An Gladiator Éireannach, Max na Neameabhrach agus Kneecap Ag Sundance

Caitheann ár gcolúnaí scannánaíochta a shúil ar na saothair a bheidh ar an scáileán mór in 2024

An Gladiator Éireannach, Max na Neameabhrach agus Kneecap Ag Sundance

Kneecap

Faoi mar is eol do léitheoirí an tsuímh seo beidh fadscannán leis na rapálaithe Feirsteacha le feiscint ag féile scannánaíochta cáiliúil Sundance an mhí seo chugainn. An chéad scannán Gaeilge lena leithéid de ghaisce a dhéanamh. Bunaithe ar scríbhinn le Mo Chara, Mógalaí Bap agus DJ Próvaí tabharfaidh an saothar seo léargas ar theacht le chéile an ghrúpa ceannródaíoch seo. Beidh Michael Fassbender agus Simone Kirby le feiscint. Bí ag súil le gearradh agus le greann ón gcroí amach.

 

Cine 4

Tá ceithre shaothar ó Cine4 ar na bioráin ach ní fios an dtiocfaidh aon cheann acu os ár gcomhair in 2024. Tuairiscíodh ar an suíomh seo i dtosach 2023 go rabhthas le tabhairt faoi An Fhidil Ghorm (Abú Media) agus Fréamhacha (Doubleband). Scéal cailín deich mbliana d’aois, Molly, a inseofar in An Fhidil Ghorm. Is é mian a croí ag Molly craobh fidléireachta na hÉireann a bhuachan chun go ndúiseoidh sí a hathair atá i gcóma. Scannán é Fréamhacha faoin tráma agus an lorg a fhágann sé ar dhuine agus ar shaol an duine. Tá Sonc (Tua Films) agus Báite (Danú Media) ar na bacáin chomh maith ach drochsheans go gcífear iad sin go 2025.

Roosevelt

Bhíos ag caint ar an saothar seo ó Martin Scorsese anuraidh ach níor tháinig sé chugainn go fóill. Níl aon chuimhneamh ag an seanfhondúir a cheamara a chaitheamh thar claí. Beidh Martin Scorsese bliain le cois na ceithre scór an t-am seo an bhliain seo chugainn agus seo chugainn é le saothar faoin uachtarán cáiliúil Theodore Roosevelt.Don séú babhta beidh sé i mbun comhghuaillíochta le Leonardo DiCaprio agus beidh sé siúd, ní nach ionadh, sa phríomhról. Tabharfar éachtaint ar shaol eachtrúil Roosevelt ó pháirc an chatha go dtí an Teach Bán. Tá a shúil ag DiCaprio ar a dhara duais Oscar.

Gladiator

Chuir Gladiator an lucht féachana faoi gheasa i mbliain an dá mhíle agus anois tá Ridley Scott ag filleadh leis an dara gála le Paul Mescal na hÉireann sa phríomhról. Díreoidh an scannán seo ar an gcarachtar Lucius (Mescal) ón gcéad scannán atá anois sna fir agus ina impire. Cífear in athuair a mháthair á léiriú ag Connie Nielsen agus fillfidh Djimon Hounsou mar iarchomrádaí Maximus. Tá Denzel Washington agus Pedro Pascal sa chliar chomh maith.

All Of Us Strangers

D’fhéadfadh ana-bhliain a bheith ag Paul Mescal. Tá go leor bús cheana féin faoin saothar seo ina mbeidh sé féin agus Andrew Scott sna príomhróil. Cífear forás an ghaoil idir carachtair na beirte Tá Adam (Scott) gafa faoi chuimhní a óige agus mealltar ar ais chuig an bhfód dúchais é mar a bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil a thuistí atá básaithe ag maireachtaint i gcónaí agus gan lá aoise tagtha orthu.  Saothar rómánsúil osréalaíoch. Jamie Bell agus Claire Foy sa chliar chomh maith.

 

 

Dune

Níl aon dabht ná go mbeidh sé seo ar cheann de scannáin mhóra na bliana. Scannán móreachtraíochta ficsean eolaíochta den scoth ba ea an chéad ghála in 2021. Chinn Denis Villeneuve domhan uathúil Frank Herbert a insint in dhá scannán. Fillfear ar phláinéad Arrakis mar a bhfuil Teaghlach Atreides i ngalar na gcás. Maisiúcháin, aicsean agus carachtair bhreátha.

Scannáin leantacha, réamhscannáin agus craobhacha

Mar is gnáth beimid báite i scannáin leantacha, réamhscannáin, craobhacha nua de chnuasaigh agus “asamhluithe” saothair a raibh rath orthu. Ba shaothar éigiallda neamhghnách é Mad Max: Fury Road a raibh an-ghlacadh leis. Bhíothas an-tógtha le Imperator Furiosa (Chalize Theron) ach seachas leanúint lena scéal siúd agus Max (Tom Hardy) táthar ag tabhairt faoi réamhscannáin bunaithe uirthi le Anya-Taylor Joy mar cheann feadhna. Beidh scannán Alien is Joker eile againn agus sé bliana is fiche tar éis an bhunscannáin fillfidh Michael Keaton mar Bettlejuice.

Fág freagra ar 'An Gladiator Éireannach, Max na Neameabhrach agus Kneecap Ag Sundance'