An peaca marfach é gan glacadh leis an líne oifigiúil faoin Úcráin?

An gcaithfimid glacadh scun scan le dearcadh amháin i gcás ceisteanna a bhaineann le hionradh na Rúise ar an Úcráin

An peaca marfach é gan glacadh leis an líne oifigiúil faoin Úcráin?

An cuimhin leat Alt 31 den Acht Craolacháin, a chuir bac ar urlabhraithe Shinn Féin dul ar raidió nó teilifís? An cuimhin leat nuair a dhiúltaigh comhairle cathrach Bhaile Átha Cliath cead a thabhairt do Shinn Féin a bplean le haghaidh próiseas síochána a phlé in aon fhoirgneamh poiblí?

Níor chabhraigh na bacanna ansin le dul chun cinn ar bith, ach is cosúil go bhfuil daoine áirithe ag iarraidh an sampla sin a leanúint inniu.

San alt a scríobh sí seachtain ó shin thug Nadia Dobrianska le fios go bhfuil ceisteanna le freagairt ag Tuairisc agus na meáin Ghaeilge faoi ardán a thabhairt domsa agus  mé go “neamhleithscéalach ar thaobh na Rúise”.

Feictear domsa go bhfuil sí ag iarraidh go mbeadh bac ormsa tuairimí a thabhairt nach dtaitníonn léi. Bréagnuacht nó mífhaisnéis a thugann sí ar a bhfuil le rá agam faoin gcogadh san Úcráin. Tá go maith: tá dearcadh éagsúil aici, agus is Úcránach í – ní scéal teibí dise é seo cinnte. Ach an bhfuil sé ceart bac a chur ar thuairimí nach dtaitníonn le daoine áirithe, nó an fearr gach guth a chlos sa scéal seo?

Tá muid ár mbá i gcónaí ag scéalta ón Úcráin agus uafás an chogaidh ansin, ach ní bhíonn sna meáin mhóra againn ach taobh amháin den scéal– an taobh a fhaightear ó NATO agus ó rialtas na hÚcráine.

B’fhéidir gur chaill mé é, ach ní fhaca mise oiread is alt amháin in aon nuachtán mór Béarla a mhínigh dearcadh na Rúiseach faoin gcogadh, a gcuid aidhmeanna nó eile.

Déantar neamhaird ar fad ar an ábhar buartha a bhí ag an Rúis – faoi NATO a bheith ag lonnú ionad míleata san Úcráin nó faoi na hionsaithe leanúnacha atá ar siúl ó 2014 ar na réigiúin scarúnaíocha sa Donbas (14,000 duine, a deirtear, a bhásaigh sa chogadh ansin ó shin i leith).

‘Bréagnuacht’ an bhéic má luaitear na scéalta sin.

Ach ní bréagnuacht é gur ardaigh na Rúisigh na hábhair imní seo roimh aon ionradh, is gur dhiúltaigh NATO iad a phlé, agus gur dhiúltaigh NATO don mholadh ón Rúis go mbeadh comhdháil na dtíortha Eorpacha ar fad ann le teacht ar chonradh a chinnteódh slándáil do chuile thír san Eoraip – an Rúis agus an Úcráin ina measc.

Ní bréagnuacht é, ach má luaitear é caithfidh gur fichillín de chuid Rúise thú.

Ni bréagnuacht é ach an oiread gur thángthas ar chomhaontú ar an aighneas inmheánach sa Donbas i Minsc in 2014 agus 2015. D’aontaigh an Rúis agus an Úcráin, in éineacht leis an bhFrainc agus an Ghearmáin, go mbeadh comhráite ann idir rialtas na hÚcráine agus na réigiúin neamhspleácha i dtaobh aitheantas faoi leith a thabhairt do na réigiúin sin, b’fhéidir i stát feidearálach.

Ní bréagnuacht go ndearnadh na Comhaontuithe seo, nó gur gheall Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hUcráine, go gcuirfeadh sé i bhfeidhm iad nuair a bhí sé i mbun a fheachtais don uachtaránacht. Ní bréagnuacht é ach an oiread nár cuireadh i bhfeidhm iad, agus gur leanadh le sliogáin a chaitheamh le Donbas. 

Agus ní bréagnuacht ach an oiread gur vótáil leath den tír ar son dea-chaidreamh leis an Rúis roimh an gcoup in 2014. Cá ndeachaigh na vótóirí sin, go háirithe i mbailte ar nós Mariupol agus Odessa a vótáil go rialta ar son Pháirtí na Réigiún, an páirtí a bhí fabhrach don Rúis?

