An lámh in uachtar ag an Úcráin agus gan ach cúpla cárta fágtha le himirt ag Putin

Tharla cor cinniúnach i scéal na chogaidh san Eoraip na tseachtain seo, cor a thabharfaidh misneach mór don Úcráin agus a lucht tacaíochta

An lámh in uachtar ag an Úcráin agus gan ach cúpla cárta fágtha le himirt ag Putin

Scríobh mé anseo cheana gur cheist fhíorthábhachtach an mbeadh ar chumas na hÚcráine tailte a ghabháil ar ais ón Rúis. 

Dúirt mé ó d’éirigh an Rúis as an iarracht an Úcráin ar fad a ghabháil agus ó dhírigh siad a bhfórsaí ar oirthear na tíre nach raibh ‘fianaise ar bith againn go mbeadh sé ar chumas na hÚcráine cathair nó réigiún mór a athghabháil.’

Tá sin déanta anois ag an Úcráin.

Tá siad tar éis teacht aniar aduaidh ar fhórsaí an ionróra agus tá níos mó ná 3,000 ciliméadar cearnach, bailte agus infreastruchtúr iompair tábhachtach athghafa agus seo á scríobh.

Tá gach seans ar na cúiseanna seo a leanas gurb é seo an dara cor cinniúnach sa chogadh seo, tar éis teip na Rúise Cív a ghabháil san earrach.

  1. Tá móiminteam anois ag an Úcráin rud a thabharfaidh misneach agus ardú meanman dá saighdiúirí.  Is í an Úcráin atá ag stiúradh cúrsaí na cogaíochta agus is iad na Rúisigh atá ag iarraidh oibriú amach cad é an chéad bhuille eile a bhuailfear orthu agus conas sin a sheachaint.
  2. De réir a chéile tá trealamh míleata níos fearr agus níos cruinne ag na hÚcránaigh agus tá léirithe acu go bhfuil ar a gcumas é a úsáid go héifeachtach.
  3. Tá cruthaithe ag fórsaí na hÚcráine arís go bhfuil siad níos cliste, níos cumasaí agus níos solúbtha i mbun straitéise agus pleanála.  Ó theip ar an iarracht an Úcráin go léir a ghabháil ní raibh ach straitéis amháin ag fórsaí na Rúise – leas a bhaint as an mbuntáiste ollmhór airtléire – 10 i gcoinne 1 – a bhí acu chun treabhadh chun tosaigh, scrios a dhéanamh ar a raibh rompu agus smionagar a fhágáil ina ndiaidh.  Anois ó tharla an buntáiste sin a bheith curtha ar ceal dealraíonn sé nach bhfuil plean nua ar bith eile acu conas an cogadh seo a throid. 
  4. Neartaíonn bua na hÚcráine an argóint gur féidir leis an Úcráin buachan má leanann tíortha san iarthar ar aghaidh leis an tacaíocht mhíleata.  Is maith le polaiteoirí tacú le buaiteoirí.
  5. Tá fórsaí na Rúise spíonta agus gan teacht ar líon substaintiúil saighdiúirí nua acu gan gairm chun slógaidh agus coinscríobh.  Fiú dá ndéanfaí gairm chun slógaidh agus coinscríobh a fhógairt chaithfí na saighdiúirí sin a thraenáil agus a armáil.  Tá amhras mór, áfach, an bhfuil aon fhonn ar fhir óga na Rúise bás a fháil san Úcráin ar son aisling choncais Putin. 
  6. Is féidir a bheith ag súil anois le tuilleadh ionsaithe ó pháirtiseáin taobh thiar de línte na Rúiseach agus misneach tugtha don phobal nach mbeidh na Rúisigh ann go buan.  Beidh níos mó drogaill freisin ar dhaoine tréas a dhéanamh i gcoinne na hÚcráine trí chomhoibriú le fórsaí na forghabhála.

Tá dhá chárta fágtha ag Putin agus tá ceann acu á imirt aige chomh maith agus is féidir leis.

1. An cogadh eacnamaíochta agus fuinnimh

Cuirfidh sé seo brú mór ar aontas polaitiúil an iarthair sna míonna romhainn amach, go háirithe san Eoraip.  Tá cumas i bhfad níos fearr i ngeilleagar na hEorpa teacht slán ó chogadh eacnamaíochta a leanfadh níos mó ná bliain nó dhó ná mar atá ar chumas gheilleagar na Rúise teacht slán óna leithéid.  Caithfidh an brú eacnamaíochta atá á chur ag Putin ar an Eoraip oibriú an geimhreadh seo chugainn má tá sé le hoibriú ar chor ar bith.

