An scríbhneoireacht agus an intleacht shaorga – tabharfaidh mé leid duit …

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: le teann fiosrachta, shocraigh ár gcolúnaí cuireadh a thabhairt don intleacht shaorga cúnamh a thabhairt dó le togra cruthaitheach nua

An scríbhneoireacht agus an intleacht shaorga – tabharfaidh mé leid duit …

Ghéill mé. Thosaigh mé ag baint úsáid as an intleacht shaorga (AI) mar chuid den phróiseas cruthaitheach.

Ní mar chuid den scríbhneoireacht, go díreach, ach chun léaráidí a dhéanamh.

Tá an scéal a theastaíonn uaim a insint i dtogra nua atá idir lámha agam chomh físiúil sin gur fearr a d’oibreoidh sé mar ghreannán ná mar shaothar téacs, ach níl aon mhaith liom sa líníocht. Ní leisce amháin is cúis leis sin: tá iarrachtaí déanta agam an scil sin a fhorbairt ach sa deireadh b’éigean dom a admháil nach bhfuil an bua sin agam.

Ach mairimid i ré úrnua, réabhlóideach: cuireann an intleacht shaorga ar chumas an duine rudaí a dhéanamh nach n-éiríonn leis féin a chur i gcrích.

Bhí drogall orm ar dtús. An séitéireacht a bhí ann, caimiléireacht, dópáil?

Ach tá chuile dhuine eile á dhéanamh, a dúirt mé liom féin; tá ChatGPT agus DeepSeek agus a leithéidí ar fhónanna na gcéadta milliún duine. Cén fáth nach mbainfinn féin úsáid as an teicneolaíocht atá ar fáil?

Léirigh taighde sciobtha go bhfuil raidhse aipeanna ann a ghineann íomhánna de chuile chineál (léaráidí, grianghraif agus go deimhin íomhánna 3D) ag baint úsáid as an intleacht shaorga; is leor cuardach bunúsach a dhéanamh ar an idirlíon agus tiocfaidh tú ar liostaí fada agus ar ailt a dhéanann comparáid idir na haipeanna éagsúla.

Acu sin, ba iad na haipeanna Craiyon DreamUp, ar cuid é den ardán ealaíon DeviantArt ba mhó a mheall m’aird. Craiyon toisc go bhfuil sé cruinn, inrochtana gan chuntas, agus saor in aisce den chuid is mó. Caithfear cuntas a chlárú agus síntiús íoctha a bhaint amach ar DeviantArt chun an aip DreamUp a úsáid, ach tá samhlaíocht i bhfad níos saibhre ag an aip sin agus tá caighdeán na bpictiúirí a ghineann sé i bhfad níos airde.

Ach fuair mé amach sách sciobtha go bhfuil scil dá cuid féin ag baint leis an líníocht ar aipeanna a bhaineann úsáid as an intleacht shaorga, scil nach bhfuil baileach chomh deacair agus an líníocht le peann agus páipéar, ach nach aon dóithín í mar sin féin.

Chun pictiúr a chruthú ar aip líníochta, caithfear ‘leid’ a scríobh: cur síos gairid i bhfocail ar an íomhá a theastaíonn uait. Ar lámh amháin, glacann na haipeanna leis na leideanna sin ar bhealach thar a bheith litriúil; ar bhealach eile, cumann siad leo ar a sáimhín só: má chlónn tú isteach go dteastaíonn ‘dornálaí agus staidiúir ríoga aige’ uait, gach seans go mbeidh coróin ar bharr a chinn sa toradh.

Ní hamháin sin, ach tá tábhacht ar leith leis an ord ina dtugtar an t-eolas sa leid; leagann na haipeanna béim i bhfad níos láidre ar na gnéithe a luaitear i dtús na leide.

Próiseas tástála agus earráide atá ann, agus toisc nach dtugann an síntiús is saoire ar DeviantArt cead duit ach 200 leid a scríobh sa mhí, is é an nós atá agam anois ná leid a dhréachtú agus a thabhairt chun foirfeachta san aip saor in aisce Craiyon agus é a úsáid in DreamUp ina dhiaidh sin.

Tá na haipeanna líníochta bunaithe ar an intleacht shaorga fós ag foghlaim leo agus ní bhíonn an toradh sásúil i gcónaí (tá lámha agus méara an-deacair, is cosúil.) Ach sáraíonn siad pé iarracht a dhéanfainn féin, agus ní chuirfeadh sé iontas orm dá mbeadh modúl ar nós ‘conas leid éifeachtach a scríobh’ mar chuid den rang líníochta nó ealaíne ar scoil gan mhoill.

San am a caitheadh, bhíodh ar an scríbhneoir a dteastódh uaidh tabhairt faoi ghreannán ach nach mbíodh bua na líníochta aige obair as lámh le maisitheoir. Ní mar uirlisí ach mar chomhghleacaithe sóisearacha i bhfoireann a bhreathnaím anois ar na haipeanna líníochta bunaithe ar an intleacht shaorga a mbainim úsáid astu.

Ach an dtabharfaidh mé cuireadh do chomhghleacaithe saorga cúnamh a thabhairt dom agus mo phríomhjab – an chruthaitheacht théacsbhunaithe – á dhéanamh agam? Sin céim nach bhfuil mé réidh lena tabhairt go fóill.

Fág freagra ar 'An scríbhneoireacht agus an intleacht shaorga – tabharfaidh mé leid duit …'