Cinnte, in aon chogadh, bíonn líomhaintí gan bhunús, bréaga is leathbhréaga á scaipeadh go forleathan. 

Ach ní fíor don ráiteas ciníoch a chloistear go minic gur barbaraigh iad na Rúisigh. Tá imní réasúnach ar go leor acu faoi aidhmeanna NATO. 

An bhfuil bunús maith leis an imní atá ar an Rúis i dtaobh NATO a bheith ag lonnú ionad míleata san Úcráin? 

Táid ann a deir nach cóir a leithéid a phlé, ach an gcuirfeadh sé lenár dtuiscint dá gcuirfí stop le díospóireacht toisc nach n-oireann sé do dhaoine eile? An gcaithfimid glacadh scun scan le dearcadh amháin, dearcadh na hÚcráine, má tá sé de dhánacht againn labhairt faoi na nithe seo?

An mó ár dtuiscint ar an scéal mura luafaimis NATO san díospóireacht? Nó na hionsaithe ar na pobail Rúiseacha in Donbas? Nó gan bacadh le freagra na Rúiseach ar na líomhaintí faoi bharbarthacht atá curtha ina leith?

Nach gníomh faisisteach é dul sa tóir ar dhaoine a deir rudaí atá contráilte (dar le daoine eile)?

An gcaithfidh muid cur leis smachtbhannaí nuair is léir go ndéanann siad níos mó dochair dúinne nó don Rúis toisc go bhfuil an Rúis cheana féin i ndiaidh a fócas trádála a dhíriú soir (cé go ndaingníonn siad tionchar Mheiriceá ar an Eoraip ar ndóigh)?

Nó an bhfuil sé ceart go gcloisfí guthanna a thugann tuiscintí difriúla ar an scéal, tuiscintí atá bunaithe ar fhíricí?

Fág freagra ar 'An peaca marfach é gan glacadh leis an líne oifigiúil faoin Úcráin?'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Nach é an poinnte atá ann atá go nglacann tusa leis an líne oifigiúil ón Kremlin?

  • Art

    Wow. Díreach mar a thuar Nadia nuair nach bhfuil freagra aige ar cheann ar bith de na pointí sonracha a d’ordaigh sí faoina cuid mífháisnéise tugann sé amach faoi ‘chinsireacht’.

  • Niall S.

    Éirigh as, a Eoin, as ucht Dé ort! Nach bhfuil lánchead tugtha dhúirt ní amháin do dhearcadh a bheith agat, ach é a chraiobhscaoileadh ar bhunús leanúnach. Cén fáth a chaithfidh tú a ligean ort go bhfuil do dhearcadh á chur faoi chois? Agat féin atá a fhios cén fáth gur roghnaíonn tú a bheith i do iriseoir in Éirinn agus altanna criticiúla in aghaidh Rialtas na hÉirinn (agus in aghaidh “an Iarthair”) a fhoilsiú ná a bheith i do iriseoir sa Rúis agus altanna criticiúla in aghaidh Rialtas na Rúise a fhoilsiú.

