An fhoireann club rugbaí is fearr ar domhan?

Bua agus díoltas amháin atá ó fhoireann Leo Cullen agus aghaidh á tabhairt acu ar Saracens tráthnóna

An fhoireann club rugbaí is fearr ar domhan?

Johnny Sexton. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Chomh luath agus a fuair Cúige Laighean greim ar Chorn an Pro 14 den tríú huair as a chéile Dé Sathairn seo caite, bhí trácht á dhéanamh orthu mar an fhoireann club rugbaí is fearr ar domhan.

Cinnte tá éacht déanta ag fir Leo Cullen. Níor chaill siad aon chluiche an séasúr seo fós, bíodh sin sa bPro 14 ná i gCorn na gCuradh, an comórtas sinsearach. Mar sin féin, seans gurb é an babhta ceathrú ceannais i gCorn na gCuradh an tástáil is mó a bheas orthu ó thosaigh an séasúr seo i bhfad siar i mí Mheán Fómhair 2019.

Tá an t-ádh ar Chúige Laighean gur i Staid Aviva a bheas cluiche ceathrú ceannais an lae inniu i gcoinne Saracens Londan. Seo é an cúigiú deireadh seachtaine ag foireann Átha Cliath a bheith ag imirt sa staid seo. Thug sé seo deis iontach dóibh dul i gcleachtadh ar imirt i staid fholamh. Ní hamháin sin, ach mar a luaigh mé, bhí an bua acu i chuile cheann de na cluichí sin agus níl ach imreoir nó dhó ar liosta an dochtúra faoi láthair. Ní iontas ar bith é dá bhrí sin gurb iad na Laighnigh rogha na coitiantachta sa choimhlint seo.

Ach curaidh Chorn na gCuradh atá mar fhreasúra acu agus an dá fhoireann ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais an chomórtais seo don dara séasúr as a chéile. Bhí an lá le Saracens, 20-10, sa gcluiche a imríodh in Newcastle anuraidh. Dála an scéil, sin é an uair dheiridh gur chaill Cúige Laighean cluiche rugbaí ar bith.

Ach idir sin agus seo tá na maidí ligthe le sruth ag Saracens. Chinn lucht bainistíochta rugbaí Shasana go raibh an club ag briseadh rialacha maidir leis an uasmhéid tuarastail is féidir a íoc le himreoirí. Mar thoradh ar na himeachtaí seo ar fad d’fhág roinnt imreoirí chéad rogha an club agus is cúis iontais é go bhfuil cead imeartha fós ag Saracens i gcomórtas Chorn na gCuradh.

Is iad Saracens atá ar íochtar thábla an Premiership faoi láthair cé gur éirigh leo an ceann is fearr (40-17) a fháil ar Exeter, foireann atá ar a bharr, an Domhnach seo caite. Seans go raibh aird Exeter ar chluiche an lae amárach sa gcorn seo i gcoinne Northampton.

Fágann sin gurb é comórtas an lae inniu an t-aon seans amháin atá ag foireann Londan greim a fháil ar chorn ar bith an séasúr seo. Beidh siad ar a míle dícheall ag iarraidh a stádas agus a gcáil mar ionadaithe ionraice ar chlubanna rugbaí na hEorpa a chosaint.

Ach caithfidh siad é sin a dhéanamh d’uireasa a leathchúlaí amuigh, captaen Shasana, Owen Farrell. Cuireadh cosc imeartha cúig cluiche air le gairid.

Maidir le cur chuige Chúige Laighean don chluiche seo, is leor a rá go bhfuil siadsan ag súil leis an gcluiche seo ón lá úd i mí Bealtaine seo caite nuair a ghéill siad an chraobh do Saracens. Bua agus díoltas amháin atá ó Leo Cullen. Má bhíonn a chuid imreoirí a leath féin chomh maith agus is féidir leo a bheith beidh sé deacair ag Saracens an díoltas sin a cheilt orthu. Tá mise ag súil le coimhlint dhamanta agus thar a bheith fíochmhar san Aviva inniu agus beidh mise agus na mílte eile thar a bheith díomách má theipeann ar Chúige Laighean.

Faraor, is cúis iontais a bheas ann má éiríonn le Cúige Uladh, an t-aon fhoireann eile ón tír seo atá fós i gCorn na gCuradh. Sa bhFrainc a bheas na hUltaigh agus iad ag tabhairt faoi Toulouse, mór-uaisle rugbaí na hEorpa. Ar fhianaise na himeartha a chonaic muid ó na hUltaigh i gcoinne Chúige Laighean an Satharn seo caite, ní iontas ar bith é gurb iad na Francaigh rogha na coitiantachta. Tá mise den tuairim chéanna.

Fág freagra ar 'An fhoireann club rugbaí is fearr ar domhan?'

  • alan titley

    Bhuel, tá freagra air sin anois!

  • Con Ó Murchú

    Colonials, ruggur amach!