An Ghaeilge ina bac roimh dhaoine i gceantair faoi mhíbhuntáiste ar mhaith leo a bheith ina múinteoirí — Seanadóir

Dúirt an Seanadóir Aodhán Ó Ríordáin tráthnóna go bhfuil an Ghaeilge ina bac ar dhaoine ó cheantair faoi mhíbhuntáiste, ar an lucht siúil agus ar inimircigh atá ag iarraidh dul leis an mbunmhúinteoireacht

An Ghaeilge ina bac roimh dhaoine i gceantair faoi mhíbhuntáiste ar mhaith leo a bheith ina múinteoirí — Seanadóir

Tá ráite ag an Seanadóir Aodhán Ó Ríordáin gur “bac” í an Ghaeilge ar dhaoine ó cheantair atá faoi mhíbhuntáiste atá ag iarraidh dul leis an múinteoireacht bhunscoile agus gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an riachtanas Gaeilge d’iarrthóirí ar áiteanna sna coláistí oiliúna.

Ag labhairt dó sa Seanad tráthnóna, dúirt an Seanadóir ó Pháirtí an Lucht Oibre go bhfuil an Ghaeilge anois ina “bac” ar dhaoine ó cheantair faoi mhíbhuntáiste, an lucht siúil, agus inimircigh ar mhaith leo a bheith ina múinteoirí bunscoile. Thug sé le fios go gceapann roinnt daoine ó na pobail sin gur “bac míréasúnta” í an Ghaeilge orthu agus nach bhfuil “dearcadh dearfach” acu i leith na teanga.

Cé gur i nGaeilge a labhair Ó Ríordáin den chuid is mó inniu sa Seanad, mar a raibh ráitis faoin nGaeilge á ndéanamh, d’iompaigh sé ar an mBéarla agus é ag plé ceist na Gaeilge mar riachtanas iontrála do na coláistí oiliúna.

“I want to say one more thing, and I want it to go beyond the Irish language community, in relation to the training of teachers, I think the Irish language unfortunately has become a barrier to many people who wish to pursue a career in primary school teaching, and I think there is evidence to suggest that people from disadvantaged areas, the Travelling Community and migrants view the Irish language as being an unreasonable barrier for their entry into teacher training colleges,” a dúirt Ó Ríordáin.

Dúirt an Seanadóir nach amhlaidh go raibh sé ag moladh go laghdófaí caighdeán na Gaeilge atá ag múinteoirí ach gur cheart féachaint athuair ar an riachtanas iontrála.

“The suggestion that you should have a high standard of Irish on entering teacher training should be challenged because as we have found in our constituency in the Northside…students who are attending second level DEIS schools don’t have the availabiltiy in those schools for higher-level Irish so they can’t even get the qualification they need because of the school they are attending and we are losing out on generations of excellent primary school teachers who would be fantastic role models because of the communities they come from, because of the backgrounds they come from or because they come from the traveller community,” a dúirt an Seanadóir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre.

Dúirt sé gurb é caighdeán na Gaeilge atá ag daoine ar fhágáil na gcoláistí oiliúna dóibh atá tábhachtach agus ní caighdeán na Gaeilge acu ar dhul isteach go dtí na coláistí dóibh.

Mhol an an Seanadóir Ó Ríordáin arís tráthnóna gur chóir gach ábhar a theagasc trí Ghaeilge i ngach bunscoil ar feadh bliana go dtí rang a dó nó a trí.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge ina bac roimh dhaoine i gceantair faoi mhíbhuntáiste ar mhaith leo a bheith ina múinteoirí — Seanadóir'

  • Liamo

    Thiocfadh glacadh ó bharúil Uí Riordáin go bhfuil sé níos deacra do pháistí atá imeallaithe (lár cathrach, lucht siúl, inimircigh etc) gaeilge a shealbhú. Ní fíor sin. Blianta siar, bhí tionscnamh inar thug Coláiste Gaeilge i gConamara scoláireachtaí do dhaltaí lárcathrach dul siar. D’éirigh go hiontach leis. An féidir a bheith dearfach agus 100 scoláireacht a bhronnadh gach samhradh orthu siúd atá Aodhán ag trácht futhu?

