An mana atá acu ná ‘Business as usual – beidh gach rud alright’ – John Gormley agus an saol tar éis na polaitíochta

Tá John Gormley, iarCheannaire an Chomhaontais Ghlais, éirithe as an bpolaitíocht ach is Glasach i gcónaí é. Labhair sé lenár gcolúnaí

An mana atá acu ná ‘Business as usual – beidh gach rud alright’ – John Gormley agus an saol tar éis na polaitíochta

John Gormley i 2011. Pictiúr: Leon Farrell RollingNews.ie

Nuair a casadh John Gormley orm le gairid bhí sé ag breathnú go géar ar an taoille. Ní raibh cuma róshásta air. Shíl mé go raibh sé míshásta nach raibh an chuma ar an uisce go n-oirfeadh sé don snámh. Ach ní raibh, ba é caighdeán an uisce a bhí ag déanamh tinnis dhó.

Tá Gormley, iarCheannaire an Chomhaontais Ghlais éirithe as an bpolaitíocht ach is Glasach i gcónaí é. Castar orm é go minic ag an ionad snámha in aice le Stáisiún an Dart ar an gCarraig Dhubh. Bhí scata mór ag snámh ag lán mara an lá cheana nuair a chonaic mé John uaim agus cuma an-imníoch air.

‘Bíonn sé go dona th’éis díle bháistí,’ a dúirt sé liom. Fhad is a bhí mise i nDún na nGall ag an deireadh seachtaine, bhí sé ag gleadhradh báistí in oirthear na tíre, go háirithe i mBaile Átha Cliath, ach ní fhaca muide deor.

‘An é an t-ionad fuíolluisce sa Rinn is cúis leis an truailliú?’ a d’fhiafraigh mé de. Ar bhealach éigin cheap mé go raibh an fhadhb sin leigheasta i bhfad ó shin. ‘Bíonn an fhadhb ann i gcónaí tar éis báisteach throm,’ a mhínigh sé dhom. ‘Níl an t-ionad sách mór do dhaonra Bhaile Átha Cliath níos mó.’

Chuir sé cóip den fhógra oifigiúil atá ar crochadh gar do thrá Chuas an Ghainimh chugam ina dhiaidh sin – ag cur fainic ar dhaoine gan dul ag snámh go ceann dhá lá th’éis báisteach throm, mar gheall ar chontúirt sláinte.

Ba léir go bhfuil tuairimí láidre aige i gcónaí faoin timpeallacht, cé go bhfuil se éirithe as an bpolaitíocht. Nach raibh sé ag plé le cúrsaí teilifíse agus scannán go lánaimseartha anois? Shocraigh mé dul agus cupán caife a ól leis go gcloisfinn tuilleadh faona bhfuil ar siúl aige. Gaeilge ar fad a labhair sé liom.

Bhíodh Gormley i gceannas ar na Glasaigh agus an uair dheireanach a bhíodar i gcomhrialtas (le Fianna Fáil) bhí seisean ina Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil. Bhí an post sin aige ó  2007 go dtí 2011, nuair a chaill sé a shuíochán.

Ina dhiaidh sin, rinne sé staidéar ar an scannánaíocht ar chúrsa MA faoi stiúir Filmbase agus Ollscoil Staffordshire. Is cosúil go raibh spéis aige i gcónaí sna scannáin agus sa teilifís. Ach ba mhó an spéis a bhí aige úsáid a bhaint as na meáin sin le soiscéal an athraithe aeráide a scaipeadh. Is ar an ábhar sin is mó a chuireann sé béim ina chuid léiriúchán agus ina chuid oibre i scoileanna dara leibhéal agus i gcoláistí ar nós DCU.

“Is é an t-athrú aeráide an dúshlán is mó a bheas romhainn – níos mó ná CoVid ná aon rud eile,” a deir sé. “Ní thuigeann na páirtithe eile an ghéarchéim. Is é an mana atá acu ná ‘Business as usual – beidh gach rud alright’.”

‘Tá siad sásta le hathruithe beaga,’ a deir sé. “’Is tír bheag muide, níl aon ghá [le hathruithe móra] … Ach sin an meon mícheart, caithfimid oibriú le chéile, is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.”

