Bhaist an tráchtaire agus an t-iriseoir, Eamon Dunphy, an cheird a bhí air mar “a rough aul trade”. Ní rachadh an teideal sin amú ar an bpolaitíocht, go háirithe polaitíocht na tuaithe in Éirinn. D’fhéadfadh Éamon Ó Cuív é sin a léiriú go soiléir. Na daoine a chonaic é – mo leithéide féin – ag cruinnithe fada a bhain le feilméaracht nó le cúrsaí timpeallachta nó le ceist mhór éigin i bpobal beag tuaithe, tá muid in ann é sin a dheimhniú. Ach, freisin, is ceird í a thugann deis do dhuine leas an phobail a chur chun cinn.
“Feictear domsa go bhfuil obair thábhachtach déanta nuair a chuirtear bóthar chun an tí do dhuine éigin,” a deir Éamon Ó Cuív agus é ag caitheadh súil siar ar an aimsir, lá agus oíche, a chaith sé sa bpolaitíocht.
Cé a thógfaidh a áit agus cé a choinneoidh an suíochán d’Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar?
B’fhéidir go gcuireann cinneadh Ghráinne Seoige iarraidh a thabhairt faoi iontas ar chuid den phobal. Ach tá Gráinne Seoige cleachta, a bheag nó a mhór ar an “rough aul trade” a luaigh Eamon Dunphy. Tháinig conspóidí ina bealach agus í gníomhach i réimse na teilifíse, áit eile a mbíonn géar-iomaíocht ann scaití. Ní dual dá cúlra ná dá sloinne go mbeadh sí ag dul ar an gcúlráid nó ag dul i bhfolach. Bean láidir agus bean mheabhrach í an Seoigeach agus mura bhfuil mioneolas aici ar shaol na polaitíochta féin, tá an cumas inti theacht isteach uirthi go sciobtha.
Ar ndóigh, ar an gcéad iarraidh, níor mhór di ainmniúchán a fháil le dhul san rás d’Fhianna Fáil.
I dtéarmaí praiticiúla tá buntáiste aici – sin mura dtiocfaidh bean láidir eile chun tosaigh mar iarrthóir i nGaillimh Thiar. Is é polasaí náisiúnta Fhianna Fáil gur mná a bheadh i 40% dá gcuid iarrthóirí. Teastóidh bean amháin, ar a laghad, ar fhoireann Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar. Teastaíonn duine nó beirt eile, mná nó fir. Teastaíonn tacaíocht Éamoin Uí Chuív ón iarrthóir a mbeadh seans ceart aici nó aige ar shuíochán Fhianna Fáil.
Ach níl aon bharántas ann go mbeidh suíochán ag Fianna Fáil. Bhí an chinnteacht sin ann nuair a bhíodh Éamon Ó Cuív san iomaíocht. D’fhaigheadh sé tromlach a chuid vótaí i gConamara agus in Árainn.
Beidh Éamon Ó Cuív gníomhach sa bhfeachtas. Rachaidh sé ó dhoras go doras in éineacht le hiarrthóirí an pháirtí. “Déanfaidh mé é sin i gConamara agus sa gcathair agus i gcomharsanacht chathair na Gaillimhe,” a deir Éamon Ó Cuív. Sin tacaíocht an-láidir agus féadfaidh Fianna Fáil a bheith buíoch go bhfuil Ó Cuív sásta é sin a dhéanamh.
Ach, mar a deir sé féin, ní féidir leis ach an cás a chur os comhair na ndaoine. “An lá ba láidre a raibh mé sa bpolaitíocht, ní fhéadfainn a bheith cinnte go ndéanfadh vótóirí Fhianna Fáil mo chomhairle, agus is mar sin ba chóir dó a bheith sa gcóras daonlathach,” a deir sé.
Anois, an í Gráinne Seoige, nó iarrthóir eile, atá in ann suíochán Fhianna Fáil a thabhairt leo? Ag déanamh comparáidí stairiúla polaitíochta, an í Gráinne Seoige an Máire Geoghegan-Quinn nua i nGaillimh Thiar?
