Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, pléitear na buntáistí agus na míbhuntáistí a d’fhéadfadh an intleacht shaorga a chruthú do phobal na Gaeilge, an ról a d’fhéadfadh a bheith ag Údarás na Gaeltachta i gcúrsaí tithíochta agus a bhfuil i ndán don mhéid atá fágtha don MV Naomh Éanna, an bád farantóireachta a thugadh daoine agus lastas chuig Oileáin Árann san am atá caite.
I dteannta Bhridget Bhreathnach ar an eagrán seo de ‘An Pod Gaeilge’ tá, Máirín Ní Ghadhra, Darren Ó Dubhgáin agus Maitiú Ó Coimín. Phléigh siad an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an intleacht shaorga ar chúrsaí fostaíochta sa nGaeltacht agus Údarás na Gaeltachta ag díriú go mór uirthi.
Rinneadh plé freisin ar chúrsaí tithíochta sa nGaeltacht agus na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag rialacha pleanála speisialta do cheantair Ghaeltachta agus do na hiarrachtaí atá ar bun chun comóradh a dhéanamh ar an mbád an MV Naomh Éanna.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: ‘An difríocht is mó idir AI agus duine daonna ná nach bhfuil AI in ann ‘Níl ‘s agam’ a rá’'