Is léir go raibh baint mhór ag aon aos óg leis an dá reifreann is déanaí, an ceann faoi phósadh comhghnéis agus an ceann a bhain le deireadh a chur leis an mbac ar ghinmhilleadh. Tháinig na sluaite den ghrúpa sin faoi bhun 34 bliain amach ag vótáil, cuid acu a d’fhill ón gcoigríoch chun déanamh amhlaidh, agus chuidigh siad lena chinntiú go ndéanfaí an tOchtú Leasú a aisghairm.
Dream iad na daoine faoi bhun a 34 nach vótálann go hiondúil – fíric ar údar sásaimh í do na páirtithe seanbhunaithe mar léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil tacaíocht láidir ag Sinn Féin, go háirithe, i measc na ndaoine óga sin.
Ach an dtuigfidh an dream seo anois go bhfuil cumhacht acu agus gur féidir leo athrú eile a chur i gcrích chomh maith, athrú ar an gcóras neamhfheidhmiúil eacnamaíochta is sóisialta atá againn sa stát seo?
Den chuid is mó, ní féidir le daoine óga morgáistí a fháil le teach a cheannach ná ní féidir leo ach an oiread teach sóisialta a fháil ón stát. Brúitear isteach san earnáil príobháideach cíosa iad le freastal ar shaint lucht airgid is maoine.
Tá siad ró-óg den chuid is mó le go gcuirfeadh an droch-chóras sláinte isteach orthu an oiread sin, ach ní fhéadfaidís a bheith sásta leis na scuainí fada sna hionaid éigeandála, áit a bhfuil cúram ar fáil má tá airgead agat agus feitheamh fada mura bhfuil.
Ar ndóigh tá srianta orainn ó thaobh polasaí de mar gheall ar rialacha an Aontais Eorpaigh nach gceadaíonn dúinn comhlachtaí stáit a bhunú a rachadh i gcomórtas le comhlachtaí príobháideacha. Tá muid sáinnithe i gcóras airgeadra an euro nach socraíonn rátaí úis ná rátaí malartaithe de réir riachtanas ár ngeilleagar féin ach de réir riachtanas gheilleagair na dtíortha is saibhre san Eoraip. Ní minic gur ionann iad.
Ach seasann na páirtithe a bhíonn i gcumhacht, Fine Gael agus Fianna Fáil, leis an dearcadh nua-liobrálach domhanda seo agus ní chuireann Páirtí an Lucht Oibre ina choinne ach amháin nuair a bhíonn siad sa bhfreasúra. ’Sea, Labour’s Way nuair a bhíonn siad sa bhfreasúra, ach Frankfurt’s Way nuair a bhíonn postanna rialtais acu.
Ach léiríonn na reifrinn gur féidir le daoine óga teacht amach ag vótáil agus athruithe móra a chur i gcrích, agus tá an chumhacht acu freisin fáil réidh leis an gcóras a fhágann gur ag obair taobh amuigh dá dtír féin iad. ‘Sea, tá an chumhacht acu fáil réidh leis an gcóras a thugann tús áite ar a riachtanais féin do shaint agus do bhrabús na ndaoine saibhre is na gcomhlachtaí eachtrannacha.
Maidir leis an dá reifreann is deireanaí, is léir gur spreagadh daoine óga go mór. Bhreathnaíodar ar na bacanna ar phósadh comhghnéis is ar ghinmhilleadh mar rudaí a bhain leis an seansaol is leis an ré atá caite. Ba thábhachtach acu athruithe a chur i bhfeidhm. Agus chinntigh siad go gcuirfí na hathruithe sin i bhfeidhm – os cionn 80% díobh a vótáil ‘TÁ’ sna reifrinn.
Rud amháin ámh a bhí tábhachtach faoi na feachtais sin gurbh as dearcadh agus fuinneamh an phobail féin a d’eascair siad. Mar a dúirt Mary Lou McDonald, uachtarán Shinn Féin, is iad an pobal a bhí i gceannas ar an bhfeachtas, agus ba iad na polaiteoirí a lean iad.
Ach rómhinic i bpolaitíocht na tíre seo, bíonn a gclár féin ag na páirtithe agus is cosúil go minic go mbreathnaíonn siad ar vótóirí mar dhream a chaithfidh an páirtí a leanúint.
Feiceann muid a leithéid go hiondúil sna páirtithe i bhfad amach ar an eite chlé a bhunaíonn frontaí arb iad an aidhm atá leo ná go ngéillfeadh daoine do cheannaireacht an pháirtí.
Ní ghlacfaidh daoine óga lena leithéid de chaimiléireacht agus ní ghéillfidh siad d’údarás na heaglaise, ach oiread.
Tá gá go deimhin le gluaiseacht leathan a bhfuil glór na ndaoine féin le cloisteáil inti. Cinnte is cóir do ghníomhaithe ó pháirtithe a bheith bainteach leis, ach le bheith ionraic i dtaobh dhaonlathas na gluaiseachta agus le meas a léiriú ar a mbaill, chaithfí cloí leis na haidhmeanna a leagtar amach.
Ansin más féidir le páirtithe mianta na ndaoine a chur in iúl go láidir gheobhaidh siad na vótaí a chinnteoidh, b’fhéidir, go ndéanfaí athrú ar an gcóras lofa seo nach bhfreastalaíonn ar riachtanais an phobail.
Tá an tacaíocht ann, más fíor do na pobalbhreitheanna, le go bhféadfaí athrú cuimsitheach a chur i gcrích. Sin má thagann na daoine óga amach ag vótáil.
Níl aon chúis nach féidir linn tithíocht cheart chompordach shocair chinnte a chur ar fáil don uile dhuine. Níl aon chúis nach féidir linn córas ceart sláinte a bheith againn. Agus níl aon chúis go bhfágfaí daoine óga gan dóchas sa todhchaí.
Ach ní thiocfaidh aon athrú ar chúrsaí mura mbeidh na daoine óga céanna sásta an fuinneamh céanna a chaith siad sna reifrinn a chaitheamh le hiarracht córas nua a bhunú i dtaobh rialú na tíre.
Tuigim
Aontaímid ar go leor rudaí, Eoin ach
#1 Ní ginmhilleadh ldt. Sin téarma uafásach aineolach maslach.
#2 Ach an dtuigfidh an dream seo anois go bhfuil cumhacht acu?
Dheara, shur, muna bhfuil nach bhfuil fear acu anseo le é ar fad a fearmhíniú dóibh.
Caithfidh gur tharla an rud ar fad trí thimpiste mar ní fhéadfadh mná é a bhaint amach. Níl comhghairdeas tuillte acu?
#3 “gur féidir le daoine óga teacht amach ag vótáil agus athruithe móra a chur i gcrích” Ar thug tú faoi dearadh nár scríobh tú an focal bean ná an focal mná sa phíosa ar chor ar bith? B’fhearr leat ‘daoine’ agus go háirithe daoine óga. Tuige? Just, le smaoineamh air. Ar nós mná a fhágáil ón stair & ó phictiúirí.
Ach coinnigh ort, bhí tú ag míniú dúinn an méad nach dtuigimid…
Agus le “Tá siad ró-óg den chuid is mó le go gcuirfeadh an droch-chóras sláinte isteach orthu an oiread sin” … úaú. Just úaú.
Pádraig
Taispeánann an pictiúr thuas cé chomh gránna is atá an saol éirithe agus tiocfaidh a lá ceart go leor agus ní bheidh an chumhacht acu ansin agus ní bheidh sí ag gáire