An gradam do leabhair Ghaeilge ag The Irish Book Awards tagtha slán

Bhí éiginnteacht ann faoin duais a bhíonn á bronnadh le roinnt blianta anuas ar leabhar Gaeilge ag na mórghradaim litríochta

An gradam do leabhair Ghaeilge ag The Irish Book Awards tagtha slán

Beidh duais ann do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag na An Post Irish Book Awards i mbliana.

Bhí éiginnteacht ann faoin duais a bhíodh á bronnadh le roinnt blianta anuas ar leabhar Gaeilge ag na mórghradaim litríochta, ach dheimhnigh An Post do Tuairisc go raibh an gradam Gaeilge tagtha slán.

Duais Fhoras na Gaeilge do Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana 2023 a bheidh ar an ghradam.

Is iad Meas Media, tríd an tionscadal ‘Love Leabhar Gaeilge’, a bhíodh ag déanamh urraíochta ar an duais agus iad á heagrú do The Irish Book Awards ó 2018.

Ach tháinig deireadh an Nollaig seo caite leis an scéim de chuid Fhoras na Gaeilge faoina raibh Meas Media agus Love Leabhar Gaeilge á maoiniú.

An comhlacht Lorg Media a bheidh ag déanamh margaíochta ar na leabhair Ghaeilge don Fhoras in áit Meas Media.

Bhí imní ar fhoilsitheoirí Gaeilge go raibh “an t-am ag éirí gann” leis an ngradam Gaeilge a thabhairt slán agus go raibh an baol ann nach mbeadh aon rannóg Ghaeilge ag The Irish Book Awards i mbliana.

An t-úrscéal EL le Thaddeus Ó Buachalla a bhuaigh ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag An Post Irish Book Awards anuraidh.

Ba iad na buaiteoirí eile ó bunaíodh an gradam sin in 2018 Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin Cnámh le hEoghan Mac Giolla Bhríde, Tairngreacht le Proinsias Mac a’Bhaird agus Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson.

Fág freagra ar 'An gradam do leabhair Ghaeilge ag The Irish Book Awards tagtha slán'