D’fhéadfaí a shamhlú go dtréigfeadh tíortha áirithe an chúis.  Ní féidir brath air go leanfaidh rialtas nua na hIodáile ag tacú leis an Úcráin mar shampla.  Tiocfaidh rialtais i dtíortha an Aontais faoi níos mó brú ón bpobal mar gheall ar an ngéarchéim costas maireachtála sna míonna romhainn amach.

Mar sin féin tá sé deacair a shamhlú go dteipfidh go hiomlán ar thoil an iarthair.  Níl Meiriceá faoin mbrú céanna ó thaobh cúrsaí fuinnimh de agus cinnte leanfaidh tacaíocht Biden don Úcráin a fhaid is a bheidh sé ina uachtarán.  Is ó Mheiriceá atá na córais diúracáin atá tar éis an difear is mó a dhéanamh ag teacht.  Cinnte leanfaidh tíortha a bhí faoi fhorlámhas na Rúise in oirthear na hEorpa, seachas an Ungáir, ag tacú go tréan leis an Úcráin, is cuma cén praghas atá le híoc acu.  Níl aon chuma ar an scéal go laghdóidh ar thacaíocht na Breataine don troid agus tá sé deacair a fheiceáil go loicfeadh polaiteoirí na Gearmáine go hiomlán ar an Úcráin in ainneoin an brú atá orthu.  Ba chóir go dtabharfadh bua mór na hÚcráine le seachtain anuas misneach do thíortha ar nós na Spáinne nach raibh iontach diongbháilte ina cuid tacaíochta gur fiú an fód a sheasamh.  Fiú má chailltear tacaíocht roinnt tíortha – an Iodáil agus cúpla tír eile – fós féin nuair a chuirtear geilleagar agus tionscail mhíleata na dtíortha a bheas fós ag tacú leis an Úcráin i gcomparáid le geilleagar agus tionscail mhíleata na Rúise agus na dtíortha atá ag soláthar ábhar míleata di (an Chóiré Thuaidh agus an Iaráin go príomha) is léir gur ag an Úcráin a bheidh an buntáiste.

2. An cárta núicléach

Thosódh seo le bagairtí ach éinne a cheapann go ngéillfeadh na hÚcránaigh dá leithéid ní bhíonn siad ag caint le mórán Úcránach.  Ansin bhogfaí ar aghaidh go taispeántas d’airm núicléacha agus ar deireadh bhainfí leas as buama núicléach oirbheartaíochta i gcoinne fhórsaí na hÚcráine.

Dá dtiocfadh an crú ar an tairne agus dá dtarlódh teip iomlán don Rúis san Úcráin an imreodh Putin an cárta seo a bheadh fíordhainséarach don domhan ar fad, an Rúis san áireamh?  An leanfadh a ghinearáil – a bhfuil clann dá gcuid féin acu – an t-ordú chun an an gheis núicléach a shárú?

Dá n-úsáidfeadh an Rúis airm núicléacha san Úcráin is fíor-dhrochscéal do mhuintir na hÚcráine a bheadh ann.  Ach is fíor-dhrochscéal don Rúis a bheadh ann freisin fiú mura gcuirfí tús le cogadh núicléach domhanda.  Bheadh sé soiléir do thíortha an domhain – an tSín san áireamh – gurb í an Rúis an bhagairt is mó don tslándáil idirnáisiúnta, agus dá slándáil féin dá réir.  Bheadh an Rúis fágtha gan cara nó comhghuaillí, seachas b’fhéidir Kim Jong Un, ach ní dhéanfainn talamh slán de sin féin.

Bíodh gráin nó gean agat air, tá sé léirithe ag Vladimir Putin go minic thar na blianta gur imreoir pócair den scoth é.  Má éiríonn leis buachan leis na cártaí atá fágtha aige an babhta seo, beidh a áit sa stair tuillte aige mar cheann de na ceannairí cogaidh is máistriúla i stair an chine dhaonna.  I láthair na huaire, áfach, dealraíonn sé go bhfuil níos mó seans gur ar Volodymyr Zelenskyy a bhronnfaidh na staraithe an onóir sin. 

Fág freagra ar 'An lámh in uachtar ag an Úcráin agus gan ach cúpla cárta fágtha le himirt ag Putin'