An oíche a phléamar George Bush agus cogadh na Murascaille i dteach ar Mhachaire Mhinnesota

Lóistín gnaíúil agus argóint theasaí a bhí roimh ár gcolúnaí nuair a thug sé cuairt ar Mhinnesota aimsir Chogadh na Murascaille

An oíche a phléamar George Bush agus cogadh na Murascaille i dteach ar Mhachaire Mhinnesota

Nuair a fógraíodh bás George Bush an lá faoi dheireadh chuimhnigh mé ar an bpointe ar oíche a raibh mé i dteach ar Mhachaire Mhinnesota. Ag fanacht a bhíomar le fear arbh as Ros Comáin a sheanathair. Fear thar a bheith gnaíúil a bhí ann agus bhí a bhean ar an mbealach céanna.

Bhí mac leo in arm Mheiriceá agus é tar éis a theacht ar ais as Cogadh na Murascaille. Ní raibh sé ag baile an oíche sin ach bhí cara leo ag inseacht dúinn gur cheanúil an radharc an bharróg ghrámhar a bhuail a mháthair air nuair a thuirling sé den eitleán ag an aerfort.

Bhí neart le n-ithe agus le n-ól sa teach an oíche sin agus bhí cuid againn súgach go maith nuair a thosaigh argóint faoi Chogadh na Murascaille agus faoi pholasaí eachtrach George Bush. Argóint ghéar go maith a bhí inti idir mise agus duine de dheirfiúracha an tsaighdiúra.

Bhí mé i mo thrua Mhuire nuair a dhúisigh mé ar maidin agus gur thosaigh mé ag cuimhneamh ar chomh géar agus a chuaigh mé uirthi. Rud amháin, arsa mise liom féin, a bheith ag cáineadh pholasaí eachtrach Mheiriceá ach tá an dream seo ag tabhairt lóistín dhom gan pingin ná leathphingin agus is cinnte gur chreid an deartháir gur gníomh tírghrá ar son na saoirse a bhí sa bpáirt a bhí aige i gCogadh na Murascaille.

Maolchluasach agus imníoch go maith a bhí mé ag dul síos an staighre dhom. Bheannaigh fear an tí go breá cairdiúil dhom. “Bhain mé an-sásamh as an díospóireacht sin a bhí agaibh aréir,” a dúirt sé, “agus caithfidh mé a rá go raibh mé an-bhródúil as m’iníon: cheap mé gur sheas sí a talamh go maith.”

Ba mhór go deo an faoiseamh dhom a chuid cainte.

Cúpla lá ina dhiaidh sin bhíomar i gceann de phubanna an bhaile. An fear óg a bhí ag freastal orainn bhí seisean freisin tar éis filleadh ó Chogadh na Murascaille. Bhain gach a bhfaca sé croitheadh mór as.

“Mhúin siad dúinn gur dream barbartha a bhí sa dream a mbeadh muid ag troid ina n-aghaidh,” ar seisean. “Níl mórán oideachais orm féin ach insíodh dom ó shin gur san Iaráic a thosaigh an tsibhialtacht.”

Saighdiúirí óga Iarácacha a bhí ag crith le heagla a chonaic seisean sa bhfásach. Rinneadh gníomhartha uafásacha ann, a dúirt sé. Bhíodh na hIarácaigh in uachais sa ngaineamh, bheireadh oifigeach ar challaire agus d’ordaíodh dóibh a theacht amach nó gur dhóibh féin ba mheasa é.

Ba dheacair leis an bhfear óg seo a cheapadh go dtuigfidís é ach nuair nach dtagaidís amach ar an bpointe d’ordaíodh an t-oifigeach ollscartaire a thabhairt chun cinn agus an gaineamh a líonadh isteach ina mullach.

Cuid mhór den chogadh i gcónaí an propaganda. Bhíodh fonn ar lucht an impiriúlachais riamh beag is fiú a dhéanamh den namhaid. Rud é a raibh cleachtadh mhaith againn air sa tír seo.

Gaeil bharbartha gan sibhialtacht a chur ar bhealach a leasa a bhí i gceist ag an bPápa Adrian 1V (Sasanach) nuair a chuir sé an bulla cáiliúil úd chuig rí Shasana, Anraí 11 ag moladh dhó Éire a ghabháil.

Chuir Giraldus Cambrensis drochbhail orainn lena linn féin. Chonaiceamar ar fad na cartúin ghránna d’Éireannaigh a foilsíodh i nuachtáin Shasana.

Bhí an síolteagasc sin chomh héifeachtach gur chreid go leor dár muintir féin sa deireadh é. ‘Tá sé sin cineál Gaelach,’ a deirtí faoi obair eicínt a bhíodh gan slacht.

Le linn dúinn a bheith sa mheánscoil bhíodh muid ag streachailt le Laidin Julius Caesar sa gcuntas De Bello Gallico. Cur síos a bhí ann ar an bhfeachtas a throid sé in aghaidh na nGallach.

Ainmhithe críochnaithe a bhí iontu, dar le Julius Caesar. Chuir sé chuile chineál coir ina leith. Bhí siad chomh dona, a dúirt sé, is go mbíodh an deartháir ag luí leis an deirfiúr.

Feicim fós an lasadh a thagadh i ngrua na mná rialta a bhí dár múineadh nuair a bhíodh sí ag iarraidh an abairt sin a mhíniú dhúinn chomh cáiréiseach is a d’fhéadfadh sí.

Fág freagra ar 'An oíche a phléamar George Bush agus cogadh na Murascaille i dteach ar Mhachaire Mhinnesota'

  • teaimi

    Coirpigh chogaíochta iad an dá Bhus, athair is mac. Bhuail mé le mairnéalaigh de chuid cabhlach Mheiriceá i dteach tábhairne sa chianoirthear nuair d’ionraigh siad an Iaráic an chéad uair. Garsúin neamhoilte de bhunadh na tuaithe a bhí dífhostaithe sular liostáil siad. ‘Cá bhfuil bhur dtriall? arsa mise. ‘Táimid a dhul ag ciceáil tóineacha’, ar siad. Cé na tóineacha atá sibh a dhul ag ciceáil? arsa mise. “Arab ass”, ar siad. Ní raibh tada eile ar eolas acu faoi. Agus d’iarr siad orm seasamh dóibh mar nach raibh cianóg rua acu. (Rud nach ndearna mé).