Cé go bhféadfadh cosúlachtaí pearsanta a bheith idir iad – an chaint líofa ar cheann acu – ní hé an dá mhar a chéile iad ó thaobh na polaitíochta de. Bhí cúlra láidir polaitíochta ag Máire Geoghegan-Quinn. Chleacht sí obair phobail agus polaitíocht phobail ó bhí sí ina seanghasúr. Bhí an t-ainm Geoghegan in airde i bhFianna Fáil.
Tá an buntáiste – agus an baol freisin – ag baint le cás Ghráinne Seoige go bhfeicfear í mar cheiliúrán nó ‘celebrity candidate’. Ar ndóigh, tá go leor samplaí feicthe againn de dhaoine a raibh a n-ainm i mbéal an phobail ag buachan suíocháin i dtoghcháin Eorpacha. Sa toghchán is deireanaí in Éirinn thug Ciarán Mullooly, Nina Carberry agus Cynthia Ní Mhurchú suíocháin leo; toghadh iar-Rós Thrá Lí, Maria Walsh, don dara téarma i dtoghchán na bliana seo agus toghadh an t-amhránaí Dana Rosemary Scallon i 1999.
Ach ní hionann toghchán Eorpach agus toghchán Dála. Glacann formhór na vótóirí leis nach bhfeicfidh siad Feisire Eorpach arís ar feadh cúig bliana agus níl a fhios ag go leor céard a bhíonn ar siúl i Strasbourg. Ach tá an pobal – go háirithe faoin tuath – ag iarraidh go mbeadh an Teachta Dála ar fáil acu d’oíche agus de lá. Déanfaidh siad mionstaidéar ar an scéal.
Tá suíocháin Dála buaite ag daoine a raibh eolas maith orthu go poiblí roimh ré. Sampla maith, agus drochshampla ag an am céanna, é George Lee. Scuab sé faoi agus thairis i bhfothoghchán i mBaile Átha Cliath ach ní raibh sé sásta nó in ann chuig an dualgas leagadh air. Má théann muid siar sna blianta, thriail Liam Ó Murchú, láithreoir chlár teilifíse ar RTÉ, Trom agus Éadrom, amach é féin i dtoghchán i gCorcaigh agus chinn an suíochán air. Taobh thoir de Ghaillimh, bhí John Donnellan – peileadóir cumasach – in ann suíochán a thabhairt leis d’Fhine Gael, ach bhí cúlra láidir polaitíochta aigesean. Ar an taobh eile den scéal ar an Eachréidh, níor éirigh le Seán Purcell, an peileadóir ab fhearr ariamh de réir chuid de na saineolaithe, nuair a sheas sé d’Fhine Gael.
Ceaptar gur i measc cuid de lucht Fhianna Fáil i gcathair na Gaillimhe a dúisíodh an smaoineamh go mbeadh Gráinne Seoige ábalta mar iarrthóir. Tá Fianna Fáil ag súil go bhfaigheadh sí roinnt mhaith tacaíochta sa gcathair de bharr a aitheanta agus a bhí sí ar na cainéil teilifíse. Ach beidh a fhios ag Gráinne Seoige nach dtabharfaidh a cáil phoiblí an bhealach uilig go Teach Laighean í.
Ar bhealach, ba mhaith an beart di féin go mbeadh sí gafa san iomaíocht sna toghcháin áitiúla cúpla mí ó shin i gConamara Theas nó i gceann de thoghcheantair Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Sin scéal thairis anois.
Amach romhainn – d’fhéadfadh sé go mbeadh ceathrar ban agus fear amháin ina dTeachtaí Dála do Ghaillimh Thiar: Hildegard Naughton, Catherine Connolly, Mairéad Farrell agus Gráinne Seoige.
An fear – sin scéal eile.
Pat Butler
Tá freagra do cheiste tugtha go líofa ag vótóirí Ghaillimh Thiar, a Mháirtín.