Tá sé curtha i leith an Aire Sláinte go bhfuil sí ag déanamh faillí ina dualgas i leith na Gaeilge agus diúltaithe aici plé a dhéanamh ar iallach a chur ar chomhlachtaí an teanga a úsáid ar lipéid earraí bia.
Tá roinnt Teachtaí Dála tar éis ceist a chur ar an Aire Jennifer Carroll MacNeill le cúpla mí anuas an ndéanfaidh sí machnamh ar dhualgas a chur ar chomhlachtaí eolas i nGaeilge a chur ar lipéid earraí bia mar chuid den phlé atá le déanamh ar rialacha nua atá le teacht ó Choimisiún na hEorpa.
Dúirt an tAire MacNeill ar dtús nach mbeadh ceist na teanga mar chuid den phlé a bheidh le déanamh ag grúpa oibre trasrialtais atá ag plé leis na rialacha, ach dúirt sí ó shin go bhféadfaí an scéal a phlé i ndiaidh measúnú a bheith déanta ag a roinn ar na leasuithe a thiocfaidh ón gCoimisiún.
Dúirt an tAire Sláinte gur ceist do Roinn na Gaeltachta a bhí i bhforbairt polasaithe maidir le húsáid na Gaeilge ar lipéadú a chur chun cinn, áfach.
Deir ceannaire Phobal Seachas Brabús, an Teachta Dála Richard Boyd Barrett, gur iarracht é sin ag an Aire Carroll MacNeill an fhreagracht atá uirthi maidir leis an lipéadú dátheangach a chur di agus a chur ar Roinn na Gaeltachta.
Chuir Boyd Barrett i leith an Aire go raibh sí ag seachaint na ndualgas teanga atá ar an Stát faoin mbunreacht agus faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
D’iarr an Teachta Boyd Barrett ar an Aire údar a thabhairt lena cinneadh gan treoir a thabhairt don ghrúpa oibre ceist na Gaeilge a chur san áireamh nuair a bheifí ag plé na rialacha nua atá le teacht ón gCoimisiún.
D’fhiafraigh sé freisin den Aire an nglacfadh sí leis gur “faillí ina dualgas” a bheadh ann gan cead a thabhairt fiú plé a dhéanamh ar na dualgais bhunreachtúil agus dhlíthiúla atá ar Éirinn i dtaobh na Gaeilge ar lipéadú bia.
Ina freagra, dúirt an tAire nach raibh aon rún aici an grúpa oibre a thabhairt le chéile arís chun ceist na Gaeilge a phlé i dtaobh na rialacha nua atá le teacht.
Dúirt sí, áfach, go raibh a Roinn sásta tacú le Roinn na Gaeltachta dá ndéanfaí cinneadh faoi “cód deonach” a fhorbairt maidir le pacáistiú agus lipéadú dátheangach ar earraí a dhíoltar in Éirinn.
Tá gealltanas sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go bhféachfadh an Rialtas ar chód deonach a thabhairt isteach do lipéadú agus do phacáistiú dátheangach i gcás gach earra a dhíoltar in Éirinn.
Dá ndéanfaí a leithéid de chód a fhiosrú, dúirt an tAire Carroll MacNeill go gcaithfí tabhairt faoi mheasúnacht tionchair agus go gcaithfí labhairt le rannpháirtithe san earnáil ghnó chun a chinntiú go mbeadh aon bheart “cóir agus éifeachtach”.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill cheana gur tugadh faoi chomhairliúchán poiblí nuair a d’fhógair Coimisiún na hEorpa go raibh leasú le déanamh ar an Rialachán um Fhaisnéis Bhia do Thomhaltóirí (FIC). Le linn an chomhairliúcháin sin, léiríodh imní faoin gcostas a bhainfeadh le leasuithe éigeantacha maidir le lipéadú earraí bia, go háirithe do tháirgeoirí beaga.
Dúirt an tAire gur féidir le comhlachtaí eolas ar lipéid a chur ar fáil go dátheangach ar bhonn deonach faoi láthair ach go mbeidh ar chomhlachtaí an t-eolas cuí a thaispeáint i mBéarla de réir an dlí, bíodh sé sin i mBéarla amháin nó go dátheangach i mBéarla agus i nGaeilge.
Cordelia Nic Fhearraigh
An ‘cód deonach’ arís. Samhnasach. Agus má luaitear ceist na gaeilge le rud ar bith dírítear é i dtreo roinn na gaeltachta. Amaidí.
Colmcille Ó Monacháin
Achoimre ar sheasamh an aire: ‘Stát Béarla é seo do phobal Béarla. Fágtar faoi shaoránaigh dea-mhéiniúla é freastal ar na Gaeilgeoirí, agus déanadh siad sin ar bhonn deonach, gan aon oibleagáid dlí.’