An Taoiseach le ‘breathnú’ ar chinneadh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh fáil réidh le riachtanas Gaeilge

Dúirt Catherine Connolly, atá ina Cathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, gur údar ‘náire’ cinneadh Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge a bhaineann le post an uachtaráin

An Taoiseach le ‘breathnú’ ar chinneadh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh fáil réidh le riachtanas Gaeilge

Pictiúr: Leah Farrell/ RollingNews.ie

Tá an Taoiseach le tuilleadh eolais a lorg faoi chinneadh Údarás Ollscoil na hÉireann Gaillimh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge a d’fhág go mbíodh líofacht sa teanga i gcónaí ag uachtaráin na hollscoile.

Mar a tuairiscíodh ar dtús ar an suíomh seo an tseachtain seo caite, tá faoi lucht na hOllscoile fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge a bhaineann le post an uachtaráin.

Dúirt an Taoiseach sa Dáil níos túisce inniu go raibh “coinníollacha leagtha síos” a d’fhág go raibh “dualgas” faoi leith ó thaobh na Gaeilge ar an ollscoil i gcathair na Gaillimhe.

Agus ceist ón dTeachta Dála neamhspleách Catherine Connolly á freagairt aige, dúirt an Taoiseach go bhfiosródh sé an scéal maidir le cinneadh Údarás na hOllscoile.

“Níl a fhios agam faoin gcinneadh atá déanta acu, ach tá brú agus dualgas ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an Ghaeilge a bheith acu agus a bheith acu go líofa. Breathnóidh mé isteach ar an rud atá ráite ag an Teachta,” a dúirt an Taoiseach Enda Kenny.

Dúirt Catherine Connolly, atá ina Cathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, gur údar “náire” cinneadh Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge a bhaineann le post an uachtaráin.

Tógadh an cinneadh, a dúirt sí, “in ainneoin gur champas dátheangach é an campas, in ainneoin gur chathair dhátheangach í cathair na Gaillimhe agus in ainneoin go bhfuil an ollscoil agus an chathair ar thairseach na Gaeltachta”.

D’iarr sí ráiteas ar an Taoiseach faoin scéal i bhfianaise na ndualgas reachtúil atá ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ó thaobh na Gaeilge de.

Tá sé ina údar imní le tamall de bhlianta anuas i measc lucht na Gaeilge san ollscoil i gcathair na Gaillimhe go bhfuil creimeadh á dhéanamh de réir a chéile ar stádas na teanga i ngnóthaí na hollscoile.

Táthar buartha, mar shampla, faoin scéal go bhfuil Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, gan aon Ollamh le Nua-Ghaeilge don tríú bliain acadúil as a chéile. Ní fios go fóill cén uair atá sé i gceist ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Ollamh le Nua-Ghaeilge a cheapadh ná cathain a fhógróidh siad an folúntas.

Fág freagra ar 'An Taoiseach le ‘breathnú’ ar chinneadh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh fáil réidh le riachtanas Gaeilge'