An slua is mó riamh i stair Fhéile na Scannán Éireannacha Boston i láthair do scéal Rocky Ros Muc

Taispeánadh scannán faisnéise nua faoi shaol an dornálaí Seán Ó Mainnín den chéad uair ag Féile na Scannán Éireannach in Boston ag an deireadh seachtaine agus bhí muintir Chonamara, lucht na dornálaíochta agus lucht na scannán ann go tréan

An slua is mó riamh i stair Fhéile na Scannán Éireannacha Boston i láthair do scéal Rocky Ros Muc

B’fhéidir nach bhfuil an cháil chéanna ar an Sommerville Theatre in Boston agus atá ar Madison Square Garden, ach mheall gaiscí Sheáin Uí Mhainnín na sluaite chuig an amharclann sin an deireadh seachtaine seo caite agus scannán faisnéise nua ‘Rocky Ros Muc’, á thaispeáint den chéad uair.

Bhí Rónán Mac Con Iomaire, a scríobh an leabhar ar a bhfuil an scannán faisnéise Rocky Ros Muc bunaithe, agus atá ina léiritheoir comhlach ar an scannán féin, i láthair ag an bhFéile Éireannach in Boston don chéad léiriú.

“Bíonn cineál amhrais ort nuair atá tú ag taispeáint rud os comhair slua den chéad uair. Céard a cheapfaidh daoine?

“Tá sé feicthe againne chomh minic sin le cúpla mí anuas ach tá sé go hiomlán difriúil é a fheiceáil agus tú i lár slua 700 duine agus é a roinnt le daoine eile. Bíonn gáire ann in áiteanna b’fhéidir nár cheap tú go mbeadh daoine ag gáire agus mar sin.”

Ní raibh aon ghá amhras a bheith ar Mhac Con Iomaire agus an slua is mó d’aon scannán i stair na féile, atá ar an bhfód le 17 bliain, sa Sommerville Theatre oíche Shathairn. Ní hamháin sin, ach thug Rocky Ros Muc gradam na féile leis chomh maith.

‘Sean Mannion documentary packs the house at Irish Film Festival Boston’ an cheannlíne a bhí ar an Boston Globe.

“Ní fhéadfadh deireadh seachtaine níos fearr a bheith againn i ndáiríre agus bhí sé iontach go raibh Seán agus roinnt mhaith de rannpháirtithe an scannáin i láthair an oíche sin chomh maith.”

Déanann an scannán, ina bhfuil agallaimh i mBéarla agus i nGaeilge ann, cur síos ar shaol an Mhainnínigh, a rugadh i Ros Muc in iarthar na Gaillimhe ach a chuaigh ar imirce nuair a bhí sé ina dhéagóir.

Agus é ina chónaí in Dorchester, dhírigh Ó Mainnín ar an dornálaíocht agus i 1984 throid sé do Chraobh Mheánmheáchain WBA an Domhain in Madison Square Garden, cath a chaill sé in aghaidh Mike McCallum atá aitheanta ar dhuine de mhórdhornálaithe na linne sin.

Ní ansin ach cuid den scéal, áfach agus, dar le Mac Con Iomaire, tá i bhfad níos mó i gceist le scéal Uí Mhainnín.

“An rud a bhíonn ag teastáil do scannán faisnéise maith ná go mbeadh mothúcháin ag baint leis agus tá sé sin ag an scéal seo.

“Tháinig an oiread sin daoine suas chugainn i ndiaidh an léirithe, daoine nár chuala faoi Sheán Ó Mainnín roimhe seo, a dúirt go raibh siad ag caoineadh i rith an scannáin.

“Nuair a bhí muid ag tabhairt faoin scannán, agus ba é an scéal céanna é leis an leabhar, dúirt mé le Seán go raibh sé tábhachtach go mbeadh ionracas agus macántacht le feiceáil sa scéal agus bhí agus ceapaim go ndeachaigh sé sin i bhfeidhm ar dhaoine.”

Rónán Mac Con Iomaire, léiritheoir comhlach, Máire Bhreathnach, léiritheoir, agus Michael Fanning, stiúrthóir Rocky Ros Muc.

Chomh maith le cur síos a dhéanamh ar ghaiscí dornálaíochta an Mhainnínigh, déanann an scannán plé ar scéal an imircigh agus ar an gceangal idir Boston agus Conamara. Tá plé ann freisin, a deir Mac Con Iomaire, faoin gceist, ‘céard é an baile?’.

“Bhí dream i láthair an oíche cheana atá i mBoston le dhá scór bliain agus tuilleadh agus dúirt siad gurbh é sin an chéad uair go bhfaca siad iarracht an cheist sin a mhíniú agus a thaispeáint, go bhféadfadh an dá bhaile a bheith i gceist.”

Déantar cur síos chomh maith ar shaol na coiriúlachta in Boston ag an am. Bhíodh roinnt mhaith de na fir a bhíodh ag speáráil le Ó Mainnín ina mbaill de dhrong Whitey Bulger. Cuireadh cuid acu faoi agallamh don scannán agus deir Mac Con Iomaire nach raibh a fhios aige cén léamh a bheadh acu ar an léiriú.

“Is cinnte go bhfuil píosaí den scannán a bhfuil sé deacair breathnú orthu, go háirithe do chuid de na rannpháirtithe atá ag insint a gcuid scéalta. Bhí amhras orm mar go raibh mé ag suí i bhfoisceacht cúpla troigh de na daoine seo ach ceapaim go raibh gach duine sásta leis!”

Tá sé anois i gceist ag lucht an scannáin, a rinne an comhlacht Below the Radar, ócáid speisialta a eile a eagrú i Ros Muc agus an saothar a thaispeáint i mbaile dúchais Sheáin Uí Mhainnín ag tús an tsamhraidh, sula mbeidh sé le feiceáil ag féilte scannán eile.

Beidh Rocky Ros Muc le feiceáil ar TG4 aimsir na Nollag seo chugainn agus craolfar leagan Gàidhlig ar BBC Alba amach anseo chomh maith.

Seán Ó Mainnín lena gaolta agus cairde.

Fág freagra ar 'An slua is mó riamh i stair Fhéile na Scannán Éireannacha Boston i láthair do scéal Rocky Ros Muc'