‘An t-am á chaitheamh agus gorta ag bagairt’ in Gaza

Deir na Náisiúin Aontaithe gur cur amú acmhainní agus bealach leis an aird a tharraingt ó ‘na huafáis‘ in Gaza atá sa gcóras nua dáilte cúnaimh

‘An t-am á chaitheamh agus gorta ag bagairt’ in Gaza

Tá sé ráite ag ceannasaí ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe do dhídeanaithe na Palaistíne go bhfuil “an t-am á chaitheamh agus gorta ag bagairt” in Gaza. Dúirt Philippe Lazzarini gur cur amú acmhainní agus bealach leis an aird a tharraingt ó “na huafáis” atá ag tarlú in Gaza atá sa gcóras nua dáilte cúnaimh a bhfuil tacaíocht na Stát Aontaithe aige.

“Creidimse gur cur amú acmhainní atá ann agus bealach leis an aird a tharraingt ó uafáis. Tá córas dáilte cúnaimh againn cheana féin atá breá ábalta don chúram,” a dúirt Lazzarini.

“Tá lucht na daonnúlachta faoi réir in Gaza, UNRWA [Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha] san áireamh. Tá an taithí agus an saineolas againn le fóirithint ar dhaoine atá i ngátar,” a dúirt sé.

“Ag an am céanna, tá an t-am á chaitheamh agus gorta ag bagairt, mar sin caithfear ligean d’oibrithe daonnúla a gcuid oibre a dhéanamh anois le beatha daoine a shábháil.”

Dúirt Oifig Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe go gcreideann siad gur gortaíodh 47 duine in Gaza Dé Máirt nuair a thug plód ruathar faoin ionad dáilte cúnaimh in Tel-al-Sultan atá á reáchtáil ag grúpa cúnaimh conspóideach nua a bhfuil Iosrael agus na Stáit Aontaithe taobh thiar de. Deir GHF gur thugadar amach 8000 bosca bia, nó beagnach leathmhilliún béile, go dtí seo. Deir lucht cúnaimh eile gur údar imní é gur sa deisceart agus i lár tíre atá GHF ag cuidiú, rud a d’fhéadfadh an díláithriú a éascú agus daoine ar an ngannchuid.

Dúirt oifigeach sinsearach de chuid na Náisiún Aontaithe go rabhadar fós ag bailiú eolais faoin eachtra sin ach gur urchair ba shiocair leis an gcuid is mó de na gortuithe agus gur ón IDF [Fórsaí Cosanta Iosrael] a scaoileadh iad.

Conraitheoirí slándála as Meiriceá atá ag obair don GHF [Fondúireacht Dhaonnúil Ghaza] agus ní bhíonn aon bhaint acu leis na Náisiúin Aontaithe, a deir go bhfuil an córas dáilte cúnaimh sin mí-eiticiúil agus nach féidir leis feidhmiú. D’éirigh ceannasaí an GHF, Jake Wood, as a phost an tseachtain seo.

Deir rialtais Iosrael agus na Stát Aontaithe gurb amhlaidh nach bhfuil siad ag ligean do Hamas an cúnamh a ghoid, rud a deir Hamas nach ndéanann siad.

Tá rabhadh eile tugtha ag áisíneachtaí cúnaimh na Náisiún Aontaithe go bhfuil an 2.1 milliún duine atá ina gcónaí in Gaza i mbaol ón ocras tubaisteach tar éis beagnach trí mhí de léigear Iosrael ar na críocha sin, léigear a maolaíodh an tseachtain seo caite.

Áitíonn Jens Laerke, urlabhraí oifig comhordaithe cúnaimh na NA, gurb é atá ag teastáil in Gaza – na bealaí trasnaithe ar an teorainn a athoscailt, daoine a choinneáil slán agus dlús a chur le ceadúnais chun cúnamh éigeandála a thabhairt isteach go Gaza.

Fág freagra ar '‘An t-am á chaitheamh agus gorta ag bagairt’ in Gaza'