An mbeadh aon fháilte ag muintir na Gaeltachta roimh aiséirí na turasóireachta i mbliana?

Ní bheidh rath ar an turasóireacht mar a bhíodh nó go mbeidh an ghéarchéim sláinte seo thart agus is deacair fiú don té is mó a bhfuil eolas aige a rá cén uair é sin

An mbeadh aon fháilte ag muintir na Gaeltachta roimh aiséirí na turasóireachta i mbliana?

An mbeifear in ann cuid ar bith de thionscal na turasóireachta a shlánú in Éirinn i mbliana? Sin ceist mhór agus ceann de na tionscail is láidre atá againn curtha ó rath faoi láthair de bharr an choróinvíris. Táthar ag glacadh leis faoi láthair nach bhfuil seans ar bith ann go mbeidh mórán ag teacht as tíortha thar lear i mbliana.

Mura dtiocfaidh Éireannaigh – daoine as tuaisceart na tíre agus daoine as ceantar Bhaile Átha Cliath agus oirthear na tíre – anoir, ní fhágfaidh mórán cuairteoirí lorg a gcos ar thailte Gaeltachta ná ar ionaid eile ar chósta an Atlantaigh in 2020.
Ach an mbeidh fáilte rompu anoir?

Ar chlár raidió nuair a thosaigh an tubaiste seo ag teannadh linn i dtús an Mhárta, dúirt duine den phainéal gur dóigh go mbeadh cuimse daoine ag teannadh siar ar Bhealach an Atlantaigh Fhiáin in 2020. Aer glan, boladh an tsáile agus spás agus suaimhneas.

Ach an mar sin a bheidh anois?

Tá míshuaimhneas ag brúchtaíl siar le cósta an Atlantaigh agus coimhthíos léirithe ag riar daoine go poiblí faoi chuairteoirí agus lucht tithe saoire a bheith ag teacht ina ngaireacht.

Chonaic muid le gairid an t-éirí amach a bhí in aghaidh daoine a bhfuil tithe saoire acu ar na cóstaí thiar, as Tír Chonaill anuas go Maigh Eo, Conamara, contae an Chláir, Corca Dhuibhne agus Uíbh Ráthach ó dheas.

Ní raibh roinnt daoine áitiúla, an dream a bhí glórach, pé ar bith scéal é, ag iarraidh amharc ar bith a fheiceáil orthu ag teacht anoir chuig na tithe saoire atá acu sna ceantair sin. Imní go scaipfeadh na cuairteoirí an coróinvíreas an t-údar a bhí leis an gcoimhthíos.

Is ar éigean go raibh súil leis an lear lucht tithe saoire a tháinig anoir aimsir na Féile Pádraig. Go deimhin, ní raibh an oiread de shlua cuairteoirí in áiteacha i gConamara le fada an lá agus bhí i lár an Mhárta atá imithe tharainn; bhí an scéal céanna in áiteacha eile le cósta an Atlantaigh.

Leis an gceart a dhéanamh, ní raibh na srianta géara taistil leagtha síos an uair sin. Ach níorbh fhada go raibh srianta dhá chiliméadar curtha ar dhaoine. Cuireadh teachtaireachtaí láidir i dtreo lucht na dtithe saoire fanacht sa mbaile – an gnáthbhaile atá acu. Ní raibh an chaint a rinne beagán daoine an-mheasúil ar lucht tithe saoire, ar a gcarranna ná a n-acmhainn.

Níl a fhios fós an ndéanfar lagan ar na srianta taistil ar an 5 Bealtaine. Níl a fhios ach oiread cé acu tionscal ná seirbhís a dtabharfar cead oibre dóibh, má thugtar.

Cá bhfuil an turasóireacht sa scéal seo uilig?

Tóg Conamara mar shampla. I dtús na géarchéime, d’fhógair Gréasán Turasóireachta Chonamara agus Árann, agus ionadaithe as réimsí eile de thionscal na turasóireachta, go raibh feachtas ar intinn acu.

An dá luath agus a bheadh aicíd an choróinvíris curtha dínn againn, thosófaí feachtas láidir fógraíochta a leagfadh béim ar fholláine, ar fhairsinge, ar scóip, ar shaoirse agus ar mhargadh na saoire i gConamara.

Chuile sheans go bhfuil an beart céanna ar intinn ag lucht na turasóireachta agus lucht gnó i mórán eile ceantar áilleachta eile le cósta an Atlantaigh, na cuairteoirí a mhealladh ar ais.

Ach tar éis a bhfuil feicthe againn de chonspóid na dtithe saoire, an mbeidh aon fháilte ag muintir na háite roimh aiséirí na turasóireachta – i mbliana, ar chuma ar bith?

Tuigeann muid anois go mbeidh sé deacair athmhúscailt sin na turasóireachta a spreagadh.

Ar an gcéad iarraidh an mbeidh óstáin agus tithe lóistín oscailte nó an mbeidh na hionaid aitheanta turasóireachta a mheallann daoine anseo oscailte ach oiread?

Is é firinne an scéil, aon duine atá ag cuimhneamh ar shaoire faoin tuath sa nGaeltacht, nó taobh amuigh den Ghaeltacht, gurbh fhearr dó teach nó árasán a chur in áirithe.

Tá cuid de seo ar bun cheana.

I gConamara, agus chuile sheans in áiteacha eile a bhfuil cáil na turasóireachta orthu, tá áirithintí déanta cheana féin do mhíonna an tsamhraidh.

Go cinnte, tá lagan ar an éileamh ach tá roinnt éilimh fós ann. Tá córas an Airbnb againn anois agus chuile sheans go bhfuil cuid den earnáil ag obair leis.

Tá ceist eile ann faoi mhuintir na háite féin atá ina gcónaí in áiteanna eile ar fud na tíre nó atá thar lear. Bíonn míle fáilte rompu ar ais i gcónaí. Ach, ar an drochuair, agus an víreas suarach seo ag ropadh leis, an bhfuil an baol ann go dtabharfadh siadsan an víreas leo, an baol céanna atá á lua le lucht na dtithe saoire?

Ní bheidh rath ar an turasóireacht mar a bhíodh nó go mbeidh an ghéarchéim sláinte seo thart agus is deacair fiú don té is mó a bhfuil eolas aige a rá cén uair é sin.

Ach, caithfear an eacnamaíocht a choinneáil beo. Cuid mhór den eacnamaíocht sa nGaeltacht agus faoin tuath í an turasóireacht.

Iad siúd atá ag plé leis an tionscal, tá siadsan ag iarraidh buntáiste éigin a bhaint as i mbliana.

Ach an mbeidh fáilte ag an bpobal roimh thurasóirí in 2020?

Fág freagra ar 'An mbeadh aon fháilte ag muintir na Gaeltachta roimh aiséirí na turasóireachta i mbliana?'

  • Con Ó Murchú

    Dingle, sea. Beidh failte ann as Béarla!