An margadh comhrialtais slán go maith go fóill

Cé nach baol don rialtas an babhta seo beidh daoine ag éirí neirbhíseach go bhfuil claonadh ag neamhspleáigh seasamh in aghaidh an rialtais ar chúis ar bith

An margadh comhrialtais slán go maith go fóill

An bhfuil bearna sa gclaí tar éis imeachtaí na polaitíochta an tseachtain seo? An mbeidh sé níos éasca anois ag Teachtaí nach bhfuil sásta lena bhfuil ag tarlú droim láimhe a thabhairt leis an rialtas? Níl siad leathbhliain iomlán in oifig fós agus cáineadh go leor déanta orthu as an easpa oibre agus dul chun cinn i leith réimse leathan ábhar. Má tá Teachtaí Dála neamhspleácha anois tosaithe ag vótáil in aghaidh an rialtais cén fhad go rachaidh an teannas i gcion ar Theachtaí Dála eile agus cén fhad go dtiocfaidh ábhair eile chun cinn a spreagfaidh daoine loiceadh ar an margadh a rinne siad le Fianna Fáil agus Fine Gael san Eanáir seo caite?

Ní gá a mheabhrú d’aon duine gur tharraing an margadh céanna, ainmniúchán an Cheann Comhairle agus cearta cainte do Theachtaí Dála neamhspleácha, clampar agus go bhfuil cuid den bhinb a bhain leis na díospóireachtaí sin mí Eanáir fós san aer sa Dáil. Tá an chonspóid faoin socrú ar a dtugann an freasúra ‘socrú Lowry’ ag cothú feirge i gcónaí i measc Theachtaí Dála an fhreasúra. Agus maíonn Lowry go bhfuil an socrú sin daingean – seasfaidh an grúpa réigiúnach leis an rialtas beag beann ar aon deacrachtaí polaitiúla.

An tseachtain seo, sheas beirt de na neamhspleáigh sa ngrúpa atá ag tacú leis an rialtas ina n-aghaidh. Bhí cúiseanna éagsúla ag an mbeirt. Dúirt Barry Heneghan gur cinneadh ar bhonn coinsiasa mar gheall ar an scrios atá ag tarlú i nGaza a thug air tacú le rún de chuid Shinn Féin. Dúirt Gillian O’Toole gur míniú nár tugadh di faoi thionchar na reachtaíochta ar chúrsaí a bhaineann leis an Eoraip ba chúis lena cinneadh vótáil in aghaidh an rialtais. Bhí go leor daoine eile seachas , go deimhin, a cheistigh an míniú a thug an rialtas faoin seasamh a ghlac siad.

Beirt imithe as comhghuaillíocht an rialtais? Níl, ná é. Go deimhin, tá sé dearbhaithe ag an mbeirt go bhfuil siad fós ag tacú go daingean leis an gcomhrialtas. Agus ní baol do thromlach an rialtais – bhuaigh siad an vóta le 87 vóta in aghaidh 75. Faoin socrú comhrialtais tá 91 as an 174 Teachta sa Dáil ag tacú leo. Tá 86 suíochán ag Fianna Fáil agus Fine Gael eatarthu ach ní baileach gur móramh iomlán é sin.

Ba chuma faoin vóta an oíche cheana, a dúirt an rialtas. Níl na Teachtaí Dála seo faoi rialacha aoireachta. Tugann sé an argóint ó thús na bliana chun cuimhne arís – an féidir leat a bheith sa rialtas agus sa bhfreasúra ag an am céanna? Bíonn an ghráin ag lucht cumarsáide agus comhairleoirí polaitíochta air nuair a bhíonn rialtas ag brath ar thacaíocht na neamhspleách. Bíonn a gcuid ceisteanna féin acu a mbíonn siad diongbháilte fúthu agus tuagann siad tús áite do na ceisteanna a chuideoidh leo a suíochán a choinneáil sa gcéad toghchán eile.

Beidh Mary Butler ag dul chun cainte leis na neamhspleáigh agus le muintir Healy-Rae lena mheabhrú dóibh gur thug siad a bhfocal go dtacóidís leis an rialtas. Cé nach baol don rialtas an babhta seo beidh daoine ag éirí neirbhíseach go bhfuil claonadh ag neamhspleáigh seasamh in aghaidh an rialtais ar chúis ar bith, go háirithe agus líon na ngéarchéimeanna atá le réiteach ag cothú dúshláin nua don rialtas in aghaidh an lae.

Fág freagra ar 'An margadh comhrialtais slán go maith go fóill'