An ghoimh bainte as an uisce, ach an dochar déanta

Is cinnte go bhfuil muinín an phobail caillte go huile agus go hiomlán ag an Rialtas agus tógfaidh sé i bhfad níos mó ná struchtúr nua táillí uisce chun meas an phobail a fháil ar ais.

An tAIre Comhshaoil, Alan Kelly. PICTIÚR:Photocall Ireland
An tAIre Comhshaoil, Alan Kelly. PICTIÚR:Photocall Ireland

Ar Na laochra náisiúnta a bhfuil a ndealbh i lár Shráid Uí Chonaill tá Dónall Ó Conaill é féin, Parnell, Jim Larkin, an tAthair Maitiú, William Smith O’Brien agus… Sir John Gray.

Sir John Cé?

Ní raibh a fhios agam féin ach oiread.

A bhuíochas de Wikipedia, áfach, táim anois in ann a insint do léitheoirí Tuairisc.ie gur máinlia agus polaiteoir a bhí ann, duine de mhórphearsanra ghluaiseacht an náisiúnachais le linn an 19ú chéid.

Ach ní shin an fáth a bhfuil dealbh de i bpríomhshráid phríomhchathair na tíre.

Sir_John_Gray
Dealbh de John Gray ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath

Is mar gheall gurb eisean, mar Ardmhéara Bhaile Átha Cliath sna 1860idí, faoi ndear taiscumar Fheartraí a thógáil i sléibhte Chill Mhantáin – agus an píopa mór a cheanglaíonn an loch sin le cathair Bhaile Átha Cliath.

Sea, is eisean a chuir soláthar poiblí uisce ar fáil do mhuintir na hardchatrach den chéad uair. Agus bhí maithe agus móruaisle Bhaile Átha Cliath chomh buíoch sin de gur thóg siad an dealbh seo ina onóir in 1875.

Meas tú anois, an bhfeicfimid dealbh de Alan Kelly, slánaitheoir Uisce Éireann, taobh leis ar Shráid Uí Chonaill amach anseo?

Nó dealbh de phríomhoifigeach Uisce Éireann, John Tierney, ar an gCeathrú Rua – áit a bhfuil gá chomh mór céanna le córas nua soláthar uisce sa lá atá inniu ann agus a bhí i mBaile Átha Cliath 150 bliain ó shin?

Ní dóigh liom é. Agus ní fheicfimid dealbh de Enda Kenny ach oiread.

B’fhéidir go bhfuil a chuid fadhbanna polaitíochta féin sáraithe ag an Taoiseach leis an ‘socrú’ nua seo faoi tháillí uisce a fógraíodh an tseachtain seo.

B’fhéidir, a deirim.

Is cinnte go bhfuil go leor den ghaoth bainte de sheolta na gluaiseachta frith-tháillí aige; ach is cinnte freisin go bhfuil muinín an phobail caillte go huile agus go hiomlán ag an Rialtas seo de bharr an méid atá tite amach le sé mhí anuas.

Ní dóigh liom go pearsanta gurb iad na táillí féin ba mhó a chuir olc ar dhaoine – ach an síor-útamáil, an cur i gcéill, na híocaíochtaí breise, na comhairleoirí nár theastaigh, na stiúrthóirí a fuair an post mar gheall ar chuinsí polaitíochta.

Tógfaidh sé i bhfad níos mó ná struchtúr nua táillí – go fiú, na táillí is saoire san Eoraip – chun meas an phobail a fháil ar ais.

Go deimhin, seans maith nach bhfaighfear ar ais é.

Ach tá fadhb eile ann, nár tugadh an oiread sin áird air fós: fadhb fhadtéarmach ní don Rialtas ach don tír.

Agus is é sin go bhfuil Uisce Éireann é féin fágtha anois in áit na leathphingne.

Ceal infheistíochta thar na mblianta, tá córas uisce na tíre ag titim as a chéile – ní hamháin ar an gCeathrú Rua ach ar fud na tíre.

Téann 30% den uisce le fána de bharr píopaí atá polltach, meirgeach. Ní féidir an t-uisce a ól ar chor ar bith i gcuid mhaith áiteanna.

Ach má tá cúrsaí go dona faoi láthair, is measa i bhfad a bheidh siad muna ndéanfar infheistíocht ollmhór go luath.

Tá sé ráite go mbeidh 2.2 milliún duine ina gcónaí i mBaile Átha Cliath agus na ceantair máguaird faoin bhliain 2031. Teastóidh 980 megalítear uisce sa lá ó dhaonra den mhéid sin – dhá oiread níos mó ná mar atá córas uisce an lae inniu in ann a sholáthar.

Is chun an scéal seo a chur ina cheart a bunaíodh Uisce Éireann – chun plean práinneach náisiúnta a chur i dtoll a chéile lena chinntiú go mbeadh soláthar ceart uisce ag na glúinte atá le teacht.

Agus seo freisin ceann de na bunchúiseanna ar theastaigh táillí réasúnacha uisce – chun go mbeadh dóthain airgid ag Uisce Éireann chun an plean sin a chur i gcrích.

Táthar ag caitheamh suas le €500 milliún ar mhéadair uisce; ní bhfaighidh siad pingin rua ar ais ar an infheistíocht sin go dtí 2019 ar a luaithe – má fhaigheann anois go brách na breithe.

Nuair atá gach uile shórt curtha san áireamh, ní bheidh de theacht isteach ag Uisce Éireann ó tháillí uisce in aghaidh na bliana ach €140 milliún.

Sa phlean a leagadh amach don chomhlacht an chéad lá riamh, bhí sé i gceist €550 milliún nó níos mó a chaitheamh in aghaidh na bliana ar obair infrastruchtúir amháin.

Is cosúil anois go mbeidh teacht isteach chomh híseal sin ag an gcomhlacht nua gur ar éigean a íocfaidh sé as costais chothabhála – gan trácht ar an gcineál infheistíochta a theastaíonn.

Agus má théann siad ag an Rialtas ag iarraidh déirce, tá an-bhaol ann nach dtabharfaidh an AE cead dóibh…

Bealach eile, ar ndóigh, chun teacht ar an gcineál airgid a theastaíonn ná comhlacht cosúil le hUisce Éireann a phríobháidiú.

Ach tá geallta ag an Rialtas anois nach dtarlóidh sé seo gan reifreann – geallúint a chiallaíonn gur caolsheans a bheadh ann go dtarlóidh sé go brách.

Ní hé an chéad uair é. Ach, ar mhaithe le fadhb ghearrthéarmach shuarach dá gcuid féin a réiteach, tá fadhb nua fhadtéarmach cruthaithe ag an Rialtas.

Cá bhfuil macasamhail Sir John Gray nuair a theastaíonn sé?

-Is colúnaí leis an Irish Daily Mail é Paul Drury

Fág freagra ar 'An ghoimh bainte as an uisce, ach an dochar déanta'

  • Breandán

    Níl mórán Gaeilge agam ach bhí mé in ann an sliocht thuas a thuiscint beagnach go leir. An soiléar. Tiocfaidh mé ar ais.