An feitheamh thart agus Comórtas Peile na Gaeltachta ag dul siar go Conamara faoi dheireadh

Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta 2022 á reáchtáil i Leitir Móir an deireadh seachtaine seo agus gach eolas a bheadh uait anseo

An feitheamh thart agus Comórtas Peile na Gaeltachta ag dul siar go Conamara faoi dheireadh

Tá súil go mbeidh na mílte ag dul siar go Conamara an deireadh seachtaine seo agus Comórtas Peile na Gaeltachta ag filleadh faoi dheireadh tar éis briseadh dhá bhliain. 

Bhí an fhéile mhór pheile le reáchtáil ar dtús ag Naomh Anna, Leitir Móir dhá bhliain ó shin ach cuireadh siar í faoi dhó de bharr na paindéime. Tá an lá mór tagtha anois agus súil ag an lucht eagraithe go mbeidh na sluaite scafa chun spóirt agus spraoi i ndiaidh an fheithimh uile. 

Imreofar 27 cluiche ar fad idir seo agus an Luan agus neart imeachtaí eile ar siúl freisin chun daoine a choinneáil ag imeacht, seisiúin cheoil agus Comórtas an Chailín Ghaelaigh ina measc. 

Cathain a bheidh sé ar siúl? 

Cuirfear tús leis an gComórtas anocht ar Pháirc an Mháimín i Leitir Móir, nuair a thabharfaidh an fhoireann bhaile, Naomh Anna, aghaidh ar a gcomharsana ón gCeathrú Rua ag 7pm sa chomórtas sóisir. Beidh seoladh oifigiúil an Chomórtais ann ag 9pm sa Spórtlann le taobh na páirce agus is ann freisin a chraolfar an chéad chlár den tsraith nua ag TG4, Spórt Iris, a bheidh á chur i láthair ag Dara Ó Cinnéide agus Gemma Ní Chionnaith ón 9.55pm. 

Beidh cluichí i gcomórtais na bhfear agus i gcomórtais na mban ar siúl i gcaitheamh an deireadh seachtaine agus tiocfaidh deireadh leis an bhféile nuair a imreofar na cluichí ceannais Dé Luain. 

Cá mbeidh sé ar siúl? 

Is í Páirc an Mháimín lárionad an Chomórtais i mbliana agus Naomh Anna á reáchtáil den dara huair riamh, ba in 2002 a bhí sé ansin an chéad uair. Is ann a bheidh formhór na gcluichí ach beidh cluichí á n-imirt freisin i Ros an Mhíl, ar an gCeathrú Rua agus i Ros Muc Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh. 

Naomh Anna, Leitir Móir agus An Cheathrú Rua. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Cé a bheidh ag imirt? 

Beidh 32 foireann ó cheann ceann na tíre agus thar sáile ag imirt i gcomórtas na bliana seo. Chomh maith le cumainn ó na Gaeltachtaí ar fad, tá Gaeil Chonamara ó Bhostún tagtha chomh fada go Leitir Móir chun páirt a ghlacadh san fhéile den chéad uair. Tá nasc láidir idir an cumann sin agus iarthar na Gaillimhe agus na céadta ón taobh sin tíre tar éis a bheith ag imirt leis na Gaeil agus iad i mBostún. 

Craobh Shinsir na bhFear: Naomh Anna (Gaillimh), An Ghaeltacht (Ciarraí), Bhulf Tón (An Mhí) Daingean Uí Chúis (Ciarraí), An Rinn (Port Láirge), Bearna (Gaillimh), Béal Átha an Ghaorthaidh (Corcaigh), Béal an Mhuirthead (Maigh Eo), Naomh Conaill (Dún na nGall). 

Craobh Shóisir na bhFear: Naomh Anna (Gaillimh), An Cheathrú Rua (Gaillimh), Cill Chomáin (Maigh Eo), An Seanphobal (Port Láirge), Caisleán Ghriaire (Ciarraí), Na Gaeil Óga (Baile Átha Cliath), Gaeil Fhánada (Dún na nGall), Carna-Caiseal (Gaillimh), Gaeil Chonamara (Bostún), Clann na nGael (An Mhí), Na Piarsaigh (Gaillimh), Naomh Abán (Corcaigh) 

Craobh Shinsir na mBan: Naomh Anna (Gaillimh), Maigh Cuilinn (Gaillimh), Gleann Fhinne (Dún na nGall), Cill Chomáin (Maigh Eo), Bearna (Gaillimh). 

Craobh Shóisir na mBan: Naomh Anna (Gaillimh), An Cheathrú Rua (Gaillimh), Clann na nGael (An Mhí), Na Gaeil Óga (Baile Átha Cliath), Micheál Breathnach (Gaillimh), An Clochán Liath (Dún na nGall). 

Cá mbeidh teacht ar na cluichí mura mbeidh tú thiar ann? 

Déanfaidh TG4 agus Raidió na Gaeltachta craoladh cuimsitheach ar an gcomórtas i rith an deireadh seachtaine. 

Tá TG4 le gach cluiche atá le n-imirt ar Pháirc an Mháimín, 13 cluiche ar fad, a chraoladh ar ardáin an stáisiún, idir an cainéal teilifíse agus cainéal Youtube Spórt TG4. Cuirfidh Micheál Ó Domhnaill na cluichí i láthair le tráchtaireacht ó Brian Tyers, Mac Dara Mac Donncha agus Cuán Ó Flatharta. Is iad Aodhán Mac Gearailt, Seán Óg de Paor, Rhona Ní Bhuachalla, Emer Gallagher agus Caoimhín Ó Casaide a dhéanfaidh anailís ar na cluichí. 

Beidh Raidió na Gaeltachta i láthair freisin ag clúdach gach cluiche ó mhaidin Dé Sathairn go dtí tráthnóna Dé Luain. Tá clár speisialta Iris Aniar le craoladh ó Pháirc an Mháimín ag 9.15am maidin inniu freisin. 

Déanfar an tarraingt do Chraobhacha Peile na Gaillimhe 2022 beo ar RnaG Dé Luain freisin agus is é Uachtarán CLG Larry McCarthy a dhéanfaidh an tarraingt. 

Beidh Tuairisc ar an láthair chomh maith le linn an deireadh seachtaine agus tuairiscí agus gailearaithe á bhfoilsiú againn ón gcomórtas.

 

 

Fág freagra ar 'An feitheamh thart agus Comórtas Peile na Gaeltachta ag dul siar go Conamara faoi dheireadh'

  • JP

    Súil agam nach feitheamh fada ar chosa laga a bheidh ann!