‘Clúmhilleadh ar Éirinn’ é frith-Sheimíteachas a dhéanamh de cháineadh ar Netanyahu – an tUachtarán

Dúirt Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn gur tharla sé 11 uair cheana gur ghníomhaigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ar son na síochána nuair a theip ar an gComhairle Slándála sin a dhéanamh

‘Clúmhilleadh ar Éirinn’ é frith-Sheimíteachas a dhéanamh de cháineadh ar Netanyahu – an tUachtarán

Deir Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn gur “clúmhilleadh ar Éirinn” a bhí ann frith-Sheimíteachas a chur i leith aon duine a cháineann polasaithe Benjamin Netanyahu, Príomh-Aire Iosrael.

“Má cháineann tú polasaithe Netanyahu, deirtear gur duine thú atá frith-Sheimíteach. Náire shaolta é sin agus is clúmhilleadh é – clúmhilleadh atá déanta ar Éirinn, ar dhaoine aonair, mé féin ina measc, daoine a bhfuil a saol caite acu ag obair ar son chearta an duine,” a dúirt an tUachtarán agus é ag oscailt Féile Bloom Bord Bia i bPáirc an Fhionnuisce inniu.

Dúirt sé go raibh feachtas bolscaireachta ar bun sna Stáit Aontaithe in aghaidh na hÉireann.

“Nuair a bhímid ag socrú cruinnithe le daoine a bhíonn ag infheistiú in Éirinn, téitear i dteagmháil leosan roimh ré agus moltar an cur chuige seo dóibh ‘ar dtús fiafraigh cén fáth a bhfuil Éire chomh mór sin i gcoinne pholasaí na Stát Aontaithe ar Iosrael?’ “

Dúirt an tUachtarán go raibh an-tuiscint ag muintir na hÉireann ar chúrsaí sa Mheánoirthear mar go raibh fir agus mná na tíre seo thall ag cosaint na síochána agus gur thugadar an fhírinne abhaile leo.

Agus é ag cur síos ar chúrsaí in Gaza, dúirt an tUachtarán go raibh 81% den phobal díbeartha as a dtithe.

“Tá siad curtha i lóistín sealadach agus buamaí scaoilte leo ansin, tá an ithir scriosta orthu agus a gcuid ospidéal buamáilte. Briseann sé mo chroí go bhfuil naoi dtír fós nach bhfuil sásta sos comhraic féin a éileamh.”

Rinne an tUachtarán an moladh céanna a rinne sé ag Ócáid Chuimhneacháin an Ghorta Mhóir i gCill Mhocheallóg coicís ó shin, agus mhol sé arís do Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe leas a bhaint as bearta speisialta chun an Chomhairle Slándála a shárú mura bhfuil siadsan sásta gníomhú ar ghéarchéim Gaza.

Tá deis ag an gComhthionól Ginearálta gníomhú mura ndéanann an Chomhairle Slándála gníomh, is féidir leis an gComhthionól Ginearálta seisiún speisialta a ghairm faoi bhearta speisialta ar son na síochána agus dul thar an gComhairle Slándála.

Dúirt an tUachtarán gur baineadh leas as an mbeart sin 11 uair agus go bhfuil sé in am é a úsáid arís.

“Inniu an lá don bhia agus don chúnamh leighis agus uisce agus molaim gach duine atá ag iarraidh é sin a dhéanamh.”

Fág freagra ar '‘Clúmhilleadh ar Éirinn’ é frith-Sheimíteachas a dhéanamh de cháineadh ar Netanyahu – an tUachtarán'