An t-eiteachas tugtha don Bhreatimeacht arís ag muintir an tuaiscirt

An t-eiteachas tugtha don Bhreatimeacht arís ag muintir an tuaiscirt   Bhí ábhar machnaimh do go leor páirtithe i dtoradh thoghchán na hEorpa, go háirithe faoi chás an Bhreatimeachta Póilín Ní Chiaráin Dhá shuíochán as trí cinn faighte ag iarrthóirí atá in aghaidh an Bhreatimeachta i dTuaisceart Éireann agus ceannaire an Alliance, Naomi Long, tagtha […]

An t-eiteachas tugtha don Bhreatimeacht arís ag muintir an tuaiscirt

An t-eiteachas tugtha don Bhreatimeacht arís ag muintir an tuaiscirt

 

Bhí ábhar machnaimh do go leor páirtithe i dtoradh thoghchán na hEorpa, go háirithe faoi chás an Bhreatimeachta

Póilín Ní Chiaráin

Dhá shuíochán as trí cinn faighte ag iarrthóirí atá in aghaidh an Bhreatimeachta i dTuaisceart Éireann agus ceannaire an Alliance, Naomi Long, tagtha i dtír ar an gcóir ghaoithe a bhí lena páirtí sna toghcháin áitiúla ag tús na míosa.

Cibé fada nó gearr an t-achar a chaithfidh siad i bParlaimint na hEorpa beidh triúr ban mar ionadaithe ag muintir an tuaiscirt, Diane Dodds, DUP, Martina Anderson, Sinn Féin, agus Naomi Long. Is í Dodds an t-aon duine acu atá i bhfabhar an Bhreatimeachta.

Caithréim do lucht tacaíochta an Aontais Eorpaigh ab ea é. Cé nár léir d’éinne an mbeadh éifeacht ar bith ag cinneadh an phobail ar rialtas na Ríochta Aontaithe, bhí na páirtithe neamh-aontachtacha sásta go mbeadh fáilte roimh thoradh an toghcháin sa Bhruiséil agus in Strasbourg.

I bhfianaise na guagachta in Westminster agus mar gheall ar an bhfaitíos atá ar dhaoine faoin mBreatimeacht, bhí dea-scéal de dhíth ar na páirtithe atá ina choinne.

Athdhearbhú ar fhreasúra an tuaiscirt don Bhreatimeacht ab ea é, 57% san iomlán ag tacú le páirtithe agus neamhspleáigh arbh fhearr leo fanacht san Aontas Eorpach – i gcomparáid le 55.8% trí bliana ó shin. Ba dheacair an titim ar líon na ndaoine a chaith vóta a thuiscint i réigiún ina gcreideann móramh go mbeidh tionchar ollmhór ag an mBreataimeacht air. 45.1% de líon na dtoghthóirí a chaith vóta sa toghchán seo – 572,447 i gcomparáid le 626,00 nó 52% in 2014.

Is ón UUP a bhain ceannaire an Alliance a suíochán, buille trom do Danny Kennedy a bhí ag iarraidh a theacht i gcomharbacht ar Jim Nicholson agus John Taylor roimhe sin. Bhí ionadaí ag an UUP i bParlaimint na hEorpa ón lá a bunaíodh an foras sin, ach bhí Kennedy sa séú háit, faoi bhun 10% ar an gcéad chomhaireamh agus sa tríú háit i measc aontachtaithe, an DUP 21.9% agus Jim Allister TUV 10.8% chun tosaigh air.

Bhí laghdú os cionn 70,000 ar vótaí aontachtacha agus ba iad an UUP ba mhó a d’fhulaing. Bhí teachtaireacht an pháirtí doiléir, an t-iarrthóir a bhí in éadan an Bhreatimeachta sa reifreann ina fhabhar anois mar gur ghlac sé le vóta an mhóraimh sa Ríocht Aontaithe. Imeacht stuama ciallmhar a bhí ag teastáil uaidh a dúirt Kennedy ach níor thug sé aon sainmhíniú ar ‘ciallmhar’.

