An PSNI in aimhréidh arís, aisling na nua-phóilíneachta ar an dé deiridh

Mar sheirbhís póilíneachta ionadaíoch ar an bpobal go léir, i gcomhréir leis an daonra, tá teipthe glan ar an PSNI

An PSNI in aimhréidh arís, aisling na nua-phóilíneachta ar an dé deiridh

Ba é an PSNI sméar mhullaigh na n-institiúidí a bunaíodh i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta. Nuair ba mhinic an Feidhmeannas agus an Tionól in Stormont ar lár, nó mífheidhmiúil dá mba ann dóibh, na forais thrasteorann ar an bhfaraor géar agus neamhaird ar Chomhdháil Idir-Rialtasach na Breataine – na hÉireann bhí iarracht ionraic á déanamh chun fís na nua-phóilíneachta a fhíorú. Más ‘fórsa Protastúnach a chosain an stát Aontachtach’ dar le lucht a cháinte a bhí san RUC bhí an tseirbhís phóilíneachta nua, bunaithe ar na scothchleachtais a leag Coimisiún Patten síos, ag iarraidh a bheith ionadaíoch ar an bpobal go léir agus muinín an mhóraimh ó gach aicme agus cúlra a chothú.

Mór idir an aisling agus an bhail atá ar an PSNI inniu.

Fiosrú seachtrach neamhspleách faoin PSNI ordaithe ag an mBord Póilíneachta. Sonraí 10,000 oibrí na seirbhíse, idir phóilíní agus sibhialtaigh i seilbh easaontóirí poblachtánacha agus dronga coiriúlachta eagraithe. Fostaithe scanraithe agus feargach, go leor ag caint ar éirí as. An Príomh-Chonstábla, Simon Byrne ceistithe faoi dhó ag an mBord agus seisiún ceistiúcháin eile i ndán dó ag Coiste Parlaiminte in Westminster.

D’fhógair an Bord Póilíneachta go raibh muinín acu as an bPríomh-Chonstábla. Níor mhór an t-ionadh é sin ó thug an Bord céanna síneadh trí bliana go 2027 ar a chonradh do Simon Byrne i mbliana, d’ainneoin go leor conspóide le linn a thréimhse i gceannas. Má mhaireann sé sa phost go dtí sin is aige a bheidh an téarma is faide sa ról ó bunaíodh an PSNI.

Beidh an t-ádh dearg air a phost a choinneáil bliain eile, ní áirím ceithre bliana. Tamall gearr tar éis beannacht an Bhoird do Simon Byrne a bheith fógartha tháinig focal rabhaidh ó chuid de na baill nach bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de go mbeadh an tacaíocht buan. Braithfidh a lán ar an méid a nochtfaidh an fiosrú neamhspleách a bhfuil leaschoimisinéir phóilíní chathair Londan, Peter O’Doherty, ina bhun. Bainfidh scrúdú O’Doherty agus a fhoireann le conas a sháraigh an PSNI féin na rialacha um chosaint sonraí nuair a sheol sé scarbhileog leis an eolas faoi gach ball foirne ar líne, an raibh próiseas cuí ag an tseirbhís agus má bhí conas a chlis air.

Ar bhealach is scéal thairis é cad atá i ndán don bPríomh-Chonstábla nach bhfuil muinín ach ag 16% den phobal as de réir na pobalbhreithe is deireanaí. Is tábhachtaí go mór folláine na seirbhíse póilíneachta, easpa muiníne an phobail inti (tite go 36%) agus an chaoi a bhfuil fís a bunaithe ag dul i léig.

Géarchéim eiseach don PSNI is ea é.

Mar sheirbhís phóilíneachta ionadaíoch ar an bpobal go léir, i gcomhréir leis an daonra, tá teipthe glan ar an PSNI. Sular deineadh na ciorruithe reatha ar bhuiséad an PSNI atá ag teacht salach ar fheidhmiú éifeachtach na seirbhíse in áiteacha agus a chuir stop le hearcaíocht, bhí feachtais mhóra ar bun ag an tseirbhís ag iarraidh Caitlicigh a mhealladh isteach, admháil nach raibh dóthain earcaigh acu ón gcúlra sin. Ba léir don dall go raibh baint ag feachtas foréigin na n-easaontóirí poblachtacha in aghaidh phóilíní Caitliceacha leis an bhfadhb.