Ba léir go raibh sé ag caint faoin socrú a rinneadh an tseachtain seo caite maidir le hastaíochtaí carbóin agus earnáil na talmhaíochta. “Níl ansin ach tús an scéil,” a dúirt sé. “Caithfimid leanacht ar aghaidh, céim ar chéim.”

Dar leis, cuireadh tús le fadhb ollmhór nuair a cuireadh deireadh leis na teorainneacha CAP. Ag an am sin, dar leis, ba í fealsúnacht na Roinne Talmhaíochta ná “na páirceanna ar fad a líonadh le heallach”.

Ach d’imigh sin ó smacht, a deir sé agus tháinig méadú as cuimse ar na hastaíochta carbóin, go háirithe in earnáil na talmhaíochta. Is léir nach bhfuil deireadh an scéil sin cloiste againn.

Thug mé ar ais é go dtí an t-ábhar lenar thosaigh muid – cúrsaí uisce agus méadú daonra na cathrach. Bhíodh sé ina ábhar mór conspóide blianta ó shin, nuair a bhí díospóireacht faoi uisce a thabhairt i bpíopa ón tSionainn chomh fada le Baile Átha Cliath.

“Caithfidh sé tarlú,” a dúirt sé. “Tá Baile Átha Cliath ag fás agus ag fás – cuirtear 70,000 duine sa bhreis leis an daonra ann chuile bhliain. Níl na seirbhísí ann do chathair den mhéid sin.”

Ní hé amháin go gcaithfear uisce a thabhairt as lár tíre chomh fada leis an gcathair, caithfear, dar leis, ionad mór eile fuíolluisce cosúil leis an gceann sa Rinn, a thógáil i dtuaisceart na cathrach chomh maith. 

“Níl éinne ag caint faoi fhás ollmhór Bhaile Átha Cliath. Níl na seirbhísí mar atá faoi láthair, in ann déileáil leis.”

Ar feadh roinnt blianta, tar éis dó dul ag plé leis an scannánaíocht, bhí John Gormley ina Chathaoirleach ar eagraíocht na léiritheoirí in Éirinn (SPI- Screen Producers Ireland). Le linn na tréimhse sin chuir sé aithne ar na léiritheoirí  ar fad atá ag obair san earnáil. Tuigeann sé na deacrachtaí a bhaineann le saothrú a fháil ón obair seo – bíodh duine ag obair don teilifís nó sna scannáin nó i réimse an oideachais, cosúil leis féin.

Cé go bhfuil sé éirithe as an gcathaoirleacht, tá baint aige fós leis an earnáil. Eisean atá ina chathaoirleach ar ‘Screen Greening’ – an dream a bheas ag coinneáil súil ar astaíochtaí carbóin ó léiriúcháin amach anseo. Bhí a gcéad chruinniú acu ag Fleadh Scannán na Gaillimhe agus bhí sé thar a bheith sásta tacaíocht a fháil ó RTÉ, TG4, Virgin Media agus dreamanna eile a d’aontaigh páirt a ghlacadh san eagraíocht. Ní hiad na feirmeoirí amháin a bheas ag comhaireamh astaíochtaí amach anseo. 

Ach is é fírinne an scéil ná go bhfuil an saol ag athrú. Beidh daoine ag coinneáil súil ar na himeachtaí seo nár thug siad aon aird orthu san am a caitheadh. Beidh ‘áireamhán’ carbóin ina phóca ag gach duine againn lá éigin amach anseo. Bhí sé chomh maith dúinn dul i gcleachtadh air anois.

D’fhág mé John agus é ag feistiú an chadhnra ar a rothar thíos ag an ionad snámha. Chuimhnigh mé ansin ar an gcéad rothar a cheannaigh mé faoin Scéim na Rothar Chun Oibre. Ba eisean, agus é ina Aire Comhshaoil sa mbliain 2008, a thug isteach an scéim sin. Feictear a thoradh ar an mbóthar gach lá sa gcathair agus na mílte ag rothaíocht chuig a gcuid oibre. 

Sin bealach éasca le hastaíochtaí carbóin a laghdú. Ach ag an am céanna, as seo amach, beimid ag comhaireamh.

Fág freagra ar 'An mana atá acu ná ‘Business as usual – beidh gach rud alright’ – John Gormley agus an saol tar éis na polaitíochta'