Bhí feachtas maith feasachta ar bun ag Seachtain na Gaeilge féin agus na heagraíochtaí timpeall uirthi, Conradh na Gaeilge agus Oireachtas na Gaeilge ina measc. Is minic a shamhlaítear Seachtain na Gaeilge le lucht an chúpla focal, daltaí scoile agus daoine gan Ghaeilge, ach d’éirigh leis an bhfoireann cainteoirí laethúla a mhealladh chun na féile le réimse leathan imeachtaí ar fud fad na tíre i mbliana.
An eachtra is mó a chuaigh i bhfeidhm ar phobal na hÉireann (agus a tharraing aird an domhain mhóir) áfach ná an t-imreas idir Teachta Dála Loch Garman Mick Wallace agus an Taoiseach Enda Kenny.
Dhiúltaigh an Taoiseach ceist an Teachta Wallace a fhreagairt i mBéarla ar Lá na Gaeilge, an lá go mbíonn Ceisteanna na gCeannairí ceaptha a bheith i nGaeilge mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.
Dúirt an Taoiseach leis an dTeachta Dála neamhspleách leas a bhaint as an gcóras aistriúcháin, ach thug Wallace le fios nach raibh teacht aige ar a leithéid san áit ina raibh sé ina shuí agus ghabh sé leithscéal as gan a bheith ábalta Gaeilge a labhairt.
Mhol an Taoiseach dó bogadh go dtí suíochán eile, áit a mbeadh teacht aige ar an gcóras aistriúcháin agus mhínigh sé dó an stair a bhain leis an gcóras céanna.
D’iompaigh an Taoiseach ar an mBéarla ansin agus dúirt sé, “Put on your translation service, this is our national language, and this is ‘Lá na Gaeilge’, a deireann siad liom”.
D’éirigh leis an Teachta Wallace an córas ateangaireachta a chur ag obair ar deireadh agus d’fhreagair an Taoiseach a cheist faoi Uachtarán Mheiriceá i nGaeilge.
Bhí go leor leor plé ar an eachtra i gcaitheamh na seachtaine agus ba mhór an scoilt idir an dá thaobh den argóint – iad sin a cheap go ndearna an Taoiseach mar is ceart agus iad sin a cheap go raibh sé as bealach agus gur ag baint mí-úsáide as an nGaeilge a bhí sé.
Cuireadh i leith an Taoisigh go raibh sé á fholú féin taobh thiar den teanga agus gur labhair sé í ar mhaithe leis an gceist a sheachaint. Dúradh freisin gur iompar múinteora a bhí aige agus gur mhaslaigh sé an Teachta Wallace nár fhoghlaim an Ghaeilge.
Tá córas ateangaireachta sa Dáil a chuirtear ar fáil do Theachtaí ionas go mbeidh siad in ann díospóireachtaí i nGaeilge nó i mBéarla a chloisteáil ina rogha teanga. Tá an córas sin in ainm is a bheith comhuaineach agus uathoibríoch ach tá cliste air cúpla uair cheana agus iarradh ar Theachtaí a thosaigh a n-óráid i nGaeilge iompú ar an mBéarla go dtuigfí iad.
De réir cosúlachta, ní raibh fadhb ar bith ann leis an gcóras ar Lá na Gaeilge mar bhí Teachtaí eile ag baint úsáide as nuair a thosaigh an Taoiseach ag caint i nGaeilge.
Ba bheag an iarracht i ndáiríre a rinne an Teachta Wallace na cluasáin a aimsiú agus a chur ag obair agus nuair a d’éirigh leis ar deireadh iad a chur ar a chloigeann is cosúil gur thuig sé gach focal den ateangaireacht a cuireadh ar fáil.
Dúirt an Teachta Dála ó Pháirtí an Lucht Oibre Aodhán Ó Riordáin agus é ag caint ar an gclár The Week in Politics are RTÉ 1 Dé Domhnaigh go mbrúnn an cineál iompair a bhí ar bun ag an Taoiseach daoine ón nGaeilge agus nár chóir í a úsáid chun daoine a choinneáil amuigh.
Dúirt an Teachta Dara Calleary (FF) go raibh an Taoiseach “appallingly arrogant” agus gur labhair sé Gaeilge toisc nach raibh sé ag iarraidh ceist an Teachta Wallace a fhreagairt. Ba é an focal “arrogant” a tharraing Wallace chuige féin chomh maith chun cur síos a dhéanamh ar iompar an Taoisigh.
Ach an bhfuil an ceart acu? Is cinnte nach aon chara leis an nGaeilge é an Taoiseach, cé go bhfuil sí aige go flúirseach. Is cinnte leis nach bhfuil an oiread measa ar a pháirtí Fine Gael nó ar an Rialtas ó thaobh na Gaeilge de.
Is iomaí buille a bhuail an Rialtas seo ar an teanga agus ar an nGaeltacht ó tháinig siad i gcumhacht ceithre bliana ó shin. Mar sin féin, caithfear a cheart a thabhairt dó as an bhfód a sheasamh don teanga ar Lá na Gaeilge.
