Tá rannpháirtíocht na hÉireann faighte ag an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (ICJ) sa gcás a thóg an Afraic Theas ag líomhain cinedhíothú Iosrael i nGaza.
Bhí Iosrael is a lucht tacaíochta, na Stáit Aontaithe go háirithe, le ceangal mar gheall ar an gcás, a thóg an Afraic Theas ar dtús ag deireadh 2023, ag lorg rialú ón gcúirt go bhfuil Iosrael ag sárú an Choinbhinsiúin um Chinedhíothú, conradh idirnáisiúnta a chuireann iallach ar stáit gníomhú chun cinedhíothú a chosc san áit a bhfuil sé ag tarlú.
Tá os cionn 45,000 duine básaithe san ionsaí leanúnach atá á dhéanamh ag Iosrael ar Gaza agus ar an mBruach Thiar, ina measc 17,000 páiste. Sin gan trácht orthu siúd a fuair bás sna hionsaithe a rinne Iosrael ar an Liobáin.
Deir Iosrael go bhfuil treallchogaithe Hamas – nó sceimhlitheoirí mar a thugann Iosrael orthu – mar thargaid acu, ach is léir gur sibhialtaigh an chuid is mó de na daoine atá á marú, go leor dochtúirí, altraí, oibrithe leighis eile, múinteoirí agus iriseoirí ina measc.
Tá ospidéil, scoileanna, leabharlanna nach mór scriosta ar fad ar fud Gaza, is táthar ag leanacht go fíochmhar le hionsaithe ar Phalaistínigh ar an mBruach Thiar ag iarraidh iad a thiomáint as a mbaile dúchais agus a gcuid talún a ghoid.
Sé sin, tá bunriachtanais bheatha an phobail Phalaistínigh á scrios. Is cinedhíothú é sin, dar leis an Afraic Theas agus, anois, dar le hÉirinn.
Tá Iosrael i mbun feachtas nimhneach le cur i gcoinne an cháis seo. Ach sheas Éire an fód is níor ghéill muid – go fóill – do na bagairtí ó Iosrael.
Thug Éire aitheantas don stát Palaistíneach, in éineacht leis an Spáinn agus an Iorua, gníomh siombalach ach tábhachtach a léirínn go seasann muid leo dáiríre.
Tá lucht Iosrael anois ag bagairt go n-íocfaidh muid praghas ard air seo, is tá stocaireacht ar siúl i Meiriceá i gcoinne na hÉireann, agus foláirimh bhagracha á ndéanamh go laethúil go gcuirfear stop le hinfheistiú in Éirinn is go gcaillfidh muid jabanna.
Tá daoine eile ag moladh do Donald Trump gan cead a thabhairt isteach sa Teach Bán dúinn ar Lá ‘le Pádraig, agus Alan Shatter ina measc siúd a deir go n-íocfaidh muid praghas as ár ndlúthpháirtíocht le muintir na Palaistíne.
Nílim ag rá gur amaidí atá sna bagairtí seo. Go deimhin, ceapaim go ndéanfaidh lucht stocaireachta Iosrael a ndícheall le dochar a dhéanamh dúinn. Ach bheadh sé náireach ar fad dá ngéillfeadh muid don bhrú seo.
Anois tá fronta nua á oscailt i gcoinne na hÉireann. Baineann sé leis an mBille um Chríocha faoi Fhorghabháil. Chuirfeadh an bille seo bac ar earraí Iosraelacha ó Gaza nó ón mBruach Thiar a thabhairt isteach go hÉirinn. Céim bheag theoranta a bheadh ann, ach céim a dtacaíonn muintir na hÉireann agus polaiteoirí ar gach taobh léi.
Chuirfeadh an Bille cosc ‘ar thrádáil le lonnaíochtaí neamhdhleathacha’ agus chuirfeadh sé “tacaíocht eacnamaíoch” ar fáil “do lonnaíochtaí neamhdhleathacha i gcríocha a mheastar a bheith faoi fhorghabháil faoin dlí idirnáisiúnta”, go háirithe lonnaíochtaí Iosrael i gcríocha atá faoi fhorghabháil ag Iosrael. Ghearrfaí fíneálacha suas le €250,000 agus suas le cúig bliana príosúin ar éinne a chiontófaí faoin dlí.
Dhiúltaigh an rialtas ó 2020, faoi bhrú ó Fhine Gael, an Bille seo a chur i bhfeidhm in ainneoin gur thacaigh gach uile pháirtí eile leis. Ach sa bhfeachtas toghchánaíochta is deireanaí, dhearbhaigh gach ceannaire páirtí go raibh siad ar son an Bille a reáchtáil.
Ach anois tá feachtas ar siúl, taobh thiar de dhoirse iata is cosúil, gan dul ar aghaidh leis.
Is cuma faoi na tuairimí faoi atá le feiceáil ar X, ach ábhar mór buartha a bhfuil le rá ag daoine mar Dan Mulhall, iar-ambasadóir na hÉireann go dtí na Stáit Aontaithe.
Fear oilte a bhfuil cáil air sa gcóras taidhleoireachta é Mulhall, ach má tá an port céanna á sheinm sa Roinn Ghnóthaí Eachtracha is ábhar buartha é.
Ar X dúirt Mulhall nach cóir dul ar aghaidh leis an mbille mar gheall ar an mbrú a chuirfí orainn ó thaobh na heacnamaíochta de, agus bíonn tuairimíocht den chineál céanna le feiceáil ó am go chéile sna meáin mhóra, cé nach bhfuil aon rud dá leithéid ráite go poiblí ag polaiteoir ar bith.
Spreagann an chaint seo ceist: cén praghas trádála nó infheistíochta a chuirfí ar shaol leanbh Palaistíneach?
Cén luach atá ar phrionsabail mhorálta, nó an féidir muid a cheannach, mar a shíleann Donald Trump a bheidh an Ghraonlainn?
Carraig
Údar náire shaolta eile é go mbíonn urrúis de chuid Stát Iosrael á reic ag Banc Ceannais na hÉireann i mBÁC. D’aistrigh Iosrael an gnó sin anall ó Shasana go hÉirinn t’réis Brexit.
Leis an airgead a ghnóthaítear as na bannaí/urrúis sin cuirtear bonn taca níos láidre faoi eacnamaíocht chogaidh Stát Iosrael.
Stát a bhfuil cine-ghlanadh agus/nó cine-dhíothú in aghaidh an lae á dhéanamh aige.
Stát fuilteach fíochmar forghabhála, mar a léiríonn Eoin thuas.
Ní náire ná ní meatacht go dtí é.
Beidh a gcuid cainte ag leathadh ar ár bpolaiteoirí aríst eile amach anseo agus iad ag iarraidh ‘an fhadhb’ seo a chur ó dhoras.
Dris…cosáin, cannaí….ciceáil…bóthar.