An Ghaeilge le cloisteáil i bParlaimint Westminster agus reachtaíocht teanga seolta ar aghaidh

Chuir an DUP i gcoinne an bhille a chur ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den phróiseas ach 380 vóta in aghaidh a 4 an toradh a bhí sa pharlaimint

An Ghaeilge le cloisteáil i bParlaimint Westminster agus reachtaíocht teanga seolta ar aghaidh

Claire Hanna, an SDLP

Tá an reachtaíocht teanga don Tuaisceart seolta ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile ar a haistear trí Westminster agus deireadh curtha leis an dara léamh den bhille i bparlaimint Westminster tráthnóna. 

Vótáil teachtaí parlaiminte an DUP i gcoinne an bhille a chur ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den phróiseas. Chuir na haontachtaithe i gcoinne cuid de na forálacha atá leagtha amach sa reachtaíocht.  

D’éirigh leis an rún, áfach – 380 vóta in aghaidh a 4. 

Tabharfaidh an Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) stádas oifigiúil don Ghaeilge sa Tuaisceart den chéad uair. Cheapfaí faoin reachtaíocht beirt Choimisinéirí Teanga, duine don Ghaeilge agus duine don Ultais, agus bhunófaí oifig chultúir agus féiniúlachta. 

Is ag an chéad chéim eile, Céim an Choiste, a bheidh deis ag Teachtaí leasuithe ar an reachtaíocht a mholadh. 

Is í an fhadhb is mó atá ag na hAontachtóirí leis an reachtaíocht ná na cumhachtaí a bheidh ag na coimisinéirí nua atá le ceapadh. 

Dúirt Ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, go raibh an difríocht idir cumhachtaí na gcoimisinéirí “soiléir”. 

Ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson

Faoin reachtaíocht, beidh Coimisinéir na Gaeilge in ann moltaí a dhéanamh do na húdaráis phoiblí maidir le haon teip cloí leis an reachtaíocht ach ní bheidh Coimisinéir na hUltaise ach in ann “comhairle” a thabhairt. 

Dúirt Donaldson go mbeadh Coimisinéir na Gaeilge in ann “iallach” a chur ar na húdaráis, rud nach mbeadh Coimisinéir na hUltaise in ann a dhéanamh agus gur ceist thábhachtach a bhí ansin don DUP a chaithfí a réiteach. 

Dúirt Teachta eile de chuid an DUP, Carla Lockhart, go raibh an t-idirdhealú sna cumhachtaí “maslach” agus go mbeadh leasuithe á moladh ag an bpáirtí ag Céim an Choiste. Choinneodh an DUP orthu ag cur i gcoinne na reachtaíochta mura ndéanfaí na hathruithe cuí uirthi, ar sí. 

Dúirt Lockhart gur mheas sí gur “luach saothair” a bhí sa reachtaíocht dóibh siúd “a bhfuil uirlis chatha déanta acu den Ghaeilge le fada”. 

“Níl grá don teanga ná tuiscint uirthi atá ag na daoine seo agus níltear ach ag iarraidh í a úsáid mar chuid de chath cultúrtha níos leithne,” a dúirt Lockhart. 

Carla Lockhart ón DUP

Dúirt an Teachta Claire Hanna ón SDLP go raibh sé in am an chaint ar ‘uirlis chatha’ a dhéanamh den teanga a fhágáil inár ndiaidh. 

“Is cúis aiféala dom an droch-amhras atá ar go leor aontachtaithe faoin Ghaeilge ach ní bhím ag ligean orm féin nach bhfuil a fhios agam céard is cúis le cuid de.” 

Dúirt Hanna go ndearnadh ‘uirlis chatha’ den teanga san am a chuaigh thart ach nach é sin a bhí i gceist le formhór mór na ndaoine atá á labhairt anois. Níor cheart pionós a chur ar na daoine seo de bharr a raibh ráite ag daoine eile, arsa Hanna. 

Dúirt sí go raibh súil aici go ndéanfadh an reachtaíocht an teanga “a normalú” agus mhol Hanna obair Linda Ervine maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc an phobail Aontachtaigh. 

Dúirt Hanna gur mór an trua an mhoill a bhí ar an reachtaíocht ach, agus í ag labhairt i nGaeilge, dúirt an Teachta “Is fearr go mall ná go deo”. 

Rinne Stephen Farry ó pháirtí Alliance píosa beag cainte i nGaeilge freisin. 

“Tá oidhreacht roinnte ag an nGaeilge agus ag an Ultais i dTuaisceart Éireann. Déanfaidh muid ceiliúradh ar an oidhreacht sin,” a dúirt Farry. Dúirt sé freisin go raibh sé in am bogadh ar aghaidh ón gcaint faoi uirlis chatha a bheith a déanamh den teanga. 

Mhair an plé uile thart ar cheithre uair an chloig agus chuir Aire Stáit an Tuaiscirt, Steve Baker, fáilte roimh na tuairimí a tháinig chun cinn. 

“Díospóireacht a bhí inti a bhí dóchasach agus dearfach uaireanta agus machnamhach agus ina hábhar sóláis uaireanta eile. Ach caithfear a rá gur léiríodh imní agus díomá in amanna eile.” 

Aire Stáit an Tuaiscirt, Steve Baker

Dúirt Baker go raibh an Rialtas ag iarraidh fanacht “dílis go hiomlán” don mhéid a leagadh amach sa dréachtreachtaíocht a aontaíodh ach go gcasfadh sé le Teachtaí a raibh leasuithe le moladh acu agus go dtabharfadh sé cluas éisteachta dóibh roimh an gcéad chéim eile. 

Dúirt sé go raibh súil aige go gcuirfeadh an reachtaíocht tús le “ré nua i dTuaisceart Éireann” maidir le cúrsaí teanga. 

Fág freagra ar 'An Ghaeilge le cloisteáil i bParlaimint Westminster agus reachtaíocht teanga seolta ar aghaidh'

  • Seán Mag Leannáin

    Faoin reachtaíocht nua ceapfar ‘beirt Choimisinéirí Teanga, duine don Ghaeilge agus duine don Ultais, agus bunófar oifig chultúir agus féiniúlachta.’ Is í an fhadhb is mó atá ag na hAontachtóirí leis an reachtaíocht ná na cumhachtaí a bheidh ag na coimisinéirí nua atá le ceapadh. Dúirt Ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, go raibh an difríocht idir cumhachtaí na gcoimisinéirí “soiléir”.

    Muise, beannacht Dé duit, a Jeffrey a chara! N’fheadar cén fáth go bhfuil an difríocht sin ann? B’fhéidir toisc gur teanga í an Ghaeilge a labhraíonn daoine agus nach bhfuil san Ultais ach dris chosáin chun bac a chur le dul chun cinn na Gaeilge sa Tuaisceart. Comhghairdeas le Claire Hanna agus Stephen Farry as a gcuid tacaíochta don bhille agus as a gcuid cainte i nGaeilge sa bParlaimint. Agus mo náire iad Jeffery Donaldson agus a leathbhádóírí sa DUP… níl ag teacht uathusan ach an diúltachas agus an cur i gcéill.