiseanna.

Tá míniú ar fáil sa leabhrán faoin chárta agus faoina chialla fáistine.

Faoi ‘Giolla na gCuach’ mar shampla, deirtear:

 ‘Giolla macánta, suáilceach, beagán baineanda, tugtha don léann agus airdeallach; déanann machnamh ar iasc ag éirí as cuach chun féachaint air. Cialla Fáistine: Fear óg breá, agus é d’fhiacha air seirbhís a thabhairt agus a mbeidh an Fiosraitheoir bainteach leis, ógánach, staidéarach, nuacht, teachtaireacht, dúthracht, meabhrú, machnamh – agus na rudaí sin dírithe ar ghnó. Contráthacht: Blas, claonadh, ceangal, mealladh, cealgaireacht, beartaíocht.”

Deir de Búrca gur “cúis áthais” di go bhfuil daoine ag cur suime sna cártaí Tarot Gaeilge agus go bhfuil an Ghaeilge anois le feiceáil le taobh obair ealaíne Pamela Colman Smith.

“Tá an paca seo ar an chéad phaca ina raibh pictiúr ar gach cárta agus is iontach an rud é go bhfuil saothar álainn Pamela Colman Smith le feiceáil orthu, taobh leis an Ghaeilge.

“Teanga í an Ghaeilge atá ceangailte go mór leis an saol osnádúrtha agus is maith liom go bhfuil na cártaí ag spreagadh níos mó comhráite i nGaeilge,” a dúirt sí.

Fág freagra ar '‘An-tóir’ ar an leagan Gaeilge de chártaí cáiliúla Tarot Rider-Waite'

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Méabh Ní Thuathaláin, ‘An–tóir’ ar an leagan Gaeilge de chártaí cáiliúla Tarot Rider–Waite’, tuairisc.ie, Déardaoin, Lúnasa 24, 2023.

    Leanann dainséar mór daoine a bhíonn ag plé leis na cártaí Tarot. An tAth. Benedict J. Groeschel, duine de bhunaitheoirí an oird nua Phroinsiasaigh, Comhdháil na mBráithre Proinsiasacha leis an Athnuachan, d’inis sé domsa blianta ó shin gur thosaigh an tAth. Hans Urs von Balthasar [1905–1988], diagaire Eilvéiseach, ar a bheith ag plé leis na cártaí Tarot tamall sula bhfuair Balthasar bás, agus gur chuir sé sin as a mheabhair ar fad an fear bocht. Bhí ardmheas ag an bPápa Eoin Pól II ar Bhalthasar, agus bhí sé i gceist ag an bPápa Balthasar a cheapadh ina Chairdinéal, ach gur sciob an bás Balthasar leis. Insíodh an scéal céanna díreach domsa ar dhiagaire eile mór le rá, Karl Rahner, Íosánach.

    Is é an locht atá ar a bheith ag plé leis na cártaí Tarot, gur cineál fáistineachta atá i gceist, agus gur peaca in aghaidh na Chéad Aithne is ea an fháistineacht. Feicigí libh, Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí leis an Moinsíneoir Breandán Ó Doibhlin, §§2115, 2116. Is amhlaidh a bhítear ag dul i muinín an Diabhail chun an fháistineacht a dhéanamh. Is ionann sin a dhéanamh agus cuireadh a thabhairt do dheamhan teacht isteach i gcolainn an duine a thugann an cuireadh. Bíonn gá ansin le heacsairciste sollúnta chun an deamhan a dhíbirt. Mura n–éiríonn leis an deamhan dul isteach i gcolainn an duine, is minic a éiríonn leis an deamhan cos ar bolg a dhéanamh ar an duine, nó é/í a chiapadh, agus uaireanta tógann sé achar fada ar an easaircistí an deamhan a ruaigeadh as colainn duine, nó stop a chur leis an gcos ar bolg ag an deamhan, nó leis an gciapadh. Ní féidir don Diabhal ná do na deamhain, anam duine a ghabháil; ní féidir dóibh, ar a mhéad, ach an cholainn a ghabháil.

    Ní ceadmhach don ghnáth–thuata eacsairciste sollúnta a dhéanamh. Ní ceadmhach ach do shagart, a bhfuil údarás óna Easpag aige, eacsairciste sollúnta a dhéanamh. Ach tá cead ag gach uile shagart, gan cead speisialta a fháil ón Easpag chuige sin, eacsairciste príobháideach a dhéanamh. Is leor eacsairciste príobháideach chun deamhan ó stopadh ó chos ar bolg a dhéanamh ar dhuine. Tugann sé an–fhaoiseamh don duine a bhíonn ag fulaingt le cos ar bolg ó dheamhan, sagart a léamh eacsairciste príobháideach air/uirthi. Is ceadmhach don tuata, in ainm Íosa Críost, deamhain ar bith a bhíonn ag cur isteach ar dheartháireacha nó ar dheirfiúracha dóibh féin, a fhógairt go bun na Croise, mar a gcuirfidh Íosa Críost pionós orthu. ‘Paidreacha ceangail’ a thugtar ar na paidreacha sin. Is ceadmhach do thuismitheoirí an dála céanna a dhéanamh ar mhaithe lena gclann féin, nó d’fhear céile nó do bhean chéile an dála céanna a dhéanamh don chéile eile, mar go bhfuil ceart ag fear céile ar cholainn a mhná céile, agus ag an mbean chéile ar cholainn a fhir chéile, mar gheall ar iad a bheith pósta le chéile. Ach níl aon údarás ag duine an méid sin a dhéanamh do chlann deartháireacha ná deirfiúracha dó féin/di féin; ná do leanbh baistí leis/léi féin. Mura gcloíonn an tuata leis na teorainneacha sin, ionsóidh an Diabhal, nó na deamhain é/í, agus beidh sé/sí thíos go mór leis.