  • Mánus

    Tá ceist i bhfad níos leithne anseo – i.e. i gceantracha áirithe níl ach 1% des na daltaí a ghabhann ar aghaidh go dtí an triú leibhéal. Nár chóir cúrsa Rochtana a chur ar fáil do Coláiste Phádraig agus Colaiste Muire gan Smál chun an lucht siúl agus daoine as ceantracha faoi míbhuntáiste a mhealladh i dtreo na bunmhúinteoireachta (gan trácht ar ar a laghad fir óga a roghnaíonn an bhunmhúinteoireacht). Tá cúrsa Rochtana den scoth á reachtáil ag Coláiste na Tríonóide. Ar an chúrsa Rochtana i gColáiste Phádraig agus/nó Colaiste Muire gan Smál dhéadfaí an Ghaeilge a mhúineadh dóíbh siúd as ceantracha míbhuntáiste nach ndearna an Ghaeilge Ardleibhéal Ardteiste.
    Aisteach nach bfeiceann Seanadóir as Páirtí an “Lucht Oibre” an picitiúr leathan agus an éagothromaíocht ata mar bhunchloch de shochaí NuaLiobarách na hÉireann a chuireann bacanna dochreidte roimh an lucht siúil agus daoine as ceantracha faoi míbhuntáiste.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘I believe in a more tolerant, more equal, and more diverse Ireland.’ a deir Aodhán ar leathanach idirlín Pháirtí an Lucht Oibre.

    Níl sé maith go leor nach bhfuil Gaeilg ar bith sa státsheirbhís ach tá an duine seo anois ag díriú ar earnáil an oideachais. Ní fheicim go bhfuil suim dá laghad ag na sóisialaithe agus ag Páirtí an Lucht Oibre i gceist na Gaeilge agus i gcomhionannas don Ghaeilg.

    ‘Dúirt sé gurb é caighdeán na Gaeilge atá ag daoine ar fhágáil na gcoláistí oiliúna dóibh atá tábhachtach agus ní caighdeán na Gaeilge acu ar dhul isteach go dtí na coláistí dóibh.’

    Dála an scéil, caidé’n caighdeán a bhíonn de dhith sa mhatamaitic, san eolaíocht nó in ábhar ar bith eile agus scoláirí ag dul isteach sa choláiste daofa…?

  • Oscail an Leathshúil Eile, a TG4!

    Seo caint scaoilte gan chruinneas ag an Uasal Ó Ríordáin. Níl an teanga ina bac ar aon duine ná ar aon rud. Is é an rud atá ina bhac ar dhaoine óga in a lán áiteanna ar fud na hÉireann, cuma bocht nó saibhir na háiteanna sin, go bhfuil an córas oideachais as feidhm. (Is fíor, ar ndóigh, gur measa an dífheidhm sna ceantair bhochta agus is orthu siúd ba cheart díriú a chéaduair.) Níl an córas oideachais ag feidhmiú mar ba chóir dó. Na múinteoirí atá in ainm is a bheith ag teagasc Gaeilge, nó a bhformhór, níl sí acu le go dteagascfadh siad í. Ní fada uainn an lá a nochtfar an fheall ollmhór atá á déanamh le fada an lá sa chóras bunscolaíochta – tá an cur i gcéill lofa ar siúl leis na blianta, sea agus sin faoi shúil na Roinne Oideachais. Titim thragóideach i líon na gcainteoirí Gaeilge an toradh atá agus a bheidh air seo, tuilleadh iarratas ar dhíolúine ó staidéar agus ó scrúduithe Gaeilge, tuilleadh daoine óga a ndearnadh éagóir orthu, ar loic an Stát orthu, agus a chuireann an locht, faraor, ar an teanga seachas ar an chóras lofa a loic orthu. Fealltóireacht agus loitiméireacht ar scála ollmhór ag Stát atá naimhdeach don teanga agus don phobal a labhraíonn í. Sea, ‘naimhdeach’ a deirim, mar ní chreidim go dtiocfadh leo bheith chomh diabhalta dall ar na fadhbanna bunúsacha atá sa chóras, ná chomh damanta mí-éifeachtach i dtaca le beartú leasuithe riachtanacha. Is maith atá a fhios ag oifigigh na Roinne Oideachais go bhfuil an Murder Machine fós ag feidhmiú ar fud an stáit (agus áirím an Ghaeltacht anseo freisin). Ní hí lámh shocair na hImpireachta atá ar an stiúir níos mó, ar ndóigh, ach lámh shleamhain oilte lucht ceannais an stáitín shuaraigh bhréan seo, an stáitín seo atá neamhspleách agus náisiúnta agus Éireannach mar dhea, ach a thugann easónóir agus masla do na laochra a shaothraigh agus a throid go calma le go mbeadh Éire ina náisiún mar gach náisiún, agus faoi shaoirse. Seo anois an toradh ar bheartaíocht T. K. Whitaker (‘the greatest Irishman ever’ a thug duine éigin air! Muise!) agus Lemass, agus ar neamh-ghníomhú na gceannairí rialtais uile a lean iad, anuas go dtí Varadkar féin – an fear nach ndéanann beart de réir a bhriathair.