An NCCA le teacht os comhair choiste na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu

Tá Príomhfheidhmeannach na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta le teacht os comhair coiste oireachtais inniu leis na cúrsaí Gaeilge nua atá le tabhairt isteach don Ardteist a phlé

An NCCA le teacht os comhair choiste na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu

Tiocfaidh Príomhfheidhmeannach na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) os comhair coiste oireachtais inniu le plé a dhéanamh ar na cúrsaí Gaeilge nua atá le tabhairt isteach don Ardteist.

Meastar go gcuirfidh an NCCA in iúl do Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta go bhfuil gá le soiléire maidir le cur i bhfeidhm na sonraíochtaí nua, T1 agus T2, agus na bearta a spreagfadh scoláirí le tabhairt faoi chúrsa T1. Ní hí an NCCA atá freagrach as aon chinneadh faoina leithéid ach bheadh údarás lena gcuid moltaí de bharr na hionadaíochta atá ar an Chomhairle sin.

Agus ceist na bpointí bónais don chúrsa T1 á bplé ag cruinniú den choiste Gaeilge an mhí seo caite, dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, go mbeadh sé ‘craiceáilte’ cúrsa níos dúshlánaí a thabhairt isteach gan marcanna breise.

Tá saineolaithe go leor den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbeidh marcanna breise ar fáil as, ach tá diúltaithe ag an Aire Oideachais Norma Foley agus Airí na Gaeltachta Catherine Martin agus Jack Chambers aon tuairim a thabhairt faoin cheist go fóill.

Tá éileamh déanta ag príomhoidí i scoileanna Gaeltachta agus Gaeilge go gcuirfí ar fáil an t-athbhreithniú ar T1 agus T2 na Sraithe Sóisearaí sula dtabharfaí isteach na cúrsaí nua Ardteiste. Tuigtear go gcuirfear bonn faoin athbhreithniú sin san fhómhar agus go bhfoilseofar torthaí an athbhreithnithe ag tús na bliana 2022.

Ar ndóigh bhí deacrachtaí ar leith ag na NCCA i mbliain seo na srianta sláinte ó thaobh an phróisis chomhairliúcháin faoi na dréachtsonraíochtaí nua Ardteiste, próiseas atá ar siúl ó mhí Feabhra seo caite.

Tuairiscítear go bhfuil sé i gceist ag an NCCA tuarascáil chomhairliúcháin eatramhach a fhoilsiú ag tús na bliana seo chugainn ina mbeidh anailís ar an aiseolas a bhailíodar le linn an phróisis chomhairliúcháin sin.

Beidh ionadaithe ó Thuismitheoirí na Gaeltachta os comhair choiste na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu freisin agus plé á dhéanamh ar shuirbhé a réachtáil siad níos túisce i mbliana faoi sheirbhísí teaghlaigh sa Ghaeltacht.

Ag labhairt dó roimh an chruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste Gaeilge, Aengus Ó Snodaigh, gur gá don chomhchoiste a chinntiú nach dtabharfaí isteach cúrsa nua Ardteiste atá “míchothrom”.

Dúirt Ó Snodaigh gur gá go dtabharfaí “aitheantas” don dúshlán breise a bhaineann le T1 agus go bhfuil “an-imní” air go mbeadh an cúrsa sin teoranta do scoileanna sa Ghaeltacht agus do Ghaelcholáistí.

“Socrú amaideach a bheadh ansin. Is buncheart gach dalta in Éirinn rochtain a bheith aige nó aici ar an nGaeilge agus rochtain a bheith aici nó aige ar an nGaeilge is airde caighdeán a theastaíonn uaithi nó uaidh. Má bhíonn aon dalta ag iarraidh caighdeán T1 sa Ghaeilge a bhaint amach, ba chóir don Stát, agus ba chóir dualgas a bheith ar an Stát, gach deis agus cúnamh a thabhairt do na daltaí sin ina gcuid iarrachtaí, beag beann ar an scoil ar a bhfuil siad ag freastal”.

Beidh an tAire Stáit Jack Chambers os comhair Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tráthnóna inniu chun plé a dhéanamh ar na meastacháin athbhreithnithe a bheidh ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

“Tugaim faoi deara gurb é €78.6 milliún an leithdháileadh athbhreithnithe ar an réimse clár a bhaineann leis an nGaeltacht i gcomhair na bliana 2021, agus tá súil agam go mbeidh torthaí dearfacha le feiceáil,” a dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh.

Fág freagra ar 'An NCCA le teacht os comhair choiste na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu'