Tá sé ráite ag cathaoirleach feidhmiúcháin Choimisiún na Meán, Jeffrey Godfrey, go bhfuil “an-imní go deo” ar an gcoimisiún faoi na himpleachtaí a bheidh ag scannal RTÉ don chraoltóireacht seirbhíse poiblí.
“Ní bheidh aon rath ar sheirbhís craoltóireachta poiblí mura mbeidh craoltóir seirbhíse poiblí faoi rath agat,” a dúirt Godfrey.
“Tá an-dochar déanta ag an eolas atá ag teacht amach faoi láthair do mhuinín an phobail. Sin cuid den chúram a bheidh ar na fiosrúcháin agus an t-iniúchadh atá ar bun ag an Aire.”
Dúirt Godfrey gur mian le Coimisiún na Meán mionscrúdú a dhéanamh lena “dheimhniú” cé acu ar chloígh RTÉ lena dhualgas i leith na craoltóireachta seirbhíse poiblí nó nár chloígh.
Is é Coimisiún na Meán, a tháinig in áit Údarás Craolacháin na hÉireann, rialaitheoir RTÉ.
“Tá an coimisiún ag scrúdú cé acu ar chloígh RTÉ lena ngeallúint agus rud a bheidh fíorthábhachtach, cé acu ar chóir athrú a dhéanamh ar an táille don cheadúnas teilifíse.
“Tá imní orainn faoi sheachadadh na ndualgas seirbhíse poiblí atá ar RTÉ, go háirithe an gheallúint ar leith a deir go mbeidh an lucht féachana lárnach sna cinntí á dhéanfar. Is mian linn breathnú go mion ar na dualgais sin lena dheimhniú gur chloígh RTÉ leis na geallúintí sin, agus más amhlaidh nár chloígh cé mhéad díobh nár comhlíonadh agus céard a mheasann siad a d’fhéadfaí a dhéanamh faoi sin.”
“Agus ansin caithfimid ár machnamh a dhéanamh faoinar chóir nó ar chuí athrú ar tháille an cheadúnais teilifíse a mholadh nó go mbeidh an mhuinín ar ais in RTÉ arís.”
Tá RTÉ sáinnithe i gconspóid faoi chúrsaí rialachais le coicís anuas, conspóid a d’eascair as scéal na n-íocaíochtaí ceilte a rinneadh leis an láithreoir Ryan Tubridy.
Dúirt Cathaoirleach Bhord RTÉ, Siún Ní Raghallaigh, an tseachtain seo gur chóir gurbh é an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a dhéanfadh maoirseacht ar chúrsaí airgeadais an chraoltóra phoiblí i ndiaidh an scannail arb é “an eachtra ba mheasa i stair RTÉ gan aon dabht”.
‘An eachtra ba mheasa i stair RTÉ’ – ‘seans maith’ go dtiocfaidh a thuilleadh eolais amach
Fág freagra ar '‘An-imní go deo’ ar Choimisiún na Meán faoi chás RTÉ'