  • Ciarán

    Eoin aontaím leat go pointe áirithe maidir le cé comh tábhtachtach is é a bheith gach tuairim san áireamh maidir le cúrsaí slándáila agus politiúla is ar uile. Níl sé peaca marfach an líne oifigiúla a cheisteadh ach a mhalairt tá sé mar dualgas orainn gach rud a cheisteadh chun an fhirinne a fháil amach. Tá sé riachtanach go d’fhanfadh sé mar cheart ag gach duine a chuid thuairimí a chur os comhair an tsaol. Tá an ceart sin agat agus ag Nadia chomh maith agus beidh sé agaibh go dtí deireadh an daonlachas sa tír seo. Aontaím leat maidir le cé comh neamh-mhothálach a chaitheadh an Iarthar/NATO leis an Rúis ó titim an Chomh Aontas Sóbhéideach go dtí an lá atá inniu. Bhí imní inmhaite ag na Ruisigh faoin fairsingiú NATO agus níor thugadh aon aird dóibh. Chomh maith le sin is dream déistíneach iad na Meirceánaigh agus na mBreatnaigh agus an scrios atá déanta acu ar an domhain lena gcuid polasaí eachtranaigh ón Dara Cogadh Domhanda ar mhaithe leis an mbrabús agus an t-airgead. Ach ar a laighead is féidir linn agus le saoránaigh atá san Iarthar i gcoiteanna an méar a shiniú ar na dreamanna déistíneach siud agus labhair amach fúthú agus faoin éagóir agus an t-uafás atá déanta acu. Is féidir linn roghanna eile, a dhéanamh sna todhcháin agus vóta a chaitheamh ar dream eile má táimid sásta muid féin a cur ar an t-eolas faoi cad tá ag tarlú sa domhain. An bhfuil na féidirtheachtaí sin ar fáil sa Rúis faoi láthair? Is dreachtóir é Putin atá seilbh daingin gafa aige ar a thír féin agus atá a ladhar curtha in a lán scéalta san Iarthar agus ar fud an domhain. Tá sé sásta sléacht a dhéanamh ar a chuid chomhthírigh féin chun a chuid spriocanna a bhaint amach. Féach ar Chechnya agus an ollscrios déanta ar Grozny. Tá sé sásta saor iriseoirí a dhúnmharú chun guthanna criticiúla a chur ina dtost agus srian a chur ar an meán ar mhaithe a shon féin. Sin tusa Eoin curtha chun bás nó curtha sa prisúin mar ní ghlacann tú leis an líne oifigiúla! Tá sé sásta a chuid naimhde politiúla a dhúnmharú le nimh radiaghníomhach i dtiortha eile beag bean ar na torthaí uafasaigh a thiteadh amach. Sin sceimhlitheoireacht. Is cuma leis agus de réir dealreamh is cuma leo an mórámh sa Rúis chomh maith. Ní glacann sé le aon rud nach bhfuil ar a mhaithe féin beag bean ar an fhinaise atá at fáil. Tá sé cosúil leis an “Double Think” ó Orwell 1984.
    Má táimid in ár dtír neodrach, agus ceapaim go bhfuil sé tábhachtach go leanfaimid leis an bpolasaí sin, ag breathnu ar Putin agus an Rúis caithfear a aithint is duine agus is tír bagrach iad faoi láthair agus caithfear gníomh ina gcoinne sa slí ina bhfuilimid faoi láthair. Ag an am chéanna caithfear a bheith ar an airdeal agus a bheith cinnte go bhfuil an t-eolas cheart againn agus go mbeadh ár gcuid polaiteoirí freagrach dúinne seachas an mhalairt slí.
    An bhféadfainn a fhiosrú leat a Eoin, muna ghlacann tú leis an líne oifigiúla, cad é an líne a ghlacann tú leis agus cad é do léamh ar scéalta cosúil le Bucha is ar uile? Agus cén saghas fhiannaise agus na foinsí an bhfuil an léamh sin bunaithe ar?

  • Eoghan Ó Néill

    Matalang atá sa chogadh seo do phobail stuama na hÚcráine agus ar leibhéal difriúil do phobal na Rúise freisin. Fuath agus gráin in áit meas agus cairdeas a bheas ann i ndiaidh atá ag tarlú.

  • Art

    Mmmm. Níor fhoilsigh Tuairisc.ie mo thrácht iomlán. Déanfaidh mé iarracht a pointe a dhéanamh ar shlí eile. Nil aon fhreagra aige ar na pointí sonracha’ a rinne Nadia Dobrianka. Níl sé tar éis í a bhréagnú. Nil sé tar éis na ráitis sin a tharraingt siar. Níl sé tar éis leithscéal a ghabháil. Dúirt mé cheana go raibh sé ar nós an Impire Gan Éadaí. Anois tá sé ar nós an Buachaill a bhéic Mac Tíre. Canathaobh go gcreidfeadh einne aon rud a dheireann sé riamh arís?

  • Peter Gilmore

    Maith an fear, a Eoin. Go raibh maith agat as an bhfógairt chontúirte a rinne tú. Ba cheart é chúrsaí tábhachtachta faoin chogadh damánta seo á phlé gan curtha ar chosc.

  • Seán Ó Floinn

    Tá lánchead agat do thuairimí a nochtadh ach tá lánchead ag daoine a rá gur seafóid gan bhunús do chuid tuirimí freisin. An é gur mhaith leat nach mbeadh cead cainte ag Nadia nó nach mbeadh cead againn tráchtanna a fhágáil agus dúshlán a thabhairt duit? Cé a bheadh i mbun cinsearachta sa chás sin, más ea?

