Caithfidh muintir na hAndalúise vóta Dé Domhnaigh beag seo i dtoghcháin réigiúnacha a reáchtálfar sa phobal féinrialaitheach sin i ndeisceart na Spáinne. Beifear ag faire thorthaí na dtoghchán seo go géar féachaint cén chrústáil a gheobhaidh na príomhpháirtithe ó na nuafhondúirí polaitiúla, go háirithe Podemos agus Ciudadanos. Is ar Podemos is géire a bheifear ag féachaint toisc go bhfuil croitheadh ceart bainte acu as polaitíocht na Spáinne le bliain go leith anuas faoi mar a dhein a gcomhghuaillithe Syriza sa Ghréig.
Níor bunaíodh Podemos – a chiallaíonn ‘Is féidir linn’ – ach in Eanáir 2014 ach ba ghearr go raibh an lasair curtha sa bharrach acu. Faoi cheannas ollamh óg deisbhéalach as Maidrid, Pablo Iglesias, fuaireadar greim thar oíche ar ualach mór Spáinneach a bhí bréan bailithe de pholasaithe déine rialtas Mariano Rajoy agus an Partido Popular (PP). Trí theacht i dtír ar an míshástacht chomónta – agus trí úsáid ríchliste a bhaint as na meáin shóisialta – d’éirigh le Podemos na céadta míle ball a mhealladh laistigh de chúpla seachtain. Sa Bhealtaine 2014, chríochnaíodar sa cheathrú háit sna toghcháin Eorpacha nuair a bhuadar 5 cinn den 54 suíochán atá ag an Spáinn le 8 faoin gcéad go náisiúnta. Is i neart go mór a chuadar ó shin: léirigh pobalbhreith le déanaí gur ag Podemos atá an tacaíocht is airde i measc an phobail, timpeall 22 faoin gcéad.
Tá préamhacha Podemos sa Movimiento 15-M (‘Gluaiseacht 15 Bealtaine’), gluaiseacht saoránach den eite chlé a bunaíodh mar thoradh ar agóidí a reáchtáladh i Maidrid ar an lá sin in 2011 i gcoinne an dá phríomhpháirtí, an PP agus na Sóisialaigh (PSOE). Tugtar Los Indignados ar an ngluaiseacht seo chomh maith, teideal a chiallaíonn ‘daoine a bhfuil uafás orthu’. Dála na hÉireann deich mbliana ó shin, bhí an iomarca d’fhás geilleagrach na Spáinne bunaithe ar thionscal tógála ar thit an tóin as agus theip ar chuid de na bainc dá dheasca sin. In 2012, d’iarr an Spáinn ar airí airgeadais an Euro teacht i gcabhair orthu agus cuireadh creidmheas suas le €100 míle milliún ar fáil di chun fóirithint ar na bainc. Ní clár tarrthála iomlán a bhí ann ach fós féin cuireadh coinníollacha déine i bhfeidhm a ghoill go mór ar chuid mhaith den phobal. Bhí an dífhostaíocht beagnach chomh hard le 30 faoin gcéad ag an am agus fiú anois níl sí mórán faoi bhun 25 faoin gcéad. Áirítear go bhfuil 50 faoin gcéad den óige as obair, go leor acu ardcháilithe, agus go bhfuil 20 faoin gcéad den daonra faoi líne na bochtaineachta. Díshealbhaíodh go leor as a dtithe agus eagraíodh agóidí i gcoinne an díshealbhaithe ar fud na tíre.
Mar chnámh droma polasaí, creideann Podemos go bhfuil sé mímhorálta fiachas poiblí uile na Spáinne a ghlanadh, gur cheart iniúchadh a dhéanamh ar an bhfiachas, cuid de a chealú agus athstruchtúrú a dhéanamh ar an bhfuílleach. Chuirfí cáin rachmais i bhfeidhm, bheadh srianta ar chíos agus ar uastuarastail agus chiorrófaí an tseachtain oibre go 35 uaire. Dhéanfaí leasuithe tábhachtacha bunreachtúla – go háirithe alt 135 den Bhunreacht a éilíonn go nglanfaí fiachas poiblí – agus dhéanfaí náisiúnú ar chomhlachtaí straitéiseacha. Chuirfí deireadh le díshealbhú daoine agus leasófaí na dlíthe saothair chun cearta breise a thabhairt d’oibrithe. Ba mhian le Podemos go gcuirfí srian le cumhacht na heaglaise Caitlicí agus go mbeadh fáil níos saoráidí ar an nginmhilleadh.
