An Ghaeilge an dara teanga is mó tóir don A-Leibhéal agus í imithe chun cinn ar an Fhraincis

Tá an Ghaeilge ar an dara teanga is mó a roghnaíonn daltaí don A-leibhéal ó thuaidh agus titim mhór tagtha ar líon na ndaltaí a roghnaíonn an Fhraincis mar ábhar scrúduithe

An Ghaeilge an dara teanga is mó tóir don A-Leibhéal agus í imithe chun cinn ar an Fhraincis

Tá an Ghaeilge ar an dara teanga is mó a roghnaíonn daltaí don A-Leibhéal ó thuaidh agus titim mhór tagtha ar líon na ndaltaí a roghnaíonn an Fhraincis mar ábhar scrúduithe.

De réir tuarascáil nua a d’fhoilsigh Comhairle na Breataine i dTuaisceart Éireann an tseachtain seo, tá níos mó daltaí ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge don A-Leibhéal ná mar atá ar an Fhraincis, an chéad uair ar tharla sin.

Seachas an Béarla, an Spáinnis an teanga is mó a ndéantar staidéar uirthi ó thuaidh ag leibhéal GCSE agus A-leibhéal.

Léirítear sa tuarascáil Language Trends in Northern Ireland 2023 an laghdú mór atá tagtha ar líon na ndaltaí a roghnaíonn an Fhraincis mar ábhar don A-Leibhéal le scór bliain anuas.

 

 

Tá an cúlú céanna le feiceáil maidir leis an Fhraincis mar ábhar a roghnaíonn daltaí don GCSE.

In 2002, roghnaigh 13,099 dalta an Fhraincis mar ábhar don GCSE agus anuraidh, 3,151 a thug faoin ábhar don GCSE, titim 76%.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil na figiúirí a bhaineann le líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge “seasmhach go maith” ó 2007, nuair a baineadh “a mbuaicphointe amach”.

1,980 a thug faoin scrúdú GCSE Irish anuraidh i gcomparáid le 2,748 in 2007, a deirtear sa tuarascáil.

Deirtear sa tuarascáil Language Trends Northern Ireland Report 2023 chomh maith go bhfuil an tuaisceart ‘chun deiridh’ i measc thíortha na hEorpa maidir le foghlaim teangacha ag leibhéal na bunscoile agus “an t-am ba lú” curtha ar fáil do dhaltaí sa churaclam bunscoile d’fhoghlaim teangacha.

“As na tíortha uile ar mhór-roinn na hEorpa is i dTuaisceart Éireann a chuirtear an t-am is lú ar fáil d’fhoghlaim éigeantach teangacha, d’ainneoin go dtugtar tosaíocht do theangacha ag leibhéal na bunscoile sa Bhreatain Mhór agus in Éirinn,” a deirtear sa tuarascáil.

Seachas aon dea-scéal faoi chás na Gaeilge ó thuaidh, deir Seasamh Mac Eochaidh, Oifigeach Polasaí Oideachais le Gael Linn, gur tuilleadh fianaise atá sa tuarascáil nua seo faoin ghéarchéim a bhaineann le staidéar na Gaeilge agus staidéar teangacha ó thuaidh.

“Tá sé tábhachtach go gcuirtear na figiúirí i gcomhthéacs. Tháinig laghdú ar líon na ndaltaí a dhéanann staidéar ar an Ghaeilge ag GCSE ó 2665 in 2007 go 1519 in 2021, titim de 43%.

“Tá an scéal níos imníche arís ag an A-leibhéal le titim ollmhór in earnáil an Bhéarla. Cé gur ghlac 279 dalta leis an Ghaeilge ag an A-leibhéal in 2007 agus 325 in 2021, ní insíonn na figiúirí nach dtagann ach faoi 50% de na daltaí ó Earnáil [oideachais] an Bhéarla,” ar sé.

Dúirt Mac Eochaidh go bhfuil “meath córasach leanúnach” tagtha ar líon na ndaltaí a roghnaíonn Gaeilge don GCSE agus don A-Leibhéal i scoileanna Béarla.

“Ba chóir go mbeadh fás tagtha ar líon na ndaltaí a roghnaíonn an Ghaeilge mar gheall ar an fhás nach beag a tháinig ar earnáil na Gaelscolaíochta anseo.

“Tá sé soiléir nach bhfuil an cur chuige i leith theagasc na dteangacha ag teacht leis an chur chuige is fearr go hidirnáisiúnta,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge an dara teanga is mó tóir don A-Leibhéal agus í imithe chun cinn ar an Fhraincis'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Teanga amháin seachas/in éineacht le Béarla a bheith éigeantach don GCSE an réiteach chun spás a chruthú do theangacha (agus don Ghaeilge dá réir) sa chóras oideachais ó thuaidh.

  • An Sléibhteoir

    Bhíos ag caint le múinteoir staire ó mheánscoil phríobháideach ó thuaidh le déanaí. Dúirt sé go bhfuil laghdú tubaisteach tagtha ar fhoghlaim an dara theanga sa tuaisceart le scór bliain anuas. Fiú sna scoileanna príobháideacha, níl aon bhéim ar an bhFraincis nó aon rud mar sin. B’ait liom go raibh níos mó daoine ag tabhairt fén bhFraincis im mheánscoil phoiblí bheag tuaithe ná mar atá i mórscoileanna ardnósacha an Tuaiscirt.

    Ní bhíonn ábhair éigeantacha acu dos na A-levels in aon chor, is féidir leo dul gan Mata a dhéanamh fiú!

    Déanann siad 3 nó 4 ábhar do na A levels, seachas an 6/7 a dhéanfaimidne ó dheas. Dar ndóigh, ciallaíonn sé sin go ndéanann siad staidéar i bhfad níos doimhne ar na hábhair siúd.