    Is í an fhadhb gur beag eacsaircistí in Éirinn, a bhfuil cead ón Easpag aige eacsairciste sollúnta a dhéanamh. Cuid mhaith de na sagairt, ní chreideann siad sa Diabhal, ná sna deamhain; agus ní mó ná sin a chreideann a lán de na hEaspaig iontu, ainneoin go ndearna Íosa Críost, Sátan féin, agus cuid mhaith deamhan, a dhíbirt le linn do Chríost a bheith ar an saol seo. Tá cuid mhaith eolais le fáil ar na cúrsaí seo go léir i leabhar leis an Ath. Chad Ripperger, Dominion, a tháinig amach ní fada ó shin. Aon duine a bhfuil fón cliste, nó i–ghuthán, aige/aici, tiocfaidh sé/sí gan dua ar phodchraoltaí agus ar fhíseáin leis an Ath. Ripperger. Tá an tAth. Ripperger, agus sagairt eile, ceaptha ag Easpaig Chaitliceacha na Stát Aontaithe, chun ord nua a bhunú, The Dolorans, arb é a misean, sagairt a thraenáil chun a bheith ina n–eacsaircistithe.

    Meabhraíonn an tAth. Ripperger dá lucht éisteachta gur eacsairciste an–láidir is ea faoistin ghlan a dhéanamh le sagart. Is mó an eagla a bhíonn ar Shátan féin, agus ar a chuid deamhan roimh an eacsaircistí, ná a bhíonn ar an eacsaircistí roimh Shátan agus a chuid deamhan. Ní féidir do Shátan, ná dá chuid deamhan, an rud is lú a dhéanamh gan cead ó Íosa Críost, agus is chun na daoine a dhéanamh beannaithe a ligeann Críost do Shátan agus dá chuid deamhan colainneacha daoine a ghabháil, nó bheith ag déanamh cos ar bolg orthu, nó a bheith á gciapadh. Ní mar a chéile deamhan a bheith i do cholainn, agus peaca marfach a bheith ar d’anam, nó é a bheith cinnte go ndamnófar thú. Is iomaí eacsairciste a láithríonn an Mhaighdean Mhuire ann, agus bailíonn na deamhain leo ar an bpointe nuair a láithríonn an Mhaighdean Mhuire, mura n–ordaíonn an Mhaighdean Mhuire dóibh fanacht tamall eile. Is chun pionós a chur ar na deamhain a ordaíonn an Mhaighdean Mhuire do na deamhain fanacht tamall eile. Tá an ghráin dhearg ag na deamhain ar an Maighdean Mhuire, agus tá siad scanraithe roimpi. Is aingil sna Flaithis ba ea Lúicifir/Sátan, agus aingil eile, i dtosach, ach nuair a fuair siad amach nach mbeadh a oiread cumhachta spioradálta riamh acu féin is a bheadh ag Muire Máthair Dé, duine daonna, dhiúltaigh siad a bheith umhal do Dhia, agus d’ordaigh Dia do Mhicheál Ard–Aingeal na haingil úd a dhíbirt as na Flaithis. ‘Aingil an Uabhair’ a thugtar inniu ar na haingil a díbríodh as na Flaithis. Na déithe Págánacha go léir, is iad Aingil an Uabhair iad. Dá dtabharfaí cead do Shátan, agus dá chuid deamhan, a ndiúltú do Dhia a tharraingt siar, ní dhéanfaidís é.

    Tá sé místuama ó bhonn ag daoine óga go háirithe a bheith ag méiseáil leis na cártaí Tarot, ná a bheith ag plé leis na cláir Ouija. Fear aitheantais domsa, is síciatraí is ea é. Fiche bliain ó shin, nó mar sin, fostaíodh é féin chun aire shíciatrachta a thabhairt do dhéagóirí a thosaigh ar a bheith ag plé leis an Sátanachas i gCo. na Gaillimhe. Ag obair i gcomhar le heacsaircistí a bhí an síciatraí. Cé go bhfuil teorainn le cumhacht Shátain, agus a chuid deamhan, ní haon dóithín iad, ar a shon sin.