Bailchríoch ar an gcuairt nárbh fhéidir leis an bPápa a dhéanamh i 1979. Sin é ba mhaith leis na Caitlicigh i dTuaisceart Éireann atá ag éileamh go dtiocfaidh an Pápa Proinsias aneas le linn a chuairte ar Bhaile Átha Cliath. Cumasc d’fhoréigean an IRA agus ‘No Pope here’ a chuir bac ar thuras an Phápa Eoin Pól 11 go hArd Mhacha. Táthar ag súil nach mbeadh baol foréigin ann ó dhream ar bith i 2018, cibé ní faoin bhfrith-Chaitliceachas.
Sceith bhéil ab ea an Eaglais Shaor-Phreisbitéireach ariamh as gráin ar ‘Rómhánachas’ mar a thugadh Ian Paisley, bunaitheoir na hEaglaise sin, ar Chaitliceachas. Ní raibh i ‘striapach na Babalóine’ ach ceann de na hachasáin a chaitheadh an tUrramach Paisley le Pápaí.
Nuair a mhaslaigh Paisley an Pápa mar ‘ain-Chríost’ i bParlaimint na hEorpa, bhí ministir óg ina theannta. Níor mhaolaigh an aimsir naimhdeas an mhinistir sin, an tUrramach David McIlveen. Ní bheadh aon ghlacadh aigesean le cuairt an Phápa Proinsias a dúirt sé an tseachtain seo ar Talkback ar BBC Raidió Uladh. “No Pope Here atá á rá agat?” arsa an láithreoir. “Sin é é, go beacht” a d’fhreagair an tUrramach McIlveen, a mhínigh gur shárú ar an mBíobla é a rá gurb ionann an Pápa agus Biocáire Chríost.
Ghlaoigh dornán eile ar an raidió ag tacú leis an ministir agus ag rá go gcaithfí léirsiu i gcoinne Phroinsias dá dtiocfadh sé go hArd Mhacha nó Béal Feirste. Nuair a thug an Pápa Benedict turas go Glaschú, chuaigh baill den Ord Oráisteach anonn chun páirt a ghlacadh in agóid ina choinne. Ba bheag aird a tugadh orthu ach ní gá go stopfadh sé sin iad. Ní mór a rá go raibh ceannairí na bpríomheaglas Protastúnacha i bhfad níos tomhaiste, iad ag caint ar mheas ar Chaitlicigh a léiriú.
Cuireadh suntas i bhfreagra cheannaire an DUP, an Chéad Aire ‘seasta i leataobh’, Peter Robinson, ar chaint ar chuairt ón bPápa. Fáiltímid roimh chuairteoirí an t-am ar fad, arsa Robinson. “Is í an cheist”, ar sé, “an mar cheannaire eaglasta nó mar cheannasaí stáit a thiocfadh sé mar is é sin a rialódh cén sort socruithe a chaithfí a dhéanamh”. Is ag trácht ar chúrsaí slándála a bhí sé, go príomha, ach mheas roinnt Caitliceach go raibh sé fuarfháilteach.
Bheadh na múrtha fáilte ag Martin McGuinness, Sinn Féin, roimh an gcuairt, a dúirt sé. Comhartha sóirt é fáilte na bpoblachtánach ar an gclaochlú ó thug an Pápa Eoin Pól 11 a chuairt 36 bliain ó shin. Bhí socruithe déanta go dtabharfadh an Pápa cuairt ar Ard Mhacha an t-am sin ach dhá lá sula raibh an plean le foilsiú, mharaigh an tIRA an Tiarna Mountbatten ar an Mullach Mór agus 18 saighdiúir as Arm na Breataine i gContae an Dúin.
Ar eagla círéibeanna nó ionsaí díoltais ar an bPápa nó ar na sluaite a bhaileodh chuige, cuireadh coinne Ard Mhacha ar ceal agus is i nDroichead Átha a labhair an Pápa faoin bhforéigean. “Ar mo ghlúine, impím oraibh éirí as,” a dúirt sé sa seanmóir ba chailiúla óna thuras. Tugadh neamhaird air; bhí díomá ar na heaspaig, Ó Fiaich agus Ó Dalaigh Dhoire, nár cuireadh ceann le díospóireacht, ar a laghad, faoi theachtaireacht an Phápa. Tugadh an chluas bhodhar don rud nár fheil.
An tseachtain seo bhí cuid den phobal Caitliceach – nó de bhunadh Caitliceach – patuar faoi chuairt an Phápa Proinsias. B’fhiú é dá labhródh Proinsias go lom, borb le heaspaig faoina ról i gceilt na mí-úsáide a bhain cléirigh áirithe as páistí. Bhí díomá ar íobartaigh a bhraith nár thug an Pápa tosaíocht don drochíde le linn a chuairte ar Mheiriceá. Bheadh doicheall ar go leor abhus roimhe mura ngabhfadh sé i ngleic leis an bhfadhb agus mura gcinnteodh sé nach mbeadh dídean san Eaglais d’éinne a sháródh scothchleachtais i dtaca le sábháilteacht leanaí.
Is léir go bhfuil stíl níos oscailte ag an bPápa Proinsias ná mar a bhí ag Pápaí eile. Is fiú go mór éisteacht leis faoin timpeallacht, inimircigh, dídeanaithe agus bochtanas. Mar sin féin tá sé coiméadach, ceartchreidmheach agus caolsheans go bhfógróidh sé go gceadófar mná sna sagairt nó athrú réabhlóideach ar theagasc. Má thagann sé go hÉirinn, tiocfaidh sé chun an Eaglais anseo a neartú; tá sé sin intuigthe agus sothuigthe.
Ach ar leor sin feasta do mhuintir na hÉireann? Is mór idir leagan amach an phobail anois agus 1979. Dúshlán ollmhór é don Phápa Proinsias a dhul i gcion ar Éirinn sa 21ú aois.
Fág freagra ar 'An mbeadh fáilte roimh an bPápa i dTuaisceart Éireann?'