Bríd – Paidir
Mairéad Ní Chonaola
Seanda, úrnua
seandacht an úire
saoi, draoi
bandia is naomh
anseo, ansiúd
romham is i mo dhiaidh
gach lá de mo shaol
Bríd na mbocht
na nocht, na n-uasal
na n-abhann, na gcnoc
na dtobar naofa
Bríd na gcrann
an dair is an chaorthainn
an coll is an sceach gheal
Bríd dár gcumhdach
is dár saoradh
le do chlóca, do bhrat
is do sholas draíochta
go raibh mo chroíse
i gciúnas chroí Bhríde
gach lá is oíche
Áiméan
Róisín Sheehy
Ana dheas a Mhairéad.