An t-ábhar nár theastaigh uaim a phlé, ach ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar léitheoirí 

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: chuir an galar a tháinig ar mháthair ár gcolúnaí cor gan choinne ina chinniúint mar scríbhneoir

An t-ábhar nár theastaigh uaim a phlé, ach ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar léitheoirí 

Bhí mé amhrasach go leor nuair a chuir mé tús leis an tsraith ‘Cuimhne agus Dearmad’ ar na leathanaigh seo seacht mbliana go leith ó shin, sraith colún faoi mo mháthair, a raibh galar Alzheimer uirthi, agus a d’imigh uainn an mhí seo caite.

Ceist eitice a bhí ag dó na geirbe dom sa chéad áit. An mbeinn ag teacht i dtír ar fhulaingt mo mham, ag saothrú airgid as a cuid eachtraí, a bhí greannmhar i dtosach ach a d’éirigh níos léanmhaire de réir mar a chuaigh an galar i ndonas? An mbeadh sí ina ceap magaidh agam, ina staicín áiféise?

Is minic a chuimhnigh mé, agus colún eile sa tsraith á scríobh agam, ar rud a dúirt an síceolaí a raibh cúram mo mháthar uirthi liom féin agus le mo dheartháir óg le linn ár gcéad choinne léi, díreach tar éis di féin agus d’fhoireann dochtúirí a dheimhniú go raibh galar Alzheimer ar ár máthair dáiríre.

‘Ar bhur máthair atá an galar, ach éireoidh sibh féin tinn ar bhealach freisin.’

Nach aici a bhí an ceart. Níor le mo mháthair amháin, i gcead di, an fhulaingt agus an crá croí, agus tháinig mé ar an tuiscint go raibh lánchead agam scríobh faoin tionchar a bhí ag an ngalar a bhí uirthi ar mo shaol féin. Lena chois sin, rith sé liom nach raibh mórán á scríobh faoin taobh sin de ghalar Alzheimer dáiríre, fiú agus an galar i gcinniúint duine as gach cúigear, agus nach bhfaca mé an t-ábhar á chíoradh i nGaeilge ach go fíorannamh.

Ach b’in ceist eile a tháinig idir mé agus mo mhéarchlár go minic agus mé i mbun na gcolún. In Éirinn den chuid is mó atá léitheoirí Tuairisc.ie ina gcónaí agus san Ísiltír a bhí cónaí ar mo mham, tír ina bhfuil córas leighis agus cúraim an-éagsúil i bhfeidhm i gcomparáid leis na córais atá i bhfeidhm sa Phoblacht agus sna Sé Chontae, gan trácht ar dhearcthaí éagsúla a bheith ag muintir na hÍsiltíre agus ag muintir na hÉireann go minic faoin mbeatha agus faoin mbás. Cé chomh hábhartha agus a bheadh colúin faoi othar Alzheimer san Ísiltír do lucht léite in Éirinn?

Sna tráchtanna ag bun na gcolún agus sna scórtha teachtaireachtaí ríomhphoist chugam féin a bhí an freagra ar an gceist sin.

Ó thosaigh mé amach mar iriseoir agus mar scríbhneoir tríocha bliain ó shin, níor chothaigh aon rud dár scríobh mé an oiread sin aiseolais agus a chothaigh an tsraith ‘Cuimhne agus Dearmad’.

Níl a fhios cá mhéad duine – daoine a raibh aithne agam orthu agus daoine nár casadh orm riamh i mo shaol – a dúirt liom síos tríd na blianta gur thug mo chuid colún faoiseamh dóibh, ugach, misneach, gur teiripe de chineál a bhí sna colúin dóibh.

Teiripe a bhí sna colúin dom féin chomh maith, gan dabht. Bealach chun mo racht a ligean, chun greann dóite a bhaint as an gcéasadh. Ach thar aon rud eile, ba é an bealach a d’aimsigh mé chun a chinntiú nach ‘dtruailleodh’ galar Alzheimer an chuid eile de mo chuid scríbhneoireachta; colún agus sconsa ard timpeall air a bhí in ‘Cuimhne agus Dearmad’.

Cor gan choinne i mo chinniúint mar scríbhneoir, mar sin, gurb é an t-ábhar nár theastaigh uaim a phlé, dáiríre, is mó a chuaigh i bhfeidhm ar mo chuid léitheoirí. Tá mé buíoch as na teachtaireachtaí tacaíochta ar fad a fuair mé le seacht mbliana go leith anuas, agus as Tuairisc.ie as ardán a chur ar fáil.

Fág freagra ar 'An t-ábhar nár theastaigh uaim a phlé, ach ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar léitheoirí '

  • Mairéad Ní Nuadháin

    Buíochas duit fein freisin a Alex. Bhí na colúin sin thar barr. Mairéad