Mharaigh easaontóirí beirt chonstáblaí, Stephen Carroll agus Ronan Kerr, agus ghortaigh siad Peadar Heffron go dona. Theip ar go leor ionsaithe eile. Tá na heasaontóirí dubh dóite in aghaidh náisiúnaithe nó poblachtánaithe a bheith sna póilíní mar gur chomhartha normáltachta a bheadh ansin. Bíonn brú speisialta ar dhaoine ó chúlra Caitliceach mar gur minic a bhíonn orthu bogadh chuig ceantar eile mar nach mbeadh sé sábháilte fanacht sa bhaile dá mbeadh a fhios go raibh siad sna ‘péas’.

I gcásanna eile coinníonn daoine a mballraíocht faoi rún. Tá deireadh leis an rúndacht sin anois ó foilsíodh sonraí na n-oibrithe, sceon ar roinnt agus a lán amhrasach go gcosnódh a bhfostóir iad.

Ina theannta sin, is fada ó tugadh faoi deara gur fhág líon maith de na hearcaigh ó chúlra Caitliceach an tseirbhís go luath. Ardaíodh ceisteanna faoin gcultúr san PSNI; tarraingíodh go leor airde le blianta beaga anuas ar shiléig na gceannairí maidir le gearáin na mbanchomhaltaí faoi ghnéasachas agus fuath ban. Is léir freisin nár tugadh aird cheart ar mhíshástacht earcaigh Chaitliceacha nó mionlaigh eitneacha.

Bhí polasaí earcaíochta 50:50 ann ag an tús chun ionadaithe Caitliceacha a thabhairt isteach leis an éagothroime san RUC a cheartú, ach bhí aontachtaithe naimhdeach dó agus ba mhinic a dúradh nach bunaithe ar a gcumas a roghnaíodh baill. Seans go ndeachaigh blas den chlaonargóint sin i gcionn ar roinnt san PSNI.

Bhí rabharta de thuairiscí sna nuachtáin abhus le roinnt seachtainí go raibh comhaltaí Caitliceacha ag rá le hiriseoirí nach raibh cothromaíocht á fáil acu san PSNI. Dúirt roinnt gur tugadh Fínín (Fenian- téarma a léireodh amhras) orthu nó ‘Taig’ nó bhraith daoine eile nach bhfaighidís deiseanna mar gur ‘chun na huimhreacha a dhéanamh suas’ a bhíodar ansin.

Ar ndóigh chuir sceitheadh na sonraí daoine thairis Caitlicigh i gcontúirt, an 40 a taispeánadh a bhí ag obair leis an tseirbhís spiaireachta MI5 agus na comhaltaí atá ag obair ar an gcúlráid in aghaidh coiriúlachta eagraithe san áireamh. Áirítear go gcosnóidh cásanna cúirte agus cúiteamh na milliúin ar an PSNI.

Is é gnó Bhord na bPóilíní feitheoireacht a dhéanamh ar conas atá spriocanna bunaithe an PSNI á mbaint amach. Tá ceisteanna le freagairt acusan ar an gcúram a rinne nó nach ndearna siad de chomhdhéanamh na foirne, cothromaíocht deiseanna do bhaill ó gach cúlra.

Ar thug siad faoi deara gur annamh a bhíonn bean nó Caitliceach, ní áirím duine ó chúlra eitneach ar an ngrúpa ceannaireachta? Céard a rinne siad faoi na luaidreáin a chuala cait an bhaile maidir leis an ‘gcultúr’ san PSNI?

B’fhéidir nach bhfuil sé rómhall ag an mBord, ag ceannairí an PSNI agus ag an dá rialtas an tseirbhís póilíneachta a bhíodh ina heiseamláir ag tíortha eile a tharrtháil ach níl am le spáráil.

 

 

Fág freagra ar 'An PSNI in aimhréidh arís, aisling na nua-phóilíneachta ar an dé deiridh'