Comhairleoir contae Gaeltachta lena vóta a chaitheamh do Jim Gavin le costais Fhianna Fáil a chúiteamh

Deir Breandán Fitzgerald gur dóigh leis gur cheart dó a vóta a chaitheamh don té a bhí ag seasamh dá pháirtí féin

Comhairleoir contae Gaeltachta lena vóta a chaitheamh do Jim Gavin le costais Fhianna Fáil a chúiteamh

Comhairleoir Contae Angie Baily leis an An gComhairleoir Contae Breandán Fitzgerald. Pictiúr: Pauline Dennigan

Tá sé ráite ag comhairleoir contae Gaeltachta de chuid Fhianna Fáil go mbeidh sé ag caitheamh a vóta ar son Jim Gavin, a d’éirigh as an bhfeachtas toghchánaíochta níos luaithe an mhí seo.

Agus é faoi agallamh ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné, dúirt Breandán Fitzgerald, comhairleoir contae do thoghlimistéar áitiúil Chorca Dhuibhne ar Chomhairle Contae Chiarraí, go vótálfadh sé do Jim Gavin ar mhaithe le costais Fhianna Fáil a chúiteamh.

“Caithfidh mé a rá go mbeidh mé ag tabhairt mo vóta do Jim Gavin mar tá sé fós ar an mballóid agus ina dhiaidh sin tá mé ag smaoineamh ar uimhir a dó a thabhairt do Heather Humphreys,” a dúirt Fitzgerald.

Nuair a d’fhiafraigh láithreoir an chláir Sláine Ní Chathalláin de ar vóta amú a bheadh ina leithéid de chinneadh, dúirt Fitzgerald nárbh ea agus go sábhálfadh sé airgead dá pháirtí.

“Ní vóta amú é, tá a ainm fós ar an mballóid agus táim chun mo vóta a thabhairt d’iarrthóir Fhianna Fáil. Comhaireann sé don pháirtí, má gheibheann Jim Gavin 12.5% den vóta gheobhaimidne ár gcuid airgid ar ais. Tá sé sin fíorthábhachtach do pholaiteoirí agus don pháirtí chomh maith. Ní hé an rud ba mhaith liom a dhéanamh,” a dúirt sé.

Shéan Fitzgerald gur tugadh aon treoir dó a vóta a chaitheamh bealach amháin nó bealach eile, ach dúirt gur dóigh leis gur cheart dó a vóta a chaitheamh don té a bhí ag seasamh dá pháirtí féin.

“Ní dúirt aon duine liom cá gcaithfidh mé mo vóta a chur, ach táim i bhFianna Fáil agus tá ainm Jim Gavin fós ar an mballóid agus beidh mé ag tabhairt mo vóta do Jim Gavin,” a dúirt sé.

D’aontaigh Fitzgerald go raibh sé tábhachtach go mbeadh an Ghaeilge ag an uachtarán ach dúirt go mbeadh sé níos tábhachtaí a vóta a thabhairt do dhuine a bheadh ar aon intinn leis féin ó thaobh na polaitíochta de. Thug sé le fios go raibh Jim Gavin agus Heather Humphreys níos gaire dá chuid polaitíochta féin ná mar atá an t-iarrthóir neamhspleách Catherine Connolly.

“Gan dabht, tá tábhacht ag baint leis an nGaelainn. Caithfimid deis a thabhairt d’aon iarrthóir an Ghaelainn a fhoghlaim. Mura dtugaimid an deis sin do dhaoine nach bhfuil an Ghaelainn acu, beimid i dtrioblóid, is dóigh liom. Chuala mé Heather Humphreys ag caint, tá sí chun í a fhoghlaim. Tá an-chuid ráite ag Catherine Connolly, agus táimid ag tógaint an rud a deireann sí.

“Táim chun an deis a thabhairt don iarrthóir. Creidim go bhfoghlaimeoidh [Humphreys] an Ghaelainn. Tá sé tábhachtach chomh maith a bheith leis an Eoraip agus le gnónna. Níl Catherine Connolly i bhfách le gnónna beaga. Níl sí ar son an-chuid de na rudaí a bhfuilimse ar a son mar tá sí ar an taobh eile den pholaitíocht.

“Nílim ag cur isteach ar Catherine Connolly, tá an-chuid measa agam uirthi ach níl [an toghchán] go hiomlán mar gheall ar an nGaelainn. Tá sé mar gheall ar an iarrthóir iomlán. Gan dabht, bheadh Jim Gavin níos fearr ná an bheirt eile, ach níl Jim Gavin ann. Ach táimse chun mo vóta a thabhairt do Jim,” a dúirt Fitzgerald.

Dúirt sé nach raibh sé ag caint lena chomhghleacaithe i bhFianna Fáil faoina chinneadh, ach gur fúthu féin a bheadh sé cinneadh a dhéanamh faoin toghchán. Dúirt sé gur “fear praiticiúil” é féin agus go dtuigeann sé na deacrachtaí a bheadh ag an bpáirtí mura gcúiteofaí leo an t-airgead a caitheadh ar fheachtas Gavin sular éirigh sé as.

“Ní raibh mé ag caint le mo chomhghleacaithe mar gheall air seo, tá an cinneadh sin a dhéanamh suas leo féin. Mar a dúras, níl aon duine ag rá leo conas an vóta a chaitheamh. Caithfimid an cinneadh sin a dhéanamh sinn féin. Is fear praiticiúil mé agus táim páirteach sa pháirtí lena lán ama, ach chíonn mé na deacrachtaí faoi airgead a bhailiú agus na rudaí sin. Mura vótálfaimid do Jim Gavin agus na costais sin a lorg ar ais, níl ciall leis sin,” a dúirt Fitzgerald.

Fág freagra ar 'Comhairleoir contae Gaeltachta lena vóta a chaitheamh do Jim Gavin le costais Fhianna Fáil a chúiteamh'