Tá idir cháineadh agus mholadh faighte ag polasaithe Podemos i bhfad is i ngearr. In Éirinn, mhol leithéidí Shinn Féin agus an Pháirtí Shóisialaigh go cranna na spéire iad féin agus Syriza ach tá dúshlán na comparáide sin tugtha ag an socheolaí Peadar Kirby, Ollamh Emeritus le Polaitíocht Idirnáisiúnta in Ollscoil Luimnigh. Scríobh Kirby le déanaí go bhfuil dearcadh i bhfad níos dearfaí ar an stát ag Podemos agus Syriza ná mar atá ag na páirtithe Éireannacha atá i bhfad amach ar an eite chlé agus gur gá dearcadh fabhrach dá leithéid chun claochlú socheacnamaíoch a chur i gcrích. Cuireadh pobalachas (populismo) i leith Podemos chomh maith, gur mian leo gach éinne a shásamh beag beann ar an gcostas a bhainfeadh lena leithéid. Tarraingíodh comparáidí diúltacha le peronismo nó kirchnerismo san Airgintín, fealsúnachtaí polaitiúla a ainmníodh i ndiaidh na nUachtarán Perón agus Kirchner faoi seach, agus dúradh fiú amháin go raibh chavismo ar aigne ag Iglesias, tagairt don bhféile gan teorainn a gheall Hugo Chávez do bhochtáin Veiniséala. Scríobh iriseoir Catalónach mór le rá, Salvador Aragonés, gur deachtóireacht a chuirfeadh Podemos i réim, áit a gcuirfí an comhionannas in ionad na saoirse.
Cé nach bhfuil aon suíochán acu fós sa Congreso de los Diputados i Maidrid, ní féidir teitheadh ó Podemos sa dioscúrsa polaitiúil. Ag deireadh mhí Eanáir, mháirseáil slua mór (100,000 dar leis an póilíní agus 300,000 dar le Podemos) trí lár Mhaidrid chun a dtacaíocht don pháirtí a chur in iúl. Nuair a bhí díospóireacht bhinbeach faoi ‘staid an náisiúin’ ar siúl sa pharlaimint ar 25 Feabhra idir Mariano Rajoy agus ceannaire nua an PSOE, Pedro Sánchez, reáchtáil Iglesias slógadh dá chuid féin díreach lasmuigh de dhoras a raibh El otro estado de la nación (‘Staid eile an náisiúin’) mar theideal air. Thug Iglesias dúshlán do Rajoy dul i mbun díospóireachta beo teilifíse leis, ‘pé áit agus pé uair is mian leis’. Dhein sé neamhshuim ar fad den PSOE agus mhaígh sé gurbh eisean príomhcheannaire an fhreasúra. ‘Ba cheart an díospóireacht faoi staid na tíre a dhéanamh leis an bpáirtí a bhfuil an seans is mó aige an t-olltoghchán a bhuachaint … tá díospóireacht idir mise agus tusa tuillte ag muintir na Spáinne.’
Bhí an díospóireacht oifigiúil sa pharlaimint binbeach as cuimse. An lá dár gcionn, scríobh an colúnaí Fernando Ónega ar an nuachtán Catalónach La Vanguardia go raibh an chuma air nárbh í polaitíocht reatha na Spáinne in aon chor a bhí á léiriú sa pharlaimint ach fantaisíocht ar fad. Cháin sé móiréis an phríomh-aire: ‘Do Rajoy, is í an Spáinn a gheilleagar féin, an geilleagar maith. Is ionann an chuid eile agus an teip agus tá an chuma air nach bhfaca sé duine bocht ina shaol’. Dar le colúnaí eile de chuid La Vanguardia, Lluís Foix, cuirfidh righne agus stuacántacht Rajoy de dhroim seoil é. Chonaic muintir na Catalóine an dobhogthacht sin go soiléir nuair a dhiúltaigh an príomh-aire cead vótála a thabhairt dóibh agus reifreann neamhspleáchais a ghairm mí na Samhna seo caite. Reáchtáil rialtas na Catalóine, an Generalitat, reifreann neamhoifigiúil ar tugadh ‘comhairliúchán poiblí’ air ach d’iarr Rajoy ar Chúirt Bhunreachtúil na Spáinne an cás a fhiosrú. An 25 Feabhra, chinn an chúirt go raibh iompar an Generalitat míbhunreachtúil toisc gur reifreann faoi cheilt a bhí ann. Dúradh sa bhreithiúnas gurbh é an stát amháin a d’fhéadfadh reifreann neamhspleáchais a ghairm. Bua piorrach don phríomh-aire, a déarfadh go leor. Tionólfar toghcháin sa Chatalóin mí Mheán Fómhair agus beidh ceist an neamhspleáchais i lár an aonaigh fós. Tuigeann Podemos é sin agus tá siad ar son rogha a thabhairt do mhuintir na Catalóine maidir lena gcinniúint féin.
Caithfear olltoghchán na Spáinne a ghairm roimh 20 Nollaig 2015. Tá sé ráite go poiblí ag Iglesias gur mian le Podemos an toghchán sin a bhuachaint. Más fíor do na pobalbhreitheanna, tá an PP agus an PSOE pollta go maith acu. Beidh an chéad deis réigiúnach acu os comhair phobal na hAndalúise Dé Domhnaigh agus deiseanna eile as seo go ceann naoi mí go réigiúnach agus go náisiúnta. Ní mar a chéile a bheidh polaitíocht na Spáinne faoi dheireadh na bliana seo agus tá seans ann nach bhfuil an dráma ach ina thús.
Pól Ó Codlata
An bhfuil na forbairtí stairiúil seo mar buile marfach don “pacto de olviado” a bhí bhunaithe le linn an “Transición” i 1975-78? Léiríonn athchruthú an chóras pholaitiúil doimhneacht daonlathas na Spáinne, agus dúil an ghlúin nua fís iomlán nua agus cothrom a chruthú don tíre ilchultúrtha son.