An mórscoláire Gaeilge agus ceoleolaí Breandán Ó Madagáin ar shlí na fírinne 

Bhain Breandán Ó Madagáin as Luimneach aitheantas amach go háirithe mar gheall ar an obair cheannródaíoch a rinne sé ar stair an tsean-nóis

An mórscoláire Gaeilge agus ceoleolaí Breandán Ó Madagáin ar shlí na fírinne 

Tá an mórscoláire Gaeilge agus eitnicheoleolaí ceannródaíoch Breandán Ó Madagáin tar éis bháis.

Bhí sé tinn le tamall.

Ollamh le Gaeilge agus iarcheann roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ab ea an Madagánach arbh as Luimneach ó dhúchas dó.

Bhain Breandán Ó Madagáin aitheantas amach go háirithe mar gheall ar an obair cheannródaíoch a rinne sé ar stair an tsean-nóis agus bhí baint mhór aige le forbairt léann amhránaíocht thraidisiúnta na hÉireann.

Chuir sé tús le cúrsaí ar an amhránaíocht thraidisiúnta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, rud a chabhraigh go mór le borradh a chur faoin sean-nós sa saol acadúil agus lasmuigh.

Ba bhall chomh maith é d’Acadamh Ríoga na hÉireann agus thug sé deich mbliana ina chathaoirleach ar Bhord an Léinn Cheiltigh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.

Ba é Breandán Ó Madagáin chomh maith a chuir chun cinn an tuiscint gurbh amhlaidh go gcantaí fhormhór d’fhilíocht na mBard agus gur as sin a d’fhás an traidisiún béil agus an sean-nós.

Ar an saothar taighde ceannródaíoch eile bhí An Ghaeilge i Luimneach 1700-1900 stair chás na Gaeilge i Luimneach, mar a rugadh é féin i 1932.

Ar na leabhair eile leis a foilsíodh bhí Caointe Agus Seancheolta Eile/ Keenings and other Old Irish Musics, Gnéithe den Chaointeoireacht agus Languages and Celtic Peoples

In 2002 d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht, Téada Dúchais… cnuasach aistí ó 24 scoláire eile in ómós don Ollamh Ó Madagáin agus a shaothar.

Bhí Breandán Ó Madagáin ina léachtóir sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath idir 1966-1975 agus ina OIlamh le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh idir 1975-1997.

Fágann sé a bhean chéile Claire, agus a gclann Donnchadh, Eoin, Éadaín, Murchadh, Gormlaith, Fionnuala, agus Cathal. 

Beidh Breandán Ó Madagáin á thórramh i dTeach Altranais Blake Manor amárach idir 5.00pm go dtí 7.00pm agus beidh aifreann a shochraide i Séipéal Naomh Colmán ag meán lae Dé Sathairn. Cuirfear ina dhiaidh sin é i reilig Dhroim Mucú.

Fág freagra ar 'An mórscoláire Gaeilge agus ceoleolaí Breandán Ó Madagáin ar shlí na fírinne '

  • Re O Laighleis

    Fear ri-uasal as Shli na Firnne, beannacht lena anam caoin. An saol Fodhlach faoina chomaoin, idir chainteoiri agus ealaiontoiri agus lucht leinn. Nil aireamh at an inspioraid a thug se don uile dhuine a thainig faoi na anail, me fein ina measc. Mo chomhbhron o chroi le Claire agus Clann Ui Mhadagain. Seol leat, a Bhreandain.

  • Cluain Sceach

    Fear uasal agus sár-scoláire. RIP.