An ndeachaigh an teachtaireacht taobh amuigh do gheataí na Dála ag lucht agóidíochta na Gaeltachta amú san aistriúchán an lá cheana ar a bealach chuig an Taoiseach? Mura raibh ann ach ar taispeánadh ar RTÉ dá fhreagra faoi cheist na pleanála sa nGaeltacht, ní raibh Leo Varadkar ag tuiscint chás na ndaoine a bhí tagtha aniar, aneas agus aduaidh. Luaigh an Taoiseach go dtabharfaí aird ar cheist lucht labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht i dtreoirlínte pleanála a bhí le foilsiú.
Níl dabht, ar ndóigh, ach go raibh dream na Gaeltachta a bhí ag agóidíocht ag súil go mbeadh an Ghaeilge láidir, folláin agus ceannasach ina ndúichí féin. Ach mura bhféadfaidh siadsan, agus a macasamhail de dhaoine óga, cead pleanála a fháil ina gceantar féin ní bheidh siadsan in ann cur leis an sruth Gaelachais ná le beocht na Gaeltachta.
Tá ceist mhór amháin le réiteach, ar an gcéad iarraidh, sna teoirlínte seo atá geallta le tamall – sin go mbeadh cead ag daoine teach cónaithe dá gcuid féin a thógáil ina gceantar féin faoin tuath. Sin é croí na ceiste.
Níl sruth an tsaoil sa gcóras pleanála ag teacht leis an gcuspóir sin.
B’fhéidir gur thug daoine faoi deara an ráiteas a rinne an Teachta Dála, Michael Fitzmaurice as toghcheantar Ghaillimh/Ros Comáin le ríghairid faoi bhreis dintiúirí atá ag teacht isteach sa gcóras pleanála a d’fhéadfadh, dar le Fitzmaurice, an chaidhp bháis a chur ar phobail tuaithe.
Cuimhníodh muid gur pobail tuaithe iad formhór na gceantar Gaeltachta.
Le fada an lá, tá téarmaíocht ar nós ‘the open character of rural Ireland’ tagtha isteach sa bhfoclóir pleanála. Má tá an polasaí sin le cur i gcrích, caithfear srian daingean a chur ar an líon tithe nua a cheadófar faoin tuath. Agus sin é an polasaí.
Caithfidh muid súil ar an scéal agus an saol mar atá sé ar leic an dorais. Is ansin a thagann an crú ar an tairne.
Chuaigh toscaireacht as Iorras Aithneach isteach go Comhairle Chontae na Gaillimhe ceithre bliana ó shin ag iarraidh go dtógfadh an t-údarás áitiúil slám tithe a bheadh le ligean ar cíos i gCarna. Dúradh leo nach dtógfaí aon teach Comhairle Contae i gCarna aríst. Dúradh leo nach raibh aon chiall leis mar go raibh an ceantar rófhada ó sheirbhísí; ba cheart feasta, a dúradh leo, go mairfeadh daoine in áiteacha nach dteastódh carr ann.
Tá an córas pleanála múnlaithe sa gcaoi agus go bhfuil an brú sin ag dul ar dhaoine.
Is fiú súil a chaitheamh ar na cúinsí atá id aghaidh má bhíonn tú ag iarraidh cead pleanála i gConamara. Cé nach é an cás céanna ar fad é, tá go leor de na cúinsí céanna id aghaidh i gceantair Ghaeltachta eile, go háirithe na ceantair anuas le himeall an Atlantaigh.
- Tá 70% de Chonamara aitheanta mar Cheantar Speisialta Caomhnaithe (SAC.). Ar chraiceann do chluaise ná téigh i ngar do na ceantair sein – fiú amháin i ngar dóibh. Agus ní féidir, de réir reachtaíocht an Aontais Eorpaigh aon athrú a chur orthu.
- Tá cineálacha eile caomhnaithe ann ar nós Limistéar Nádúrtha Oidhreachta [NHA] agus Limistéar faoi Chosaint Speisialta [SPA] – cosaint ar éanacha is eile. B’éigean do dhuine a bhí sa tóir ar chead pleanála i gceantar Rinn Mhaoile €1,100 a chaitheamh lena ‘speáint nach raibh cosán eitilte na bhfaoileán gar don suíomh a bhí aige.
- Tá cúig Rannóg Timpeallachta leagtha amach ag lucht na pleanála i gComhairle Chontae na Gaillimhe. Is í rannóg a cúig an ceann is tábhachtaí agus is déine rialacha, tá deis ar chead pleanála i bhfad níos fearr agat má tá tú i rannóg 1 agus is ansin atá an chuid is mó d’oirthear na Gaillimhe. I Rannóg 5 atá an taobh ó thuaidh de Chonamara agus íslíonn sé de bheagán de réir mar atá tú ag teannadh ó dheas. Tá Iorras Aithneach, Ros Muc/Camas agus ceantar Leitir Móir agus Leitir Mealláin idir Rannóg 3 agus 4. Mar a tharlaíonn sé, tá an stráice amach as Gaillimh go Cois Fharraige agus i dtreo na Ceathrún Rua thart ar Rannóg a 2. Tugann sin buntáiste beag ó thaobh na pleanála sa taobh sin tíre, ach is constaic ó thaobh na pleanála na rannóga ard.
Ar ndóigh, tá na bratacha caomhnaithe cosanta timpeallachta seo aitheanta mar bheart an-tábhachtach i measc cuid mhaith daoine agus eagraíochtaí, ach tá de mhíbhuntáiste leo go logánta gur minic gur dris chosáin iad rompu siúd atá ag iarraidh cead pleanála. Lena chois sin, tá neart driseacha cosáin eile i gConamara agus i réimsí eile den Ghaeltacht.
- Dabhchanna séarachais. Marach nádúrtha ar Chonamara nach súnn an portach ná an talamh tanaí an séarachas go maith. Deirtear scaití gur iontach an ceann é nach bhfuil deis mhaith nó réiteach faighte in imeacht na mblianta, agus a bhfuil d’eolaíocht sa saol, ar cheist seo na ndabhchanna séarachais. Níl agus tá na dabhchanna ina gcnámh spairne i gcónaí.
- ‘Sight lines’ mar a thugtar orthu i mBéarla – an líne radhairc, an fheiceáil atá agat chaon taobh díot agus tú ag tiomáint ar an mbóthar. Cúrsaí sábháilteachta atá i gceist leis seo. Ceist dheacair í seo i gConamara mar gheall ar an mbealach arbh éigean bóithre a mhúnlú sa taobh achrannach tíre seo.
- An bhfuil an radharc sa treo seo nó an treo siúd sa taobh tíre á mhilleadh agat agus tuilleadh nach é?
- Dúchas. Bíonn easaontas scaití faoin mbrí atá le ‘do cheantar féin’ ó thaobh na tíreolaíochta de. B’fhéidir go ndéarfaí leat gur cheart duit aistriú go háit eile.
- An bhfuil an teach, an foirgneamh, an gnó, srl ‘inmharthana agus ag teacht le forbairt chóiriúil fhadtéarmach’?
Mura bhfoilsítear treoirlínte a chuireann cuid mhaith de na constaicí pleanála seo de leataobh, nó mura ndéantar maolú ar an stádas atá acu sa gcóras pleanála, ní bheidh sé tada níos fusa cead pleanála a fháil i mbailte fearainn Chonamara, ná i réimsí eile de cheantair Ghaeltachta na hÉireann. Beidh sé deacair agus costasach ar dhaoine óga cead pleanála a fháil ina gceantar féin – sin má éiríonn leo ar chor ar bith. Mar sin a bheidh sé ar ghort an bhaile mura mbeidh brí phraiticiúil leis na treoirlínte pleanála Gaeltachta.
Pé rud a bhí i gceist ag an Taoiseach nuair a gheall sé cothrom na Féinne don Ghaeilge agus do dhaoine óga na Gaeltachta.
Páidín Ó Raifearthaigh
Tá daoine sna Gaeltachtaí arbh fhearr leo do bheith ina gcónaí ina gceantair dúchais agus gasúir a thógail le Gaeilge agus níl an córas pleanála ag tabhairt seans dóíbh siúd.
Ach ar an lámh eile céard faoi scoileanna na Gaeltachta ina bhfuil an Béarla in uachtar taobh amuigh (agus go minic taobh istigh) des na seomraí ranga. Snámh in aghaidh easa is ea a chur ina luí ar ghasúir a tógadh le Gaeilge gan géilleadh don tromlach a bhíonn de shíor ag brú Béarla éigeantach urthu.