    Mura barbarthacht a bhí in Bucha agus áiteanna eile san Úcráin, ní fheadar céard is barbathacht ann – an é nach gcreideann Eoin na finnéithe (idir iriseoirí agus sibhialtaigh a bhí ar an láthair) a deir go raibh éigniú, scrios agus creachadóireacht ar siúl ag na Rúisigh? An rud ciníoch é ‘barbaraigh’ a thabhairt ar na saighdiúirí Rúiseacha a cheangail lámha na sibhialtach Úcránach taobh thiar dá ndroim agus a scaoil leo? Agus céard faoin nós atá ag na Rúisigh mianaí a fhágáil ar chorpáin na ndaoine atá maraithe acu chun go ndéanfar tuilleadh slada orthu siúd a leagann lámh ar na corpáin chéanna?

    Agus seo Eoin ag rá go mbíonn ‘dhá thaobh ar gach scéal’ agus gur ghá cluas éisteachta a thabhairt do spreabhraídí impiriúla Putin.

  • Seosamh Breathnach

    Tá colún seachtainiúil agat leis na blianta fada, níl ach alt nó dhó foilsithe ag Nadia ag tabhairt dúshláin duit, agus deir tú go bhfuil cinsireacht á déanamh ort! An ag magadh fúm atá tú?!

  • Séamus

    Measaim go bhfuil an cath seo caillte agat a Eoin. Níl cuntas Twitter agam agus leis an bhfírinne a dhéanamh chuir na tvuíteanna in alt Nadia ó Eoin Ó Murchú ionadh agus déistin orm.

    Níl freagairt sásúil ar an méid a bhí le rá ag Nadia Dobrianka tugtha ag EÓM san alt seo mar is dócha nach féidir leis.

    Nílim róchinnte cén fáth ach slogann EÓM gach scéal, is cuma más dearg-ráiméis atá ann, ón Rúis. Tarlaíonn sé go minic do dhaoine ar an eite chlé; bíonn siad ag tabhairt amach faoi Mheiriceá, faoin mBreatain agus faoin Iarthar i gcónaí, agus cúis acu ar ndóigh, ach sa deireadh thiar creideann siad gurb iad tíortha an Iarthair na ‘baddies’ i gcónaí agus nach féidir lena namhaid, an Rúis mar shampla, aon droch-ghníomh a dhéanamh. Táimse ar an eite chlé freisin ach tá súil agam nach gcríochnóidh mé suas mar Mick Wallace ag an deireadh!

  • An Buachaill Mór

    Alt reasúnta é seo. Ábhar amhrais é go bhfuil na meáin ar fad san Iarthar ar aon líne amháin faoin gcogadh seo.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ar mhiste le Eoin an tuairisc seo ón BBC a léamh agus a inseacht dúinn ansin céard a cheapann sé den ‘Special Military Operation’ atá a chosaint aige gach Luan i dTuairisc.ie? Seo é an nasc, má mian leis fianaise a fháil faoi a bhfuil ar bun sa Ucráin: https://www.bbc.com/news/world-europe-61071243

  • Maighréad Uí Chiobháin

    Tá freagra cuimsitheach fé na pointí uile a dhein Nadia in easnamh san alt deireanach a scríobh Eoin ó Murchú.

  • Derry

    Ní ceart é go mbeadh bac ann an dearcadh contráilte a leagan amach, agus níl a leithéid ann mar a léirítear sa chomhrá seo.
    Ní barbarach é an Rúiseach ach tá arm na Rúise ag déanamh barbarthachta san Úcráin.
    Ní bréagnuacht iad alán rudaí a luann EOM ach níl ceann amháin iontu ar cúis inchosanta é ionsaí barbarach a dhéanamh ar thír eile.
    Is náireach an rud é, an “neamh-bréagnuacht” a leagan amach mar chúis sothuigthe dul i mbun chogaidh (mar a dheineann EOM, mar dhea “nílim a rá gur….but y’ know what I mean”. Ní iriseoireacht den scoth i an cur chuige seo ach an oiread).

  • Seosamh Ó Beirgin

    Beag beann ar argóintí teibí faoi saoirse cainte, tá an ceart ag aon fhoilseachán cinneadh a dhéanamh faoi cé a scriobhann dó agus cé nach scríobhann, bunaithe ar a fhealsúnacht féin.