Go hiomlán gan choinne fuair mo chara, an scríbhneoir is an síceolaí, teachtaireacht ríomhphoist ó dhuine de na gníomhairí litríochta is aitheanta san Eoraip.
‘Ar mhaith leat leabhar mórdhíola síceolaíochta a fhorbairt i gcomhar linn?’
An chéad rud a rinne mo chara ná an teachtaireacht sin (a bhí níos faide ná an achoimre thuas) a chur ar aghaidh chugamsa agus glaoch orm. Ní hamháin gur dlúthchairde muid ó aimsir na meánscoile i leith; ó thaobh na scríbhneoireachta de go háirithe, is comrádaithe muid ar pháirc an áir. Conarthaí foilsitheoireachta a cheiliúradh, tograí teipthe a chaoineadh, cinntí gairme a thógáil: déanaimid gach rud le chéile.
‘Meas tú an scéim caimiléireachta é seo?’ ar seisean.
An chéad rud a rinne mé ná breathnú ar leathanach na foirne ar shuíomh na gníomhaireachta litríochta. Bhí an duine a shínigh an teachtaireacht ríomhphoist sin ag obair mar fho-eagarthóir sa chomhlacht sin dáiríre; bhí grianghraf leis an gcur síos ar a phost agus chuile shórt.
‘Ní scéim é seo ná é, abair leo láithreach go nglacfaidh tú lena gcuireadh chun cainte.’
Ach bhí saothar orm an méid sin féin a rá. I mo chliabhrach, bhí an deamhan darb ainm Éad ag dul as a chranna cumhachta.
Níl a fhios cén fhad atá mé féin ar thóir foilsitheora d’úrscéal ar chaith mé seacht nó ocht mbliana de mo shaol ag plé leis, agus seo, mar a bheadh lámh chúnta ón spéir, cuireadh do mo chara leabhar féinchabhrach a scríobh a bheadh ar fáil i siopaí aerfoirt ó Bhaile Átha Cliath go Nua-Eabhrac agus ó Dubai go Ushuaia.
‘Ba mhaith liom tusa a chur in aithne dó,’ an chéad rud a dúirt mo chara liom tar éis dó casadh leis an nGníomhaire Mór (agus ní leis an bhfo-eagarthóir) go pearsanta. ‘Cá bhfios nach mbeadh spéis aige i d’úrscéal.’
B’éard a theastaigh uaim a dhéanamh ag an nóiméad sin ná breith ar mo chara agus a chloigeann a bhualadh i gcoinne cuaille solais, ach ní dhearna. Ag iarraidh ugach a thabhairt dom a bhí sé gan dabht, agus má bhíonn deis aige amach anseo mé a chur in aithne don Ghníomhaire Mór dáiríre glacfaidh mé leis an gcuireadh go humhal.
Ar chaoi ar bith, a shíl mé liom féin ansin, nach bhfuair mise lámh chúnta ón spéir i dtús mo shlí bheatha mar scríbhneoir nuair a d’iarr foilsitheoir orm mo chéad leabhar, Favela, a scríobh? Agus nach ndeachaigh gníomhaire litríochta sa tóir orm féin deich mbliana ó shin? Ní raibh an gníomhaire sin chomh haitheanta ná chomh cumasach céanna agus theip ar ár n-iarrachtaí conradh foilsitheoireachta a aimsiú, ach mar sin féin.
Más scríbhneoir thú agus más scríbhneoir cara leat freisin, tarlóidh sé ó am go chéile go mbeidh an ghaoth ina sheolta siúd fad is a bhíonn tú féin ag streachailt, agus an bealach eile timpeall. Treabhadh ar aghaidh gualainn ar ghualainn gan ligean do dheamhan na súl glas an cairdeas a mhilleadh, sin é an buachaill.
Seán Ó Piarda
Rud nádúrtha, faraoir géar, sa daonnaí is ea éad.
Agus eascraíonn fuath, bruíonta agus cogaí as go minic muna mbrúitear faoi chois é.
Comparáid nó comórtas is bun leis go hiondúil, amhail i do chás féin.
Sainnt, chomh maith.
Is deacair é sheachaint fiú agus an duine eile ag iarraidh do leas féin a dhéanamh, an mhaith a dhéanamh.
Nach sleamhain salach mar a éalaíonn sé faoinár gcroí?
Gan ligint dó lonnú ann agus reic a dhéanamh, sin é is tábhachtaí.
An chéad chéim ná é a aithint, an méid sin a admháil agus é a dhíbirt in ainm phoillíní an diabhail ansin.
Óir is diabhalta an mac é.
Cad ab áil liom bheith i bhformad le héinne beo,
nach gcaithfimíd go léir dul chun báis?