Ní iarrtar ar Theachtaí Dála an Ghaeilge a labhairt sa Dáil ach aon lá amháin sa bhliain mar chomhartha céiliúrtha agus ómóis do phríomhtheanga oifigiúil na tíre. Fógraítear roimh ré cén lá a chéiliúrfar Lá na Gaeilge (an dara Céadaoin de Sheachtain na Gaeigle go hiondúil) agus mar sin bíonn a fhios, nó ba cheart go mbeadh a fhios, ag gach Teachta Dála agus iriseoirí na Dála gur i nGaeilge a bheidh na Ceannairí ag caint ar an lá áirithe seo.
Mar sin is deacair a chreidiúint nach raibh a fhios ag Mick Wallace gurbh é Lá na Gaeilge é agus é suite sa Dáil ag éisteacht le díospóireachtaí eile ag dul ar aghaidh thart timpeall air. Is deacair a thuiscint freisin cén fáth, mar sin, a mbeadh sé ina shuí sa Dáil ag déanamh neamhairde ar a raibh ag dul ar aghaidh. Shílfeá go mbeadh spéis aige sa méid a bhí á rá ag a chomhghleacaithe agus go gcuirfeadh sé air na cluasáin sular chuir sé a cheist sách deireanach sa tráthnóna.
Is iomaí parlaimint timpeall an domhain a bhfuil teachtaí ilteangacha iontu – Parlaimint na hEorpa ina measc – agus reáchtáiltear díospóireachtaí agus freagraítear ceisteanna iontu sin gan aon dua mar tá cleachtadh ag na baill ar an ilteangachas.
Dá mbeadh Mick Wallace ina Fheisire Eorpach bheadh air na cluasáin a chur ar a chloigeann cúpla uair sa ló le meabhair a bhaint as an méid a déarfaí thall.
Is cinnte go ndearna an Taoiseach dochar don teanga agus dá híomhá i measc phobal an Bhéarla sa tír seo Dé Céadaoin seo caite, ach is ar an bpobal sin an locht nach bhfuil tuiscint acu ar an ilteangachas agus go bhfuil drochmheas acu ar an nGaeilge mar ghnáth-theanga oibre.
Níor cheart go mbeadh ceist mar seo ina hábhar achrainn sa bhliain 2015 nuair atá Skype in ann bogearra ateangaireachta a chur isteach ionas go mbeidh gasúir na Spáinne in ann gasúir Mheiriceá a thuiscint láithreach.
Is gá an meon diúltach atá ag leithéidí Wallace a athrú ionas go nglacfar leis an nGaeilge mar chuid den saol in Éirinn agus is mó cáineadh atá tuillte ag an Teachta as a iompar leithleasach sa Dáil Dé Céadaoin seo caite ná mar atá ag an Taoiseach.
Eoin Ó Riain (@ReadoutSignpost)
Bhí an ceart ag an Taoiseach dár liom ach ní raibh aon cheart aige bheith ag magadh an Teachta Wallace.
Seachas san bé an rud a bhí mí cheart ná nach raibh clúasáin ag gach suíochán sa ghnáthchúrsa le haghaidht díospóireachtaí Dála. Mar sin is ar an gCeann Comhaire agus lucht eagraithe na Dála atá an locht. is ceart go mbeadh na cluaisáin ann i gcónaí ag na teachtaí agus ag lucht éisteachta an phreas.
Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)
Deacracht a bhaineann leis an reachtas – ceisteanna na ceannairí go háirithe – ná gur mó de gheamaireacht pholaitiúil atá ann ná aon rud eile.
Ní dóigh liom go raibh ceachtar acu Mick Wallace ná an Taoiseach dall ar seo, agus iad ag imirt dá lucht leanúna féin san áiléir. Ní chun leasa na teangain an cúpla foclachas siombalach ná seafóid mar seo.
Colmán
Bhí an Taoiseach drochbhéasach. Dá mbeadh aon bhá ag Enda Kenny leis an Ghaeilge ní chuirfeadh sé fear agus bean gan Ghaeilge i bhfeighil ar an Roinn Gaeltachta – Tá sin ar nós an rud a tharlaíonn sa Bureau of Indian Affairs i Meiricea. Ná lig don fhear seo an dubh a chur ina gheal! Bhí sé ag iarraidh a bheag a dhéanamh den Teachta Wallace agus ag an am céanna an Ghaeilge a imeallú níos mó!
James Pelow
Bhí an ceart aige, ach ní dhearna sé aon mhaith don Ghaeilge.
Seán Ó Riain
Chuir an chaint ó Aodhán Ó Riordáin agus Dara Calleary alltacht orm. Tá an Taoiseach le cáineadh faoin iliomad nithe, ach an lá sin ní raibh ar siúl aige ach Gaeilge a labhairt Lá na Gaeilge. Dhein Mick Wallace iarracht Béarla a bhrú ar an Taoiseach, ach is é an Taoiseach a bhí drochbhéasach, agus “arrogant”, mar dhea! Ní raibh ach Mick Wallace ag brú Béarla Lá na Gaeilge – eisean amháin a bhí drochbhéasach!
Donncha Ó hÉallaithe
Ag tabhairt aitheantais don Ghaeilge lá amháin sa mbliain agus ag ceilt aitheantais ar an dteanga an 364 lá eile!?!