‘An dlí ina iomláine’ le cur i bhfeidhm ar lucht agóide a dhiúltóidh a bhfeithiclí a bhogadh – An Garda Síochána

Tá cúnamh Óglaigh na hÉireann lorgtha go hoifigiúil ag an nGarda Síochána leis na trucailí, tarracóirí, agus feithiclí eile atá sna bacainní a bhogadh as an mbealach

‘An dlí ina iomláine’ le cur i bhfeidhm ar lucht agóide a dhiúltóidh a bhfeithiclí a bhogadh – An Garda Síochána

Lucht agóide ar Shráid Uí Chonaill. Pictiúr: Sasko Lazarov / RollingNews.ie

Tá sé ráite ag Leas-Choimisinéir an Gharda Síochána go gcuirfear “an dlí ina iomláine” i bhfeidhm ar lucht agóide a dhiúltóidh a bhfeithiclí a bhogadh as an mbealach.

Dúirt an Leas-Choimisinéir Shawna Coxon go bhféadfadh na bacainní atá déanta ag tiománaithe trucailí agus tarracóirí ar bhóithre móra na tíre cur isteach ar an soláthar bia, uisce glan, breosla, agus beatha d’ainmhithe – rud a bheadh “in aghaidh an dlí”.

“Is coireanna faoi reachta éagsúla faoin Acht um Ord Poiblí agus faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre é bac d’aon ghnó a chur ar ghluaiseacht feithiclí agus daoine,” a dúirt Coxon.

Tá cúnamh Óglaigh na hÉireann lorgtha go hoifigiúil ag an nGarda Síochána leis na trucailí, tarracóirí, agus feithiclí eile atá sna bacainní a bhogadh as an mbealach.

Leas-Choimisinéir an Gharda Síochána Shawna Coxon Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan go bhfuil sé “seanbhunaithe sa dlí” gur féidir le hÓglaigh na hÉireann cúnamh a thabhairt don Gharda Síochána sa chás go n-iarrtar sin. Tá Gardaí ag iarraidh trealamh cumhachtach an Airm le feithiclí móra a iompar.

“Bainfear feithiclí móra atá ag cur bac ar infreastruchtúr ríthábhachtach [den bhóthar]. Ba cheart d’úinéirí na bhfeithiclí sin iad a bhogadh láithreach ar maidin agus níor cheart dóibh gearán a dhéanamh faoi aon damáiste a dhéanfaí do na feithiclí agus iad á mbaint.

Dúirt sé gur sárú ar “chearta bunúsacha an duine” é an bac atáthar a chur ar an rochtain atá ag an bpobal ar bhreosla agus ar uisce glan.

Thosaigh an agóid faoi phraghas an bhreosla trí lá ó shin agus tá príomhbhóithre i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile ar fud na tíre blocáilte ag na tiománaithe trucailí agus tarracóirí. Tá bacainn curtha ar scaglann ola an Gheata Bháin i gCorcaigh agus ag calafoirt i nGaillimh agus i Luimneach freisin.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin nach ndearna lucht na hagóide ag an scaglann ag an nGeata Bán ná ag an iosta breosla i bhFaing i Luimneach aon iarracht “idirbheartaíocht fhónta” a dhéanamh sular chuir siad an bhacainn ar na háiteanna sin.

Fág freagra ar '‘An dlí ina iomláine’ le cur i bhfeidhm ar lucht agóide a dhiúltóidh a bhfeithiclí a bhogadh – An Garda Síochána'