An Ghraonlainn curtha ar aghaidh na bpiléar ar mhaithe le Trump ‘uilechumhachtach’

Déanfaidh Donald Trump gach a bhféadfaidh sé le haird a tharraingt óna chuid coireanna féin agus le híomhá de féin mar fhear láidir a chruthú

An Ghraonlainn curtha ar aghaidh na bpiléar ar mhaithe le Trump ‘uilechumhachtach’

Tá fainic curtha ag an bhFrainc agus ag an nGearmáin ar na Stáit Aontaithe gan a bheith ag díriú ar an nGraonlainn agus ag iarraidh seilbh a ghlacadh uirthi ón Danmhairg.

Ní taobh leis an nGraonlainn atá mianta Donald Trump – teastaíonn  uaidh canáil Phanama a ghabháil ar ais ón tSín, a deir sé. Tá sé ag iarraidh Murascaill Mheiriceá a bhaisteadh ar Mhurascaill Mheicsiceo nuair a insealbhaítear é agus teastaíonn uaidh dleachtanna troma a ghearradh ar Mheicsiceo agus ar Cheanada. Níor chuir sé as an áireamh ach an oiread go ndéanfadh sé iarracht seilbh a ghlacadh ar Cheanada!

Idir an dá linn, tá sé i mbun aon iarracht is féidir leis an bpionós atá le gearradh air i gcúirt i Nua-Eabhrac inniu (Dé hAoine) a chur ar athlá. Nuair a d’fhógair an breitheamh Merchan go ngearrfaí pionós ar Trump inniu thug sé le fios nach mbeadh aon phríosún i gceist ach leis an dlí a chur i bhfeidhm go gcaithfeadh pionós a bheith ann. Déanfaidh Trump gach a bhféadfaidh sé le haird a tharraingt óna chuid coireanna féin agus faoi láthair is iad an Ghraonlainn agus canáil Phanama atá ar aghaidh na bpiléar.

Deich lá atá idir muid anois agus lá an insealbhaithe agus tá an éiginnteacht agus an chorraíl atá aitheanta le Trump ag treisiú in aghaidh an lae. Caithfear an cheist a chur – cá stopfaidh sé leis na bagairtí seo? Cén uair a leagfaidh sé súil ar an Íoslainn nó orainne?  Creideann sé gur féidir leis a rogha rud a dhéanamh agus tá a leathbhádóir Musk ag díriú a chuid ionsaithe ar an mBreatain le seachtain.

Is deacair a rá céard a chuirfidh Donald Trump inár láthair nuair a insealbhófar é ar an 20ú Eanáir. Bhí sé soiléir i rith an fheachtais toghchánaíochta go raibh sé le leanacht den fheachtas MAGA ag cur na Stát Aontaithe chun cinn ar thíortha eile. Is chuige sin a bhí dleachtanna le cur ar chomharsana agus na milliúin teifeach le díbirt.

Cén bhaint a bheadh ag céannacht na Graonlainne le cur chun cinn na Stát Aontaithe? An mó baint atá aige le tabhairt le fios go bhfuil Trump uilechumhachtach?

Cuirfear tús an tseachtain seo chugainn leis an bpróiseas éisteachtaí trína ndearbhófar cuid de na ceapacháin rialtais atá déanta ag Trump. Cuirfear suim ar leith i gcás Pete Hegseth atá ainmnithe mar Rúnaí Cosanta, i bhfianaise ní hamháin a laghad taithí atá aige ach mar gheall ar an ionsaí in New Orleans an tseachtain seo caite. Tá trí scór go leith ceist curtha ag an Seanadóir Elizabeth Warren ar chlár an chruinniú a mbeidh Hegseth ag freastal air.

Beidh Robert F. Kennedy dá cheistiú an tseachtain seo chugainn freisin chomh maith le Marco Rubio. Níl sceideal iomlán na n-éisteachtaí deimhnithe go fóill ach is féidir a bheith ag súil le ceistiúcháin spéisiúla sna seachtainí seo romhainn.

Ina lár sin ar fad, tá Trump ag iarraidh na Stáit Aontaithe a leathnú agus ag tabhairt le fios go dteastaíonn uaidh an tír a neartú. Cén fhad a leanfaidh sé de na héilimh seo go seasfaidh dream éigin roimhe? Nó an bhfuil córas ann lena leithéid a dhéanamh?

Fág freagra ar 'An Ghraonlainn curtha ar aghaidh na bpiléar ar mhaithe le Trump ‘uilechumhachtach’'

  • Spadalach

    Ní haon iontas go mbeadh
    ‘An Mullach Flannbhuí’
    (“is fearr mullach ná maol”) ag scaothaireacht agus ag cur gothaí na huilechumhachta air féin agus É ag bagairt le linn an ama go ndéanfaidh Sé cantáil ar thíortha eile (nó stráicí díobh) nuair atá Musk, a mhúirnín dílis(?), ag tiargáil chun lonnaíochtaí a bhunú isigh i Mars.
    Aon dul go luathódh Musk leis ar a thuras isteach i Mars, nó áit ar bith eile ar diathair, agus an Flannbhuí a bhreith leis mar ‘Marsupial’ b’fhéidir?