Bhí údar díomá ag an SDLP freisin cé go raibh méadú de bheagán ar a sciar den vóta, 13.7%. Ní dheachaigh teachtaireacht Cholum Eastwood gurbh aigesean a bhí an seans ab fhearr an tríú suíochán a bhaint i bhfeidhm ar vótóirí a rinne cinneadh gurbh fhearr leo a dhul sa seans ar Naomi Long. Rinne roinnt de lucht tacaíochta Shinn Féin vótáil straitéiseach ar son Long freisin. Ar mhaithe le dhá shuíochán frithBhreatimeachta a ghnóthú a rinne siad é a dúradar ach ba léir freisin nár mhian le Sinn Féin cuidiú leis an SDLP. Ba íoróin é, sa deireadh, go raibh Martina Anderson, Sinn Féin, ag fanacht le haistrithe ó Colum Eastwood chun a suíochán a bhaint ar ais. Cé gur as Doire don bheirt, cheap vótóirí go mbeadh Anderson tofa sula ndáilfí aistrithe Eastwood agus dá réir roghnaigh go leor Naomi Long mar uimhir a dó.

Bhí titim 3% ar vóta Shinn Féin go 22% ach ní bhfuair siad an íde ó vótóirí abhus a fuair an páirtí sa Phoblacht. Bhí Martina Anderson ar cheann an chomhairimh ach bhí uirthi fanacht go dtí an comhaireamh deiridh lena suíochán a bhaint ar ais. Mhaígh roinnt san DUP gur uirísliú do Shinn Féin agus d’Anderson é sin ach rinne Michelle O’Neill agus a páirtí beag is fiú de, ag rá gur tharla sé mar gheall ar vótáil theaicticiúil a bhí inti ag an dream a dteastaíonn uathu fanacht san AE.

I bhfírinne d’fhág na vótóirí údar machnaimh ag gach páirtí seachas Alliance, a fuair 18.5% de na vótaí. Mar atáthar a rá le scór bliain, geall leis, ní mór don UUP scrúdú ó bhonn a dhéanamh ar a chur chuige agus sainmhíniú a thabhairt ar a raison d’être.

Tá ceann curtha ag an SDLP leis an gcineál sin athscrúdaithe, cibé toradh a bheidh ar cheangal polasaí agus taighde an pháirtí le Fianna Fáil. Bhí Sinn Féin ag tabhairt faoi athbhreithniú abhus i ndiaidh thoghchán an gcomhairlí inar theip orthu dul chun cinn a dhéanamh. Tar éis dóibh léasadh a fháil ó dheas tá práinn leis an athscrúdú sin anois agus ciallachais aige dá gcur chuige thuaidh agus theas.

Bhí an DUP ag déanamh gaisce gur mhéadaigh siad a sciar den vóta agus gurbh í Diane Dodds an chéad fheisire a toghadh. Mhaígh siad gur léirigh an 43% de na vótaí a tugadh do dhaoine atá ar son an Bhreatimeachta nach raibh aon fhás mór ar a bhfreasúra agus nach raibh i leagan amach a naimhde ach scéal chailleach an uafáis faoin mBreatimeacht. Mar sin féin ba bhuille dóibh é gur toghadh beirt fheisirí atá i gcoinne a seasaimh. Theip ar a gcuid foláireamh agus fainicí go mbeadh an Ríocht Aontaithe i gcontúirt mura gcinnteofaí go dtoghfaí beirt fheisirí aontachtacha.

Sórt reifreann ar an mBreatimeacht a bhí ann agus chaill siad. Dúirt Arlene Foster agus Nigel Dodds ag an gcomhaireamh nach dteastaíonn Breatimeacht gan mhargadh uathu. Ach an mbeidh aon tionchar aige sin ar an scéal sna míonna amach romhainn? Cá bhfios?

Fág freagra ar 'An t-eiteachas tugtha don Bhreatimeacht arís ag muintir an tuaiscirt'